ICRIR - buille fill

Ciarán Ó Pronntaigh

Filleann an feall, a deir an seanfhocal, ach is cosúil nach gan troid a tharlaíonn seo i gcónaí. D’fhógair státrúnaí an tuaiscirt, Hilary Benn, tuilleadh agus seachtain ó shin nach mbeadh sé ag cur deireadh leis an ICRIR, an coimisiún ‘neamhspleách’ a chuir na Tóraithe ar bun le heolas a bhailiú maidir le maruithe conspóideacha ó thuaidh.

Bhí rírá mór ann nuair a bhrúigh na Tóraithe a gcuid pleananna chun cinn le pardún a thabhairt do dhaoine a raibh páirt acu i maruithe dá dtabharfadh siad eolas faoin chás. Iarracht a bhí ann le clú Arm na Breataine agus a gcomhghleacaithe a ghlanadh agus le stop iomlán a chur le fiosrúcháin a raibh baint ag fórsaí an stáit leo. Bhí gach páirtí ó thuaidh in éadan an bhille, ar chúiseanna éagsúla, ach chuaigh sé ar aghaidh cibé agus rinneadh acht de.

Thug Páirtí an Lucht Oibre le fios go gcuirfeadh siad deireadh leis an acht dá dtiocfadh siad isteach sa rialtas agus chreid daoine iad ag an am. Ach is mór an díomá atá ar ghaolta áirithe anois nuair a fheiceann siad go bhfuil geallúintí an pháirtí sin chomh folamh leis na geallúintí a thug na Coimeádaithe. An leithscéal a thug Benn go bhfuil an coimisiún ag feidhmiú faoi láthair agus ar mhaithe le ham agus le hairgead gur chóir leanúint leis.

Caithfimid a bheith soiléir faoin cheist seo. Is é an líomhain a thugann cuid de na daoine ar maraíodh a ngaolta in eachtraí conspóideacha go raibh polasaí oifigiúil ag an rialtas cuidiú le dílseoirí trí eolas a thabhairt dóibh, gunnaí a sholáthar dóibh agus gan aon iarracht a dhéanamh na coireanna a fhiosrú ina dhiaidh. Tá sé admhaithe cheana féin go raibh baint ag baill de na fórsaí slándála le maruithe a rinne dílseoirí agus ghabh an Príomh-Aire David Cameron a leithscéal faoi sin ag an am. Agus le himeacht aimsire, tá níos mó eolais ag teacht chun solais faoi ghrúpaí amhail Drong Glenanne.

Tá iarrachtaí á ndéanamh an cheist seo a dhoiléiriú trí chás na ngaolta uilig a chaitheamh le chéile. Cinnte, tá deora gach duine chomh tábhachtach céanna ach ní hionann na cúinsí a bhí taobh thiar de gach bás. Nuair a rinne poblachtaigh ionsaí ar na fórsaí slándála, d’admhaigh siad é ach níor ainmnigh siad cé a rinne gach beart. Chuir an RUC tús le próiseas fiosraithe agus ó am go chéile gabhadh baill den IRA. Más fíor na líomhaintí faoi mharuithe a rinne dílseoirí, ba é an stát céanna a raibh baint acu sna maruithe féin. Shílfeá, dá mba rud é nach raibh sna líomhaintí seo ach bréag, go mbeadh rialtas na Breataine ag briseadh a gcos ag iarraidh a thaispeáint don saol mór nach raibh bunús leo.

Ar an drochuair, ní fhaca muid ach moilleadóireacht, airgead mór caite ar chosaint bhaill na bhfórsaí slándála nuair a théann cásanna chun cúirte, agus iarrachtaí móra déanta deireadh a chur le fiosrúcháin neamhspleácha. Agus má amharcaimid ar an ICRIR, ní bheidh de chumhacht acu daoine a ghlao chuig fiosrúchán agus ní bheidh rochtain acu ar an eolas uilig nó beidh cead ag an Státrúnaí aon rud a bhaineann le ‘slándáil náisiúnta’ a chur as an áireamh. Aithníonn na cúirteanna anseo nach féidir leis an rialtas a bheith ina bhreitheamh agus a bheith ina amhrasán ag an am céanna.

Léiríonn na fiosrúcháin a tharla go dtí seo go mbíonn úsáid measartha solúbtha leis na focail ‘slándáil náisiúnta’ agus is leithscéal é go minic gan fianaise a bhaineann leis na fórsaí slándála a ligean chun solais. Ar ndóigh, dá mbeadh polasaí a chuaigh chomh fada le barr an rialtais saoránaigh a mharú ar shráideanna Bhéal Feirste, seans maith go rachadh an t-eolas seo in éadan slándáil náisiúnta.

Má tá aon léaró dóchais ann is ea go bhfuil fiosrúchán poiblí neamhspleách le bheith ann faoi chás Patrick Finucane, an dlíodóir cearta daonna a maraíodh in 1989. Beidh seans ann daoine a cheistiú faoi cé chomh hard sa rialtas a chuaigh an chomhcheilg sa chás seo ach bímis réadúil, troidfidh an rialtas gach orlach den bhealach.

Close
Close