Eoin Ó Murchú
Is mó cosúlacht ná riamh anois go mbeidh Breatimeacht crua ann, agus teorainn chrua idir an dá chuid d’Éirinn dá bharr.
Tá an tAontas Eorpach go hoscailte ag ullmhú dá leithéid, agus Michel Barnier, príomh-idirbheartaí na Aontais don Bhreatimeacht, agus Jean Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag dearbhú nach bhfuil aon mholadh inghlactha curtha ar aghaidh ag na Sasanaigh a shásódh na coinníollacha atá leagtha síos acu.
Lárnach don argóint idir an dá thaobh tá seasamh na hEorpa nach bhfuil socruithe a chinnteoidh nach mbeidh teorainn chrua ann in Éirinn oiriúnach mar shocrú don Bhreatain ar fad.
Deir an tAontas freisin nach nglacfar le socrú don Tuaisceart a bhfuil teorainn ama ag baint leis.
Gan dabht cuireann sé mearbhall is fearg mhór ar na polaiteoirí is faide ar dheis i Sasana gur féidir le cás na hÉireann a bheith ina bhac ar sholúbthacht agus éiginnteacht dhearfach a úsáid le haghaidh Breatimeacht bog a bhaint amach.
Ach sin oidhreacht an DUP.
D’fhéadfadh rialtas na Breataine dul timpeall ar roinnt de na deacrachtaí dá gcuirfidís an teorainn eacnamúil ar an bhfarraige idir Éire ar fad agus an Bhreatain.
Sa chás sin d’fhéadfadh socrú faoi leith a dhéanamh don Tuaisceart, ach ní ghlacfaidh an DUP leis sin mar go gcruthódh sé difir idir an Tuaisceart agus an “chuid eile” den Bhreatain!
Dá ndéanfadh rialtas na Breataine rud ar bith i dtreo an tsocraithe sin, bhainfeadh an Jeremy Corbyn agus an Labour Party. Bheadh an DUP níos measa as dá mbeadh Corbyn i gcumhacht, ach is cuma leo: seo líne dhearg dóibh.
Ar ndóigh, tá claonadh ar son na nAontachtóirí ag cuid mhaith den pháirtí Caomhach – leithéidí Jacob Rees Mogg ach go háirithe.
Ach tá Caomhaigh eile ann, iad siúd atá mor le rá i gcúrsaí gnó agus airgeadais, nach bhfuil an claonadh céanna chomh láidir sin acu. Ní thuigeann an DUP, is cosúil, an fhearg a chuireann siad ar an dream seo toisc go bhfuil an DUP ina mbac ar sholúbthacht san idirbheartaíocht.
Tá baol ann sa todhchaí go gcuirfí an milleán ar an DUP má chailleann an Bhreatain seans ar mhargadh níos fearr a fháil.
Is minic a bhain duine slat a bhuailfeadh é féin, deirtear, agus má tá an-iomad feirge curtha orthu siúd a thacódh go nádúrtha leis na hAontachtóirí, seans maith go mbeidh siad in easnamh nuair a chuirfidh athrú idir líon na gCaitliceach is na bProtastúnach Éire Aontaithe ar an gclár.
Ach céard faoin straitéis a thóg rialtas na hÉireann agus páirtithe náisiúnacha ó thuaidh?
Chonaic Sinn Féin go bhféadfadh leas a bhaint as an argóint i dtaobh an Bhreatimeachta le borradh a thabhairt don fheachtas ar son athaontú na tíre. Agus chabhraigh an borradh nua seo le cuid den mhíshástacht i dtaobh a bhfuil bainte amach – nó nach bhfuil bainte amach – ag náisiúntóirí ó phróiseas na síochána a mhaolú.
D’éiligh siad stádas speisialta don Tuaisceart san Aontas Eorpach agus chuir siad an t-aimhreas a bhíodh acu i gcoinne an Aontais ar leataoibh.
Ach má tá Breataimeacht crua agus teorainn chrua ann – agus is cosúil go mbeidh – beidh bac níos mo idir an dá thaobh thar mar a bhí le fada.
Sa deireadh thiar ní haon mhaith an chaint láidir mura bhfuil gníomh láidir taobh thiar de.
D’fhéadfadh Sinn Féin comhoibriú leis an DUP le héilithe a dhéanamh ar rialtas na Breataine a thabharfadh airgead cúitimh don Tuaisceart ar aon chailliúint a bheadh ann ó imeacht ón Aontas Eorpach.
D’fhéadfaidis freisin tacú le hidirbheartaíochtaí faoi leith idir na Sé Chontae Fichead agus an Bhreatain, agus idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain.
Ach níor dhein.
Sea, tá athaontú na hÉireann ar an gclár cinnte, ach cén mhaith sin más Éire aontaithe gan neamhspleáchas a bheas ann?
Tá straitéis rialtas Bhaile Átha Cliath ina haimhréidh anois freisin. Níor chreid siad ar ndóigh go vótálfadh muintir na Breataine ar son an Bhreatimeachta.
Ansin bhí dóchas acu go bhféadfai neamhní a dheanamh de thoradh an reifrinn faoi mar a rinneadh neamhní de na reifrinn ó dheas faoi Nice I agus Liospóin I.
Ghlac siad le straitéis na hEorpa a chuirfeadh iachall ar an mBreatain fanacht san Aontas Custaim nó sa Margadh Aonair fiú.
Tá na hiarrachtaí fós ar siúl, ach de réir mar a ullmhaíonn an tAontas don Bhreatimeacht crua laghdaítear na seansanna go mbeadh an toradh sin ar chúrsaí.
Tá Leo Varadkar agus an rialtas ó dheas fanta mar choiníní i gcinnsoilse cairr: ag súil le toradh maith ach gan a bheith in ann rud ar bith a dhéanamh faoi.
Agus céard a dhéanfaidh rialtas na Breataine maidir leis an teorainn i gcás an Bhreatimeachta chrua?
I mo thuairimse, ní dhéanfaidh siad rud ar bith. Fágfaidh siad ag an Aontas é rialacha a thabhairt isteach agus i bhfeidhm agus teorainn chrua a dhéanamh den teorainn idir an Bhreatain agus an tAontas.
Agus cá bhfágfadh a leithéid rialtas Bhaile Átha Cliath, nó Sinn Féin go deimhin, nuair a chruthóidh an tAontas an teorainn chrua idir an dá thaobh den tír seo?