Michelle Nic Pháidín
Is cuma cé a dtugann tú tacaíocht dó ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, ní thiocfadh leat glacadh le hiompar an Teachta Dála Michael Lowry sa Dáil ar na mallaibh.
Bhí a iompar go huile agus go hiomlán dímhúinte nuair a sháigh sé a dhá mhéar in airde agus é istigh i nDáil Éireann. Bhí sé amhail rud inteacht a d’fheicfeá ar Spitting Image sna 80í.
Bhí go leor eile nach raibh le mo shásamh. Daoine ag scairtigh ar a chéile agus an chuma ar an iomlán dearg acu go raibh rang saor acu agus Verona Murphy ina múinteoir ionaid acu.
Arís eile, iad ag rá ‘shame, shame, shame’ agus iad ag tarraingt as a chéile ar nós páistí scoile ina suí ar chúl bus scoile.
Dúirt Michael Lowry go ndéarna sé an gníomh agus é faoi strus agus nach ndéarna sé é ar mhaithe le holc a chur ar dhaoine. Glacaim go pointe leis sin ach bíonn muid uilig faoi bhrú. Cuirtear strus orainn uilig san ionad oibre ach tá sé de cheart againn uilig féinsmacht a bheith againn orainn féin agus ar ár n-iompar.
Dá ndéanfadh an gnáthdhuine an gníomh sin san ionad oibre thig leat a bheith cinnte go mbeadh siad ós comhair boird agus gur mó seans go mbeadh siad ag fáil rabhaidh le rá nach raibh an cineál sin iompair fóirstineach don ionad oibre.
Lena chois sin, seo ionad ina bhfuil daoine tofa le tabhairt faoi na ceisteanna is mó atá ag cur as do mhuintir na tíre ar bhonn laethúil agus tá go leor acu sin ann - teaghlaigh atá faoi bhrú de bharr cúrsaí airgeadais, daoine atá tinn ina suí ar feadh uaireanta fada ag fanacht ar leapacha in otharlanna na tíre, daoine ag fanacht ar obráidí práinneacha, daoine óga nach bhfuil ábalta morgáiste a fháil, daoine óga ag imeacht thar sáile de dheasca nach bhfuil siad ábalta maireachtáil sa bhaile. Tá go leor mórcheisteanna ann agus go leor ama curtha amú ag scairtigh agus ar iompar dímhúinte.
Tá deacrachtaíleanúnacha agus teannas ann ó tháinig an rialtas úr i bhfeidhm. Tá seo soiléir. Tháinig an teannas go buaicphointe i rith na conspóide de thairbhe cearta cainte.
Is í Verona Murphy a bhí fágtha sa chathaoir le déileáil leis an chlampar agus bhí sé soiléir go raibh sé crua uirthi. Is í an chéad Cheann Comhairle baineann ariamh ar Dháil Éireann agus deis aici seasamh láidir a chur chun tosaigh ar son na mban.
Caithfear an cheist a ardú, áfach, an siocair gur bean í nach bhfuil sí ag fáil cluas cheart éisteachta?
Níl aon amhras ann ach gur bean ábalta í. Seo bean a d’éirigh léi scrúdú na hArdteistiméireachta a dhéanamh agus í thar scór go leith bliain d’aois agus ina dhiaidh sin bhain céim amach sa dlí. Beidh mé ag súil le í a fheiceáil ag cur a lorg féin ar an phost san am atá le theacht.
Tá gá le rudaí a bheith curtha ina gceart agus go mbeadh iompar cuí ar siúl laistigh de na ballaí seo ina bhfuil daoine ag déanamh ionadaíocht ar na saoránaigh a chaith vóta dóibh.
Tuigim go mbíonn strus agus brú ar gach aon duine acu ach tá sé de cheart ag na daoine seo a bheith faichilleach agus airdeallach faoina n-iompar.
Chomh fada agus atá siad istigh i nDáil Éireann ní a mianta féin is cóir a bheith i dtús áite ach mianta na ndaoine a chuir a muinín iontu agus a chaith vóta dóibh - is orthu sin ba cheart don lucht polaitíochta a bheith ag smaoineamh ach ní sin mar a bhíonn sé i gcónaí.