Gradam Ceoil TG4 2020


Le trí bliana anuas tá Gradam Ceoil TG4 á reáchtáil sa Halla Cois Cuain i mBéal Feirste agus bhí searmanas bronnta den scoth ann arís i mbliana.

Bhí cumas iontach ceoil ar stáitse ar an oíche, leithéidí Beoga, Kilfenora Céilí Band, Laoise Kelly agus Séamus Connolly san áireamh. Ní hamháin sin ach bhí réaltaí móra eile i láthair chun na gradaim a bhronnadh, mar a bhí Adrian Dunbar, Eddi Reader agus eile.

Ach cén cineál oibre a tharlaíonn ar chúl an ardáin chun mór-ócáid mar seo a eagrú agus a chraoladh beo?

Bhuail Meon Eile le roinnt de na daoine atá ag cur sár-iarracht isteach le míonna anuas le cinntiú go dtéann gach rud ar aghaidh go réidh ar an oíche...

Close
Close