Na Crosóga & Lá Fhéile Bríde

Seo an chéad lá Feabhra agus inniu déanfar ceiliúradh ar Lá Fhéile Bríde, a bhfuil a phréamhacha sa tseanfhéile Imbolg.

Deirtear gur bhandia ag na Ceiltigh í Bríd go stairiúil.

Bhí tionchar aici ar an talamh, ar an aer, ar an tine agus ar uisce, agus tugtar Muire na nGael uirthi uaireanta chomh maith.

Síltear gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi inniu.

Is traidisiún láidir í Crosóg Bhríde anseo in Éirinn go fóill agus ag an am seo den bhliain déantar ceardlanna crosóige fud fad na tíre.

Labhair Meon Eile le Cormac Ó Donnghaile i mBéal Feirste agus é ag teagasc na seancheirde i measc an phobail Ghaelaigh i gCultúrlann McAdam Ó Fiach.


Close
Close