Lá na dTorthaí

Lá na dtorthaí Ard-Leibhéil a bhí ann do dhaltaí Thuaisceart na hÉireann inné. 

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine óga ar éirigh leo ó thuaidh; bhain 98.3% de dhaltaí grád A*- E.

Rud maith atá ann do scoláirí agus muinteorí chomh maith gan dabht ach cad é an tionchar a bhíonn ar mheon na ndaltaí agus iad a tabhairt faoi na scrúdaithe seo?

Labhraíonn daltaí ó Coláiste Ciatríona in Ard Mhacha faoin bhrú a bhíonn orthu i rith an dianstáidéir uilig.

Lena chois sin labhraíonn bainisteoir ar Ghael Chúrsaí, Colma McKee, faoin rud is fearr do dhaltaí a dhéanamh agus iad ag smaoineamh ar an cheád chéim eile.

Close
Close