Laethanta Idirnáisiúnta Eile...

Colm Duffin

Is iomaí lá idirnáisiúnta atá againn chun comóradh a dheánamh orthu siúd a chuidíonn linn agus atá tábhachtach againn.

Is maith ann é Lá Idirnáisiúnta na mBan le laochas agus le miotal na mban a tháinig romhainn, atá againn anois agus a thiocfaidh inár ndiaidh a chomóradh. Agus is iontach go mbíonn Lá na Máithreacha agus Lá na nAithreacha sa mhullach air sin chomh maith le cois Lá na Seantuismitheoirí.

Ach rith sé liom ansin go bhfuil go leor laethanta amuigh ansin a ndearna muid faillí iontu go dtí seo – agus ba mhaith an mhaise an t-aincheart sin a chur ina cheart faoi dheireadh thiar thall.

Seo agat mar sin cúpla lá is ceart a tharraingt chugat féin amach anseo:

11 Eanáir: Lá Seas i Slodán agus Fliuch Cara Leat

Tá líon na bpoll sna bóithre ag dul i méad i rith an ama – easpa airgid agus acmhainní gan trácht ar fhuacht an gheimhridh is cúis leis sin is dócha.

Ach is olc an poll sa bhóthar nach dtéann chun leasa do dhuine éigin.

Níl de dhíth ar an lá seo ach buataisí agus fearthainn (comhairle chríonna: ná bac an ceiliúradh seo lá seaca ná lá sneachta) agus cara ionúin atá dall ar do chuid diabhlaíochta. Scairt anall air nó uirthi agus tabhair léim mhór ard isteach i gcroí an phoill (dá mhéad uisce agus dá shalaí an poll is ea is fearr é) agus féach an meangadh mór gáire a dhéanfaidh siad leat.

(Séanadh: Ní ghlacann Meon Eile aon fhreagracht as aon ghriosáil a thabharfar duit)

22 Feabhra: Lá na hAontascála

Cé go mbíonn Lá na bhFear againn gach bliain (19 Samhain mar eolas daoibh), is é a déarfadh na mná gur mó i bhfad a oireann Lá na hAontascála do dhíograis na bhfear ná Lá Idirnáisiúnta na bhFear féin.

Moltar d’am a ghlacadh agus gan níos mó ná an t-aon chloch amháin a bheith ar do phaidrín ag aon am amháin ar an lá áirithe seo.

Ach beidh mná sna ceithre hairde ag leagan amach go mbíonn fir an domhain á cheiliúradh seo go dílis dúthrachtach gach uile lá den bhliain mar is léir ón ráta íseal éifeachtúlachta agus táirgiúlachta a chleactaimid mar fhir, dar leo!

4 Bealtaine: Lá gan Fobhrístí & 5 Bealtaine: Lá Domhanda na Lom-Gharraíodóireachta

Ní fios an comhtharlú é go díreach nó an é go raibh bród corpartha faoi leith ar an té a cheap gur cheart an dá lá áirithe seo a eagrú díreach i ndiaidh a chéile.

Deirtear ar ndóigh gur teampall é ár gcorp agus más mar sin atá, ceiliúraimis agus móraimis é!

Agus beidh lucht ceiliúrtha an dá lá seo níos sásta arís eile nó is ar an Aoine agus an Satharn a thiteann an dá fhéile seo i mbliana. Bíodh Leanbh Phrág amuigh agaibh do lá gréine agus ní lá na gaoithe móire…don Satharn go háirithe!

Seoltar imeartais focal na garraíodóireachta agus an corp lomnocht ar chártaí poist chuig an eagarthóir!

2 Meitheamh: Lá Fág an Oifig Luath

Ná luaigh seo leis an bhas go dtí an lá féin…agus déan cinnte de gur thairg tú cupán mór tae agus bonnóg úr sheacláide dóibh.

Fág dialann an tráthnóna folamh. Fág slán ag oifig ag am lóin, buail le cara, tabhair faoi shiúlóid dheas faoin aer, nó cuir críoch leis an gharraíodóireacht sin a d’fhág tú i do dhiaidh ag tús mhí na Bealtaine!

13 Lúnasa: Lá na gCiotach

An lá is ciotaí amuigh – caithimis go cineálta leo agus glacaimis trua dóibh!

6 Meán Fómhair: Lá i gCoinne na Moilleadóireachta

Maith nó olc an córas oideachais, is é rud a theagasc sé ceacht saoil fíorthábhachtach amháin dom. Conas am a chur amú go héifeachtach.

Bhí dúil as cuimse ag mo thuismitheoirí i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh gach bliain. Ní hé gur bhain siad sásamh míthrócaireach as bheith ag amharc ar a bpáistí agus iad cráite ag na leabhair agus ag an staidéar. Ach is amhlaidh ba léir dóibh go raibh fonn níba mhó orainne an t-am sin bliana thar aon chuid eile den bhliain an féar a bhaint, na soithí a ní, an tábla a réiteach, urlár na cistine a scuabadh, an leithreas a ghlanadh go fiú…aon rud, aon rud faoin spéir ach cromadh ar na leabhair!

Dá mbeadh an Roinn Oideachais cineálta go leor agus cáilíocht cheart a dhéanamh den mhoilleadóireacht, bheadh céim le céadonóracha, máistreacht le gradam agus PhD crochta ar an bhalla agam gan stró faoin am seo. Go deimhin réiteoinn mo CV do phost mar Ollamh le Moilleadóireacht…dá dtiocfadh liom 20 bomaite a spáráil ar ndóigh.

Close
Close