Is í an Nollaig í, ach an bhfuil sí imithe thar fóir? #2

Ciara Mhic Cathmhaoil

An tseachtain seo a chuaigh thart phléigh Ciara cuid de bealaí ina bhfuil an Nollaig imithe thar fóir le tamall anuas. An tseachtain seo pléann sí nithe eile a shíleann sí atá imithe as smacht i dtaobh an tséasúir de...

Féilirí Aidbhinte

Nuair a bhí mise óg bheadh an t-ádh dearg ort féilire aidbhinte amháin a bheith agat sa teach le píosa seacláide taobh thiar de gach fuinneog le roinnt amach idir na páistí nó le sealanna a ghlacadh achan lá le ceann iomlán a fháil. Anois bíonn ar a laghad féilire seacláide an duine sa teach agus sin más drochmhamaí thú (fuair muid féin ceann don bhabaí nach dtuigeann cad é atá ag dul ar aghaidh mar sin tá an locht orainn féin!).

An mamaí is fearr i gclós na scoile, faigheann sí féilire Lego an duine do na páistí mar tá sí ag smaoineamh ar fhorbairt scileanna innealltóireachta agus mar rud breise clúdaíonn sí 24 leabhar Nollag le páipéar, le ceann a oscailt achan oíche agus a léamh le chéile. Tá sí buartha faoi scileanna litearthachta a páistí (a mhalairt liomsa atá ag dul a thabhairt líonadh fiacaile dóibh!) Bheadh a féilire féin aici le huachtar craicinn nó smideadh de chineál éigin taobh thiar de na doirse gach lá chomh maith agus ní smaoineodh sí riamh ar cheann fíona a fháil.

Eispéireas Dhaidí na Nollag

Mar a dúirt mé roimhe, bheadh a t-ádh orainne Daidí na Nollag (le feasóg olann chadáis!) a fheiceáil agus griangraif a fháil den ócáid le cur in airde sa teach. Chuirfeadh mo mhamaí ár n-éadaí is fearr orainn don eachtra iontach seo, chomh speisialta agus a bhí sé. Na laethanta seo tá paistí dubh dóite ag amharc ar Dhaidithe na Nollag. Glactar iad chuig na hionaid siopaíochta ar ndóigh ach ní thiocfadh leat sin amháin a dhéanamh gan lucht Instagram ag caint fút agus tá cúpla rogha agat le heispéireas do pháiste a shaibhriú. Tá na páirceanna seo ann a chuireann maisiúcháin ar fud na haite agus a ghlacann thú, le draíocht ar ndóigh, chuig an Phol Thuaidh agus teach Dhaidí na Nollag féin. Ní ghlacann siad le draíocht nó spiorad na Nollag mar íocaíocht. Nó tá beagnach gach óstán ar fud na tíre ag ofráil oíche le Daidí na Nollag ina dtagann sé chuig an seomra le bronntanais. Ach má tá tú ag iarraidh na pictiúir is fearr a fháil don ‘Gram’ - brón orm - agus an t-eispéireas is fearr a thabhairt do do pháistí, caithfidh tú cuairt a thabhairt ar an Laplainn! Ná smaoinigh ar an chostas nó ar an turas fillte fada a dhéanamh taobh istigh de 24 uair an chloig. Smaoinigh ar aghaidheanna do pháistí agus na cuimhní saoil atá sibh ag cruthu, agus ar ndóigh na haischlibeanna!

An Nollaig in 2028

Is fíor mar sin go bhfuil cuid mhór athruithe i ndiaidh theacht ar an Nollaig ó bhí mise i mo pháiste go dtí an lá atá inniu ann ach, le fírinne, tá na hathruithe is mó i ndiaidh tarlú le blianta beaga anuas. Beidh eispéireas iomlán difriúl den Nollaig ag mo pháistí ná mar a bhí agamsa agus cuireann sin mé ag smaoineadh ar an sórt eispéireais a bheas ag mo gharpháistí. Tosóidh an Nollaig go hoifigiúil i mí na Samhna nó mar a thabharfar air ansin, mí na RéamhNollag. Rachaidh siad ar scoil ar charranna sleamhnáin mhóra phoiblí tarraingthe ag 12 réinfhia agus athrófar culaith scoile go dtí dearg agus glas don tréimhse seo agus bróga sióg le cloigíní orthu ar achan pháiste. In ionad féilirí aidbhinte ansin beidh achan lá cosúil le maidin Nollag le 24 charachtar dhifriúla ag teacht isteach chuig an teach gach oíche agus na páistí ina gcodladh, fríd na fuinneoga, gaothairí, Bluetooth, srl. Agus don ócáid mhór ar Oíche Nollag féin beidh aisteoirí fostaithe ag achan teach le dreapadh anuas an simléar agus na bréagáin a chur amach. Ach ná bí buartha mar beidh turcaí tirim acu don dinnéar go fóill mar tá rudaí ann nach dtiocfaidh athrú orthu choíche.

#beannaithe #spioradnanollag #turcaítirimabú

Close
Close