Gradam Sheáin Mhic Sheáin


Tá ról lárnach ag Seán Mac Seáin i gcúrsaí teanga agus ealaíne i mBéal Feirste le 50 bliain anuas, agus tá páirt ghníomhach aige i saol na drámaíochta go háirithe. In ómós dá chuid oibre agus an oidhreacht atá cruthaithe aige don chéad ghlúin eile, bronnadh 'Gradam Sheáin Mhic Sheáin' den chéad uair ar dhuine óg den scoil drámaíochta, Aisling Óg.

Agus an Nollaig ag teannadh linn, chuir siad seó Nollag 'An Grinch' ar siúl sa Chultúrlann agus bhí scaifte den chéad scoth i láthair chun a gcuid aisteoireachta a fheiceáil ar stáitse. Bhí scoth na tallainne le feiceáil idir cheol agus aisteoireacht agus ba léir gur chuir na páistí agus stiúrthóirí an-obair isteach ann.

Ag deireadh an tseó, bhronn Seán Mac Seáin é féin an gradam atá ainmnithe ina dhiaidh ar Aoibhe - cailín óg a léirigh ceannaireacht le linn na bliana agus a raibh ról ríthábhachtach an reacaire aici sa seó Nollag.

Ba é seo an chéad uair ar bronnadh an gradam agus tá súil ag an ghrúpa Aisling Óg go mbeidh seo ina ócáid bhliantúil agus iad ag cur na healaíne chun cinn i measc na n-óg i mBéal Feirste, díreach mar atá déanta ag Seán Mac Seáin le tamall fada.

Close
Close