Is fearr uaigneas maith ná droch-chuideachta...

Michaeline Donnelly

“Is fearr uaigneas maith ná droch-chuideachta”, a deirtear, ach an bhfuil a leithéid de rud ann agus uaigneas maith?

Dar le staidéar a rinne an Red Cross agus Co-op ní ba luaithe i mbliana, bíonn breis agus naoi milliún duine sa Ríocht Aontaithe uaigneach ‘go minic’ nó ‘i gcónaí’.

Deir daoine áirithe go bhfuil muid i lár eipidéim uaignis, agus tá an chosúlacht ann go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas, go háirithe i measc daoine níos sine.

Tá mé ag smaoineamh ar an cheist seo níos mó ó cailleadh mo mhamó i mí Eanáir.

Don leathbhliain dheireanach dá saol, bhí sí isteach is amach as an ospidéal go minic.

Ar ndóigh cé gur chaith muidne go leor ama léi agus í ansin, bheadh sí léi féin sa seomra don chuid is mó den lá, agus tá mé cinnte nár chuidigh seo léi ar chor ar bith.  

Ba bhean í ar thaitin comhluadar go mór léi, agus dúradh liom go raibh sí mar sin i rith a saoil.

Bhí an dubhfhuath aici ar bheith léi féin, agus ba mhinic sna blianta deireanacha s’aici go mbeadh sí ag impí ar dhaoine gan í a fhágáil léi féin.

Cé nach teaghlach mór muidine, bhí neart cairde i gcónaí ag mo mhamó, agus an-spéis aici i ndaoine eile. (I bhfad barraíocht spéise go minic!)

Ach chuir sé seo mé ag smaoineamh faoi dhaoine níos sine nach bhfuil clann ná cairde acu.

Ní thig liom a shamhlú cé chomh deacair is atá an saol dóibh siúd, fiú má tá an tsláinte go maith acu go fóill.

Ar ndóigh, agus daoine ag bogadh ar aghaidh, cairde ag pósadh is ag tógáil clainne, agus achan duine againn ag obair níos mó, bíonn sé níos deacra ar dhaoine fásta cairde nua a dhéanamh.

Níl sé ar nós shaol na scoile ná na hollscoile, áit a mbuailimid go nádúrtha le daoine nua go minic. Ach cad is féidir a dhéanamh le dul i ngleic leis an uaigneas?

- Ar dtús sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtuigimid an difear idir a bheith linn féin agus a bheith uaigneach. Ar ndóigh, is féidir croí lán a bheith agat agus tú leat féin, díreach mar is féidir a bheith uaigneach i gcomhluadar. Tá daoine áirithe ann, mé féin san áireamh, ciontach as cuideachta s’acu féin (agus mothúcháin dheacra, b’fhéidir) a sheachaint trí laethanta a líonadh go béal le hobair, imeachtaí, cruinnithe, caitheamh aimsire, maratóin Netflix, agus ag rith thart, ach tá sé sláintiúil am a ghlacadh dúinn féin anois is arís.

- Cuir síos an guthán! Cé go bhfuil tú ag ceangal le daoine ar leibhéal éigin, is beag seans dar liom go gcuideoidh sé leis an uaigneas, go háirithe má tá tú ag scrollú fríd Instagram gach oíche ag amharc ar na rudaí iontacha atá ar siúl ag daoine eile, seachas ag déanamh na rudaí sin tú féin!

- An mbíonn deacrachtaí agat a bheith ag caint le daoine nua? Léigh leabhar. Glac turas. Amharc ar an nuacht. Freastal ar rang. Foghlaim faoi rud éigin nua. Ansin, ar a laghad beidh rud éigin le rá agat! Níl rud ar bith níos measa ná bheith ag caint le duine nach bhfuil rud ar bith le rá acu. Ná bí ag súil le daoine eile ag teacht isteach i do shaol le tú a ‘shábháil’. Cruthaigh saol duit féin a mheallfaidh daoine eile le bheith páirteach ann.

- Faigh peata! Níor thuig mé go dtí le déanaí cé chomh deas is atá sé ainmhí a bheith thart ort. Is comhluadar iontach iad!

- Gabh amach faoin aer. Caithfidh mé a rá, ó chuaigh mé isteach i ngrúpa siúlóide thart fá bhliain ó shin, go bhfuil leigheas ann sa dúlra do go leor deacrachtaí. Sílim féin go ndéantar nasc láidir idir daoine agus iad amuigh faoin aer le chéile i suíomh nádúrtha. Tugann sé ábhar cainte dúinn, laghdaíonn aclaíocht strus, agus is bealach iontach nádúrtha é le bheith ag plé le daoine, seachas díreach ag caint leo fríd an scáileán, nó i dteach tábhairne éigin.

- Bí ag obair le daoine óga, nó déan obair dheonach de chineál éigin. Cé go mbíonn sé dúshlánach in amanna a bheith ag obair le daoine óga, is fiú go mór é. Bíonn an-chraic go deo leo, feiceann tú rudaí ó pheirspeictíocht úr, agus bíonn an oiread sin le foghlaim uathu i gcónaí. Is annamh a thiocfainn amach as an chumann óige agus drochspionn orm!

- Coinnigh leis an fhoghlaim! Tosaigh ar chúrsa úr, éist le podchraoladh ar ábhar nár smaoinigh tú riamh, nó glac páirt i gcúrsa ar líne. Is féidir rud ar bith faoin spéir a fhoghlaim ar líne, agus tá ollchúrsaí, nó MOOC, á n-ofráil ag ollscoileanna ar fud na cruinne. Is comhluadar iontach é an léann, agus níl rud ar bith cosúil leis an taithí roinnte de bheith ag streacháilt i seomra ranga le daoine a tharraingt le chéile!

Cibé bealach atá agat le dul i ngleic le huaigneas, bí réamhgníomhach! Stad de bheith ag fanacht le daoine eile le tú a aimsiú. Ní bhíonn sé furasta, ach is fiú go mór é!

Close
Close