Is í an Nollaig í, ach an bhfuil sí imithe thar fóir? #1

Ciara Mhic Cathmhaoil 

Nuair a bhí mise i mo pháiste agus an saol níos simplí, bhain muid an-sult as na rudaí ag baint leis an Nollaig: ag dul go dtí lár na cathrach le Daidí na Nollag a fheiceáil ag lasadh na soilse agus ag caitheamh milseáin amach chuig an lucht féachána (dá mbeadh an t-adh ort bhéarfeá ar rud eigin nó muna mbeadh an t-adh ort bhuailfeadh pacásite Frosties ar an cheann thú... ní raibh mo mhamaí róshásta an bhliain sin!), ag dul ar cuairt chuig ceann de na hionaid siopaíochta leis an seans le labhairt le Daidí na Nollag agus rud plaisteach a fháil uaidh, ag amharc ar Santa Claus: The Movie le trilseacháin i mo chuid gruaige ar Oíche Nollag agus, ar ndóigh, an ‘Phríomheachtra’, ag dul síos maidin Nollag chuig an rothar/cabbage patch kid/Mr. Frostie a d’fhág an fear é féin duit.

De réir mar a d’éirigh mé níos sine agus go háirithe i ndiaidh domh páistí a bheith agam, mothaím athrú ar rudaí. Tá achan rud níos mó, níos costasaí, níos faide, i ndairíre níos drámatúla! (cuirim an locht ar Instagram!).

Seo iad cuid dena hathruithe is mó a fheictear domhsa a tharla:

An tSíóg ar an tSeilf

Nó mar a chuirimse air ‘An Phian sa Tóin ar an tSeilf’.

Síóg a thagann chuig an teach le súil a choinneáilt ar na páistí do Dhaidí na Nollag ar feadh 24 lá.  Ar dtús baire níl a fhios agam an draíocht na Nollag atá i gceist leis seo ach mothaíonn an 24 lá sin mar a bheadh bliain iomlán ann! Suíomh difriúil a chruthú achan oíche agus níl achan tuismitheoir sásta seo a admháil ach tá muid i gcomórtas le chéile. I gcomórtas le rud níos bunúla a dheanamh sa dóigh is go mbeidh páistí s’againne abálta an scéal is fearr a bheidh acu ar scoil an lá dár gcionn... ag magadh, tá muid á dhéanamh d’Instagram! Chomh maith leis seo caithfidh tú do theach a scriosadh leis na suíomhanna seo a chruthu. Cén sort spíodóra ó Dhaidí na Nollag a bheadh ag caitheamh plúir thart fán áit le haingeal sneachta a dhéanamh ann?!  Mála guail go cinnte aige maidin Nollag.

Maisiúcháin 

Nuair a bhí muid óg, is cuimhin liom go maith go fóill, bhí cúpla mála/bosca a tháinig anuas ón ailéar achan bhliain agus bheadh a fhios againn cad é a bhí in achan cheann sular ghlac mo mhamaí amach iad: idir na cinn a síneadh amach cosúil le bosca ceoil, na rudaí ealaíne a rinneadh ar scoil achan bhliain roimhe agus iad ag titim as a cheile, soilse ildaite don chrann agus gléthéip dhubh agus cánna sneachta le cuma ‘Nollagúil’ a chur ar na fuinneoga. Na laethanta seo amharcann na comharsana ort le tarcaisne muna bhfuil tréad réinfhia leictreach ag innilt i do gháirdín tosaigh agus íomhá de shneachta á thitim ag teilgeadh ar bhinn do thí. Tá níos mó na crann amháin ag cuid mhaith daoine agus iad máisithe sa doigh is go dtéann siad le scéim dathanna gach seomra ar leith. Sílim go bhfuil sprioc intuigthe ann go mbeidh an bua ag an duine a mbíonn an teach acu is cosúla le fochla Dhaidí na Nollag.

Bronntanais

Sa lá atá inniu ann tosaíonn daoine ag siopaíocht don Nollaig thart fán samhradh agus ní chuireann sin iontas ar bith orm. Rinne mise liosta do bhronntanais atá le ceannach agam agus bhí sé chomh fada sin gurbh éigean domh sos a ghlacadh sa lár! Tá an chuma ar an scéal go gcaithfidh muid rud a fháil d’achan duine a d’amharc orainn i rith na bliana. Tá sé bhronntanas le ceannach agam ar son m’iníne do na daoine a chuidíonn léi ar scoil! Sé cinn! Seo uilig le déanamh gan fiú smaoineadh ar bhronntanais ó Dhaidí na Nollag. Déanaim achan iarracht na rudaí a fhaigheann siad ón Fhear Mhór a choinneáilt ciallmhar ach tá a fhios agam go mbeidh brú ann nuair atá siad uilig ar scoil agus ag déanamh comparáide lena gcairde idir na rudaí a fuair siad nó mar a smaoiním air, ag imirt an chluiche ‘Cé hé peata Dhaidí na Nollag’?! “Ó, fuair tusa rothar? Sin é? Fuair mise rothar fosta ach ní raibh ansin ach líontóir stóca! Chomh maith leis sin fuair mé ticéidí le dul chuig Little Mix, x bosca, guthán póca, mo charr féin agus turas chuig an ghealach!”

Beidh tuilleadh againn ó Chiara ar an tseachtain seo chugainn.

Close
Close