Concubhar Ó Liatháin
Nuair a tháinig Banríon Shasana, Eilís II, ar cuairt Stáit go hÉirinn in 2011 – an chéad chuairt dá leithéid ó tharla críochdheighilt na tíre beagnach céad bliain roimhe – ní raibh ceannairí Shinn Féin sásta freastal ar na hocáidí a eagraíodh ar a son.
Agus Eilís II imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo caite, tá ceannairí an pháirtí sin ag léiriú ómós don mBanríon éagtha agus, lena chois sin, tá fainic curtha ar bhaill an pháirtí a bheith measúil ar na meáin shóisialta. Ní chuirfeadh sé iontas orm Michelle O’Neill a fheiscint ag sochraid na Banríona i Mainistir Westminster an tseachtain seo chugainn.
Tá sé ráite ag eagarfhocal san Andersonstown News, nuachtán an phobail in iarthar Bhéal Feirste, croícheantar Shinn Féin ó thuaidh, gur thug an Bhanríon ómós do laochra 1916 sa Ghairdín Cuimhneacháin in 2011 agus gur cheart smaoineamh air sin sara dtéann daoine ag cogaíocht sna briatharchathanna ar Twitter is a leithéid.
Léiriú an méid sin ar an dtuiscint atá ag bpáirtí is mó atá i mbéal an phobail ar mheon mhuintir na hÉireann i leith na Banríona. Ba chuid dár saol í ar feadh seachtó bliain – ní raibh mise anseo ach le haghaidh sciar den tréimhse saoil sin! – agus thuill sí meas mar gheall ar a diongbháilteacht, a tost ríoga agus a seasmhacht.
Thairis sin, ba bhuaicphointe sa chaidreamh idir Éirinn agus an Bhreatain an chuairt Stáit chéanna agus an íomhá den Bhanríon agus a ceann cromtha sa Ghairdín Chuimhneacháin ag tabhairt ómós do cheannairí Éirí Amach 1916 a throid ar son saoirse na hÉireann ó dhaoirse na Breataine. Ba é a seanathair, an Rí Seoirse V, an monarc deireannach a thug cuairt ar Éirinn, nuair a d’oscail sé Pairlimint Stormont in 1921. Thug sé óráid ag an ócáid sin ina ndearna sé achainí ar son athmhuintearas idir Éireannaigh, go dtabharfaimis maithiúnas dá chéile agus go ligfimis i ndearúd na héagóirí a deineadh orainn.
Lean sos comhraice i gCogadh na Saoirse an óráid sin agus síníodh an Conradh i mí na Nollag. Anois tá a fhios agam go raibh iarmhairtí tromchúiseacha ar an gcomhaontú sin ach ní fheadar an féidir an locht a chur ar Rí Shasana na linne as sin.
An oiread lena seanathair, d’fhéadfaí a rá go raibh tionchar dearfach ag Eilís II ar chúrsaí na hÉireann leis an óráid a thug sí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Leagtar béim go minic ar an méid a dúirt sí faoi na rudaí a tharla - ar cheart go dtarlódh siad i slí éagsúil nó nach dtarlódh siad in aon chor – cuimhním ar na focail Ghaeilge a dúirt sí ag tús na hóráide: “A Uachtaráin agus a Chairde”. Ní hamháin gur labhair sí as Gaeilge ach ba dheas mar a chuir sí síos ar an gcaidreamh eadrainn mar chairdeas.
Dá mba é sin an buaicphointe, níorbh fhada go raibh an caidreamh ar fhána sleamhain i dtreo dhuibheagán an Bhreatimeachta agus an chíor thuathail a lean. Arís, bhain sin le gníomhartha na bpolaiteoirí seachas le haon rud a rinne nó a dúirt an Bhanríon.
Cé go moltar sa seanfhocal Laidineach gan bheith ag caitheamh anuas ar na mairbh – De mortuis nil nisi bonum dicendum est – ní mór a rá mar sin féin go raibh agus go bhfuil caidreamh casta is deacair idir Éirinn agus an Bhreatain de bharr na staire eadrainn agus tá stair na Breataine ar fud na cruinne lán le heachtraí náireacha agus gránna, sléachtaí, gortaí, mí-riail.
Bheadh sé éasca seasamh i leataobh agus an locht a chaitheamh ar an mBreatain amháin as seo – ach ba chuid den Bhreatain í Éirinn ag an tráth go raibh impireacht na Breataine in ard a réime agus bhí saighdiúirí Éireannacha faoi chótaí dearga agus Éireannaigh eile sa státchóras a chuir riail Londan i bhfeidhm san Ind, san Aifric agus trasna an Atlantaigh.
Cuid de stair na cruinne é an concas agus an t-éirí amach agus, mar a dúirt an Bhanríon í féin, ba cheart dúinn ómós a thabhairt don stair sin, níor cheart dúinn a bheith fé ghlas aige mar ní bheadh muid in ann bogadh chun tosaigh agus beart a dhéanamh chun cothrom na féinne a chur i bhfeidhm in áit a raibh a mhalairt in uachtar.
