Is páipéar litmis é Acht Gaeilge, ach cén dath a bheidh air?

Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Tá sé beagnach coicís ó shin anois ó foilsíodh píosa i nuachtán ó thuaidh inar cuireadh in iúl go raibh urfhuascailt ar na bacáin maidir leis an tsáinn pholaitiúil ina raibh muid.

Cúis iontais a bhí ann do go leor ag an am.

B’fhéidir gur soiniciúlacht a thagann le haois agus gealltanais nár coimeádadh ba chúis leis an iontas, ach ba léir go raibh substaint taobh thiar den scéal nuair a cuireadh in iúl go mbeadh imreoirí móra ar nós Therese May agus Leo Varadkar ag teacht chun páirce.

Ar ndóigh, chualathas na ráflaí ach bhí aird na meán dírithe ar Ard-Fheis Shinn Féin thar an deireadh seachtaine, agus níorbh é go dtí an Luan go raibh ceist na gcainteanna mar is ceart i lár an aonaigh, agus ceist Acht na Gaeilge chun tosaigh ar fad iontu.

Is cosúil go raibh ‘réiteach’ ar an tábla a raibh glacadh leis, a bheag nó a mhór.

Ba é a bhí ann go mbeadh trí ‘acht’ ann, ceann don Ghaeilge, ceann don Ultais, agus ceann eile, a bhí measartha doiléir, dar le go leor, inar clúdaíodh meas agus cultúr.

Cé go raibh dóchas ann, bhíothas ann a bhí den tuairim go raibh sé ‘rómhaith le bheith fíor,’ agus, mar is dual sa chuid bheag seo den domhan, tháinig tuar faoin tairgneacht.

A luaithe agus a thosaigh daoine áirithe ar Twitter agus sna meáin go ginearálta ag gríosú an phobail aontachtaigh le seasamh in aghaidh Achta, ba léir go raibh an próiseas i dtrioblóid.

Sa deireadh, ní raibh an mhuinín ná an cheannasaíocht ag an DUP dul sa seans agus lámh an chairdis agus an athmhuintearais a shíneadh amach agus thit an tóin as na cainteanna.

De réir foinsí áirithe, níor ullmhaigh an DUP a lucht leanúna mar is ceart chun glacadh leis an réiteach seo agus shíl ceannairí áirithe sa pháirtí go dtiocfadh an cinneadh aniar aduaidh ar a gcuid vótóirí.

Ar ndóigh, is ar Shinn Féin a leag an DUP an locht, ag maíomh go raibh forlámhas cultúrtha á iarraidh acu, cé go bhfuil fianaise ag teacht chun tosaigh gur ó pheann an DUP féin a tháinig leagan amach an réitigh a bhí ar an tábla.

Agus deireadh leis na cainteanna ‘i láthair na huaire’, tagann ceist bhunúsach chun tosaigh – an bhfuil cás ar bith ina mbeidh glacadh le hAcht na Gaeilge i measc an phobail aontachtaigh go deo?

Nó, an amhlaidh go bhfuil an ghráin atá ag cuid dá bpolaiteoirí don Ghaeilge chomh fadbhunaithe agus chomh nimhiúil sin gur ceist í seo nach féidir a fhuascailt?

Maíonn aontachtóirí nach bhfuil aon deacracht acu leis an teanga per se ach go ndearna Sinn Féin an teanga a pholaitiú.

Níl le déanamh, áfach, ach súil a chaitheamh siar go dtí deireadh an 19ú céad agus feicfear go raibh feachtas leanúnach ar bun ag polaiteoirí aontachtacha le deireadh a chur leis an Ghaeilge sa chóras oideachais.

Mhair an ‘polaitiú’ seo ar feadh i bhfad, agus maireann go fóill.

Chuaigh sé in olcas i ndiaidh 1922 nuair a chuir an rialtas nua aontachtach sraith de pholasaithe i bhfeidhm sa chóras oideachais ó thuaidh a chuirfeadh deireadh ar fad leis an Ghaeilge sa chóras bunscolaíochta agus a dhéanfadh imeallú ar fad ar chainteoirí Gaeilge ar feadh 60 bliain ina dhiaidh sin.

Cuid lárnach den choilíneachais atá ann, ar ndóigh, gné ar bith den dúchas a choinneáil faoi smacht mura mbíonn an ghné sin le leas an choilínigh féin agus is cosúil gur ansin a luíonn croí na faidhbe.

Amharcann bunús aontachtóirí anois ar cheist Acht na Gaeilge mar ghéilleadh do Shinn Féin agus d’ath-Ghaelú na hÉireann.

Nuair a bhíonn dream amháin i gceannas ar feadh i bhfad i sochaí ar bith amharcann siad ar chearta a roinnt mar chearta agus mar phribhléid s’acu féin a ghéilleadh, agus déanfaidh siad agus déarfaidh siad rud ar bith, dá nimhiúla agus dá bhréagaí é, chun an ‘dream’ eile a choinneáil faoi dhiansmacht.

Ar ndóigh, déarfaidh an DUP go bhfuil ‘meas’ acu ar ‘fhíorchainteoirí’ Gaeilge agus séanfaidh siad go deo go ndearnadh aon leatrom ar an teanga ach tá a fhios againn uile gur nós leis an bhunaíocht a leagan féin den stair a chumadh.

Tá ceist Acht na Gaeilge anois mar ‘tástáil’ ag náisiúnaithe ar thoil an DUP cumhacht a roinnt ar bhonn cothrom.

Beidh le feiceáil cén dath a bheidh ar an pháipéar litmis.

Close
Close