Concubhar Ó Liatháin
SARA dtosnaím ar an gceist seo, táim chun rogha a thabhairt don léitheoir. Má cheapann tú, ag am ar bith agus tú ag léamh an ailt seo, go bhfuilim ag dul róghasta duit, is féidir leat imeacht ón alt agus filleadh nuair a bheidh tú reidh chun ceisteanna doimhne tromchúiseacha faoin dtodhchaí a phlé go réasúnta.
Tuigfidh tú cén fath a bhfuilim á rá seo nuair a deirim gurb í an cheist atá faoi chaibidil ná athaontú na tíre.
An bhfuil aon am maith chun ceist athaontú na tíre a phlé? Nó cad iad na cúinsí is gá a bheith i réim le go mbeimid ábalta aghaidh a thabhairt ar an gceist chonspóideach seo in aon slí?
Le déanaí tá go leor cainte déanta faoi athaontú na tíre ag polaiteoirí éagsúla, cuid acu á mholadh, tuilleadh nach gceapann go bhfuil sé ciallmhar fiú a bheith ag caint faoin ábhar.
Níl aon dul as, ní dóigh liom.
Ba mhaith linn go léir go mbeadh Comhaontú Aoine an Chéasta ag feidhmiú go foirfe, go deimhin go mbeadh sé amhlaidh ar feadh roinnt bliana faoin am seo ós rud é go bhfuil ceathrú céid caite, nach mór, ó tháinig an socrú síochána ar an saol.
Fiú is nach bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta ag feidhmiú go foirfe, tá sé fós ina cháipéis bheo agus, iontas na n-iontas, tá páirtíocht aisteach de pháirtithe a bhí naimhdeach dá chéile go traidisiúnta ag oibriú sna hinstitiúidí a bunaíodh de bharr an Chomhaontaithe, socrú a fuair mandáid uile-oileánda.
De réir foráil sa Chomhaontú céanna, is faoi Statrúnaí an Tuaiscirt an cinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart reifreann a bheith ann faoi aontú na tíre. Agus má dhiultaítear don rogha ar an gcéad iarraidh, beidh reifreann ann gach seacht mbliana go dtí go mbeidh an toradh ceart ann.
Tá an bealach go dtí reifreann ar an dtaobh ó thuaidh soiléir ach níl sé ráite cé a dhéanfaidh an cinneadh faoi amáil an reifrinn ó dheas. Tá gá le reifrinn ar dhá thaobh na teorann ar ndóigh agus torthaí dearfacha dá réir ar an dá thaobh.
Ní fios ach chomh beag cad a thitfidh amach má bhíonn diúltú ar thaobh amháin tráth a bhíonn dearbhú ar an dtaobh eile.
Cuid den chaint ó dheas den teorainn chuirfeadh sé olc ar mo leithéidse atá tar éis isteach is amach le 20 bliain a chaitheamh ó thuaidh – deir polaiteoirí ar nós an iarThaoisigh John Bruton nach mbeadh sé d’acmhainn ag geilleagar na 26 Chontae an bhearna a d‘fhágfadh imeacht na mBriotanach a líonadh. Tá an tUasal Bruton ag caint ar an £10 billiún a íocann Státchiste na Breataine go bliantúil as an tseirbhís phoiblí thar an airgead a shaothraítear sna 6 Chontae iad féin.
Leis an fhírinne a insint, ba chuma liom dá gcosnódh sé deich n-oiread an méid sin. Tá sé léirithe againn le bliain anuas, tráth na paindéime, má tá gá le hairgead, tiocfar ar an airgead. Tá cinniúint an náisúin chomh tábhachtach sin.
An chaint eile ag polaiteoirí an deiscirt, baineann sé leis an íobairt a bheadh orainn a dhéanamh, dar leo, chun aontachtaithe a thabhairt ar bord: an Trídhathach a athrú, amhrán náisiúnta nua a roghnú in áit ‘Amhrán na bhFiann’, an Ghaeilge a chur i leataobh mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre, ainm eile seachas Taoiseach nó Tánaiste a thabhairt ar ár gceannairí.
Ní aontaim leis sin mar ní dóigh liom go ndéanfadh athruithe den sórt sin difear dá laghad chun aontachtaithe a mhealladh. Tá gá le rud éigin a théann go croí na hargóna idir Éireannaigh agus Briotanaigh an oileáin seo. Iarracht fhírinneach ar athmhuintearas atá i gceist agamsa.