Déanann gach duine a iarracht féin seo a dhéanamh, de réir na gcúinsí ina bhfuil sé nó sí beo. Rinne an Bhanríon Eilís II a cuid iarrachtaí féin. Bhí sí san Aifric Theas in 1947 nuair a thug sí óráid ag tabhairt le fios go gcaithfeadh sí a saol ag obair ar son Chomhfhlaitheas na Breataine. Ní raibh sí ach bliain is fiche d’aois. Ní dheachaigh sí ar ais go dtí an Aifric Theas go dtí 1995 nuair a thug sí cuairt ar an Uachtarán Nelson Mandela, an uair seo ní raibh apartheid nó cinedheighilt i réim níos mó.
Is lena linn a tháinig claochló ar Impireacht na Breataine. D’imigh sin agus tháinig Comhfhláitheas na Náisiún. Cé gur féidir linn a bheith cáinteach faoi seo agus an blas den iar-choilíneachas, is féidir argóint a dhéanamh gur iarracht fhónta atá ann an éabhlóid sin a dhéanamh. Tá sé feicthe againn le déanaí go bhfuil comharthaí sóirt ann go bhfuil tíortha a bhí tráth faoi bhrat na Breataine – an Astráil, Barbadós agus tíortha nach iad mar shampla – ag tosnú ar an gcaint faoin gcaidreamh a bheidh acu sa todhchaí leis an mBreatain.
Nílimse a scríobh seo chun leithscéal a ghabhail faoin olc a rinne an Bhreatain agus cumhachtaí coilíneacha eile ach ní féidir gan a aithint go raibh lámh ag an mBanríon atá anois os cionn cláir sa phróiseas a chuir deireadh leis an gcoilíneachas ina raibh a tír páirteach ann. Tá go leor fós le déanamh agus cá bhfios ach go ndéanfar é. Ní chuirfinn as an áireamh go leanfaidh an rí nua, Séarlas III, le hobair a mháthar sa réimse seo. Bheadh níos mó muiníne agam go ndéanfadh sé amhlaidh ná aon bhall de pháirtí Rialtais na Breataine.
Tá ceisteanna éagsúla a chuirfear san am atá le teacht faoin tionchar a bhí ag Eilís II le linn a réime agus an éifeacht a bheidh ag a bás ar aontacht na Breataine. An féidir leis an monarcacht teacht tríd an mbrú atá ann de bharr scannail ar nós ról mhac eile Eilís, Aindrias, scannal Jeffrey Epstein agus an scoilt idir beirt mhac an rí nua, William agus Harry? An bhfuil pobal na Breataine chun fanúint dílis don mhonarcacht amach anseo agus an féidir leis an rítheaghlach éabhlóidiú chun an dílseacht sin a choimeád?
Nuair a éisteas leis an mion a thug an rí nua Dé Sathairn agus a ríogacht á fógairt, go gcosnódh sé ardcheannas na hEaglaise Protastúnaí sa Bhreatain, an oiread go raibh sé aisteach an macalla seo ó ré Anraoi VIII a chloisint, rith sé liom freisin go mbeidh seo deacair nuair atá an Bhreatain ag éirí níos éagsúlaí i rith an ama. Ní gá ach féachaint ar Chomhaireacht na Breataine fé lathar agus na hainmneacha neamh-thraidisiúnta Sasanacha ina measc - Kwasi Kwarteng, Nadhim Zahawi, James Cleverly - chun sin a aithint. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad aon phioc níos réasúnta agus níos tuisceanaí i leith na hÉireann agus a ndearcadh ar an ndomhan agus ar chosmhuintir a dtíre féin - is Tóraithe iad nuair atá deireadh ráite.
Tá deireadh le monarcacht na Breataine tuartha go minic agus tá sí fós ann. De réir dealraimh is de shliocht Bhrian Bóramha é an rí nua ar nós a máthar. É sin ráite níor mhaith liom monarcacht a bheith in Éirinn arís - cé gurbh é sin polasaí Shinn Féin nuair a bhunaigh Art Ó Gríofa an páirtí in 1905 – agus níor mhaith liom Séarlas nó éinne dá shliocht a bheith i ríchathaoir na hÉireann. Ní le dímheas a deirim sin. Is cairde sinn, tá súil agam in ainneoin gach a tharla mar gheall ar an mBreatimeacht. Tá an iomad ceangail clainne againn le Briotanaigh nach féidir gan cairdeas is cumann a bheith eadrainn. Níl forlámhas aon pháirtí amháin sláintiúil i gcairdeas. Creidim gur thuig Eilís II an méid sin. Tá súil agam go dtuigfidh a mac amhlaidh. Suaimhneas síoraí go raibh aici agus sólás dá clann is do mhuintir na Breataine agus iad ag caoineadh a báis. Tá an Bhanríon marbh, gura fada buan an Rí.