Imeacht Unison

Tá níos mó ná dhá bhliain imithe ó bhí tionól againn i dTuaisceart na hÉireann agus cearta daonna na ngrúpaí mionlaigh ag fulaingt dá dheasca sin.

Seoladh forógra atá bunaithe ar chearta le déanaí ag an Equality Coalition a iarrann ar an fheidhmeannas comhrointe cumhachta filleadh ar an obair.

Tá idir ionadaithe ón Chiste um Riar an Chirt agus ó UNISON mar chuid den ghrúpa a sheol an forógra i dTeach na Gaillimhe i mBéal Feirste agus chuala muid óna n-urlabhraithe ar an lá, Daniel Holder agus Patricia McKeown. 

Dhírigh an tOllamh Colin Harvey ó Ollscoil na Banríona ar na himpleachtaí a chruthaíonn an Breatimeacht dúinn agus dár gcuid cearta daonna anseo ó thuaidh agus d’iarr sé ar aoíchainteoir an lae, ar an Scáth-Rúnaí Stáit, Tony Lloyd, na torthaí seo a mheas.  

Ag an imeacht fosta labhair grúpaí mionlaigh éagsúla a bhfuil a gcearta daonna á séanadh orthu, an Dream Dearg san áireamh. Cuireann an forógra béim ar na miongrúpaí seo agus moltar ann go mbeadh cearta daonna mar chroílár na cainte idir na páirtithe uilig. 

Rinne Tony Lloyd ó Pháirtí an Lucht Oibre tagairt do na cainteanna atá ar siúl i gCnoc an Anfa faoi láthair i measc na gComhaltaí den Tionól Reachtach (CTR).

Ag deireadh an imeachta, bhí idirphlé traspháirtí ag roinnt de na CTRanna ón Pháirtí Glas, Páirtí na Comhghuaillíochta, Sinn Féin, Alliance, UUP agus ón SDLP. Ní raibh ionadaithe ón DUP i láthair ar an lá.  

Seoladh an forógra ar aghaidh chuig Rialtas na Breataine agus chuig Rialtas na hÉireann agus tá súil ag an Equality Coalition bualadh leo go luath.

Close
Close