Greim na mná báite

Ciarán Ó Pronntaigh

‘Tubaiste’ a thug an iris choimeádach The Spectator ar thréimhse Theresa May mar phríomh-aire ar an lá a d’éirigh sí as ceannaireacht a páirtí. Bhí focail níos maslaí ann ná sin in úsáid ag tráchtairí eile agus ábhar acu. Tréimhse an-dearóil a bhí aici.

Tá roinnt seachtainí sa phost mar phríomh-aire aici go fóill, sula dtagann deireadh leis an phróiseas le ceannaire nua a thoghadh. Is ag an am seo a mbítear ag smaoineamh ar cén sórt oidhreachta a bhí ag an phríomh-aire.

Ar an drochuair do May, is beag rud a bheidh sa cholún dhearfach.

Chuaigh sí sa seans olltoghchán a ghlao i 2017 lena stádas a dhaingniú sa pharlaimint. Bhí sí chun tosaigh sna pobalbhreitheanna agus shíl sí go mbeadh tromlach mór aici le cuidiú léi Breatimeacht a bhrú ar aghaidh. Ghearr sí an t-aicearra ach gaineamh beo a bhí san aicearra sin agus bhí sí san abar as sin amach. Chaill sí an tromlach sa pharlaimint agus bhí sí ag brath ar an DUP.

Ní raibh an próiseas beartaithe comhaontaithe leis an Aontas Eorpach ag dul a bheith furasta, go háirithe nuair a leag May síos a chuid línte dearga daingne ón chéad lá. Bhí sí gafa sa ghaineamh bheo agus, le gach bogadh, bhí sí ag éirí níos gafa. Ní raibh a páirtí ar aon intinn faoin bhealach chun cinn agus ní raibh aon líne tharrthála ag teacht ó áit ar bith. Bhí an freasúra ina coinne agus, is cosúil, leathchuid dá páirtí féin. Ach ní raibh sé de chiall aici comhaontú a lorg taobh amuigh dá páirtí féin agus an DUP.

Tugtar diongbháilteacht air seo, amanna, ach is oiriúnaí an focal ceanndánacht i gcás May.

Cinnte, ní raibh mórán de rogha aici nuair a thit sí san abar. Ní raibh fonn ar Michel Barnier dul siar ar gheallúintí a tugadh agus, sa deireadh, chuaigh an long SS May go tóin poill de dheasca nár míníodh do mhuintir na Breataine nach raibh na cártaí uilig acu agus go raibh cúlstad de dhíth ar Éirinn. Faillí May a bhí ansin. Breatimeacht an t-aon sprioc a bhí aici agus theip glan air sin.

Ríocht scoilte, na Tóraithe sa tríú háit sna pobalbhreitheanna, córas polaitiúil ag titim as a chéile agus nílimid níos eolaí cén sórt Breatimeachta a bheidh ann, sin má bhíonn sé ann ar chor ar bith. Tá oidhreacht ag Theresa May ach is oidhreacht nimhiúil atá ann.

Dé Luain an t-aon lá a thig le hiarrthóirí clárú do rás na ceannaireachta. Duine dhéag an líon a bhí san iomaíocht ag an deireadh seachtaine. Boris Johnson, rogha na coitiantachta, é á phéinteáil féin mar an ceannaire a rachaidh ar cosa in airde ar chapall bán le Breatimeacht agus bua na gCoimeádaithe a chinntiú.

Ach níl rudaí chomh simplí sin.

Sa chéad dul síos, de réir pobalbhreithe a rinneadh ar na mallaibh, chuirfeadh Boris as do 23% de lucht vótálaithe a pháirtí féin agus nach vótálfadh siad ar a shon. Is caimileon polaitiúil é Boris, ar ndóigh, agus tá sé ag cur cruth eile air féin don chomórtas seo.

Dúirt pobalbhreith eile gurb é Boris an t-iarrthóir is fearr dá mbeadh sé i gcoinne Jeremy Corbyn. Rogha an dá dhíogha atá le glacadh ag na baill, mar sin.

An mbeidh iarrthóir ar bith eile ábalta dúshlán a thabhairt do Johnson? Chuaigh feachtas Michael Gove as na ráillí cúpla lá ó shin nó b’éigean dó a admháil gur ghlac sé le cócaon. Cé gur ghlac thart ar leathchuid de na hiarrthóirí eile le drugaí mídhleathacha, tá imir bheag den fhimíneacht ag baint leis an dóigh ar scríobh Gove ailt ag ionsaí drugaí agus ag an am céanna ag dul chuig cóisirí lán drugaí.

Is é Rory Stewart guth na réasúnachta ar cheist an Bhreatimeachta agus tá sé ag dúil le daoine nach raibh ag iarraidh Breatimeacht crua a mhealladh chuige féin. Ach níl an ghaoth san fheachtas s’aige go fóill, ná i ndáiríre, i bhfeachtas iarrthóir ar bith eile.

Tá Boris ag bailiú nirt ón dá thaobh sa chéad chuid den rás sa pháirtí parlaimite agus ní bheidh ach beirt ag dul os comhair na bhfíor-vótálaithe, baill an pháirtí, dream atá go mór ar son Breatimeachta, gan chomhaontú más gá. Agus sin go díreach an teachtaireacht shoiléir atá Boris, is cuma cé chomh díchéillí atá an teachtaireacht chéanna.

Ach cibé duine a thabharfaidh an chraobh leis nó léi, ní fios nach obair in aisce a bheidh ann. Bhagair toradh an fhothoghcháin in Petersborough oíche Déardaoin gurb é The Brexit Party an páirtí lárnach deasach anois.

Cá bhfágann sin na Tóraithe mura n-éiríonn leo Breatimeacht a chur i gcrích faoi Oíche Shamhna? Tá baol mór ann nach mbeidh siad ábalta tromlach in Westminster a bhaint amach má bhíonn olltoghchán ann go luath. Sin go díreach an oidhreacht a d’fhág Theresa May.

Close
Close