Is féidir a rá go bhfuil sin dlite don bpobal náisiúnach ós na haontachtaithe mar gheall ar an gcos ar bolg a imríodh orthu ó thuaidh ar feadh na nglúnta ó bunaíodh an staitín – agus roimhe sin go deimhin.
Tá goimh nimhneach ar an oileán seo agus glacfaidh sé am é a chneasú go dtí go mbeimid ábalta a bheith muinteartha le chéile. Cheapas go mbeadh deis againn am a chaitheamh ar an dturas i dtreo a chéile agus go nochtfaí Éire Aontaithe mar cheannscríbe dúinn go léir.
Ach tá sé ríshoiléir go bhfuil an Breatimeacht tar éis an saol polaitiúil a théamh i slí nach raibh sé i gceist ag na húdair - na Tóraithe Aontachtacha agus lucht pháirtí Nigel Farage - agus go bhfuil sin ag imirt tionchar ar an saol pholaitúil ar an oileán seo.
Má thiteann an tóin as an Ríocht Aontaithe, agus tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil scoilt i ndán agus Alba ar tí neamhspleachas a fhógairt agus tá an Bhreatain Bheag ag éirí corrthónach. Cá bhfágfadh easaontú na Ríochta Aontaithe sa tslí seo cinniúint Thuaisceart Éireann agus cá bhfágfadh sé an pobal aontachtach agus a cheannairí polaitiúla?
An gciallaíonn seo go mbrostóidh siad i dtreo na hÉireann Aontaithe? Ní dóigh liom é.
Ach an rud a chiallaíonn sé nach mbeidh an dara rogha ag Aontachtaithe ach Comhaontú Aoine an Chéasta a fheidhmiú mar is ceart agus na geallúintí a deineadh sa cháipéis sin agus ó shin a chur i bhfeidhm – Acht na Gaeilge agus caidrimh thuaidh theas is thoir thiar is eile san áireamh.
An bhfuil aon seans, agus cleamhnas déanta agus gach éinne faoi aon díon amháin (nó ar oileán amháin), go bhfásfadh caidreamh ceanúil eadrainn ar fad, ní dheirim grá.
Tá sé deacair a bheith ag tuar an mhéid sin leis an atmaisféar chomh nimhneach is atá faoi láthair. Is ar éigean is féidir linn atá ar son an aontaithe aontú ar conas tabhairt faoin gceist nó ar cheart tabhairt faoin gceist ar chor ar bith - tá Fianna Fáil agus Fine Gael den tuairim go bhfuil Sinn Féin ag cur an iomarca brú ar an gceist agus feachtas poiblí ar bun ag an bpáirtí sin sna Stáit Aontaithe faoi.
Tá Sinn Féin á dhéanamh seo chun brú ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath a bheith ag áiteamh ar son an aontaithe is iad ag caint le Rialtas na Breataine faoin mBreatimeacht is ceisteanna dá leithéid. Má tá blas ar Fhianna Fáil is ar Fhine Gael go bhfuil siad ag iarraidh an cheist a sheachaint, tá an chuma ar Shinn Féin go bhfuil siad ag iarraidh úsáid shoiniciúil a bhaint as ar mhaithe le leas polatúil an pháirtí. Nuair atá na pairtithe atá in ainm is a bheith ag caint le chéile faoi aontú ar an ionsaí de shíor in aghaidh a chéile mar gur céilí comhraic toghcháin iad, tá deacracht bhreise ann.
Má d'fhoghlaimíomar aon rud ón mBreatimeacht, is é gur rudaí an-bhaolach iad reifrinn. Tá go leor acu caillte ag páirtithe rialtais ó dheas chun sin a thuiscint iad féin. Is é an rud faoi reifreann ná go gcuireann sé iachall ar dhaoine taobh a phiocadh - Tá nó Níl.
Níl gá le haon cheist bhreise ar an oileán seo chun scoilt a chothú. An rud is fearr, dar liom, cé nach dóigh liom go bhfuil sé indéanta - gan a bheith ag caint ar chor ar bith ar reifrinn. Tiocfaidh an reifreann ach is tábhachtaí a bheith ar aon bhóthar le chéile ag dul ina threo agus faoin am go mbeidh trácht ar an reifreann, beidh Éire Aontaithe bainte amach againn i ngach brí den bhfocal agus nach mbeidh sa vóta úd ach an dlaoi mhullaigh ar obair fhoighneach na nglúnta thuaidh is theas, thoir is thiar.