Katie Roskams
Más bean nó duine neamh-dhénártha den eite chlé thú, is minic a tharlaíonn sé go mbíonn na fir chisinscneacha i bhfad níos líonmhaire ná sibh féin.
Tá cúiseanna taobh thiar de: san am atá thart agus go dtí an lá atá inniu ann, bíonn níos lú ama ag mná agus ag daoine neamh-dhénártha páirt a ghlacadh sa pholaitíocht mar gheall ar dháileadh éagothrom na hoibre tí, mar shampla. Ós rud é go raibh formhór na bpost ag na fir go stairiúil, b’fhir iad a bhí ina mbaill de na ceardchumainn agus páirteach iontu go comhréireach. Is daoine ó thionscail ina bhfuil ceannas ag fir go hiondúil iad atá páirteach sna ceardchumainn mhóra go fóill, agus tugann roinnt acu an spochadh ó urlár na monarchana go dtí cruinnithe na gceardchumann. Faigheann fir óga atá go díreach tosaithe le cúrsaí polaitíochta leid uathu siúd a bhfuil smacht acu laistigh den eagraíocht atá i gceist, agus ansin – mar thoradh nach bhfuil ag teastáil – glactar go forleathan le gnáth-ghnéasachas i gcruth jócanna agus tuairimí. Níl an neamhchothroime seo ann, áfach, toisc nach mbíonn mná agus daoine neamh-dhénártha chomh radacach céanna ó nádúr.
Ní rud neamhghnách é go mbíonn mná agus daoine neamh-dhénártha ag glacadh páirt san eite chlé go díreach agus go sonrach mar gheall ar an leithcheal a rinneadh orthu cheana féin. Luíonn sé le ciall, mar sin, go bhfeiceann siad an eite chlé mar uirlis chun bheith ag troid i gcoinne an leithcheala. I mo thaithí féin, ní raibh aon teoiric riamh chomh tábhachtach leis an gcos ar bolg a rinneadh orm. Is é sin an fáth a gcuireann sé iontas ort agus tú i measc daoine eile den eite chlé, cairde agus comrádaithe fireanna fiú, nuair a thagann gnéasachas chun cinn ort, go háirithe má chloiseann tú an cineál jóc a shílfeá a raibh deireadh leis sna 1970idí.
Más ait féin é a bheith ag gearán mar gheall ar chúpla jóc maidir le bantiománaithe, tá contúirt bhreise ann, mar ní chreidtear go minic an méid atá ráite ag na mná agus ag daoine neamh-dhénártha, nó déantar neamhaird ar ár gcuid imní. Is minic a fheidhmíonn ceann caol na dinge seo mar bhratach dhearg, ag tabhairt rabhadh faoi iompar níos measa. Bíonn mí-úsáid agus maistíneacht i bhfad róchoitianta i measc eagraíochtaí den eite chlé. Tá sé furasta go leor gan bheith ag déanamh de réir do choinsiasa, agus neamhaird a thabhairt ar jócanna biogóideacha nó teacht leo. Má chuirtear seo i gcomhthéacs, áfach, tá baol ann go gcruthófar aeráid níos contúirtí de réir a chéile, de bharr easpa freagrachta maidir leis an ngnáth-ghnéasachas le linn an tsaoil laethúil.
Tá sé sin tuirsiúil, ar ndóigh, ag gach leibhéal. Bíonn sé tuirsiúil údar a thabhairt leat féin agus tú i mbun cruinnithe mar déantar talamh slán de go bhfuil tú ag freastal orthu mar gheall ar fhear, nó gur tarraingíodh isteach thú chun bheith páirteach ann in ionad spéis de do chuid féin a bheith agat; mar déantar talamh slán de nach bhfuil seans ann go bhfuil aon tuairim pholaitiúil nó suim agat fiú. Baineann sé leis an amhras nach bhfuil fáilte romhat i ngrúpa ach toisc gur bean thú, nó go bhfuil fáilte roimh mhná reibiliúnacha, go dtí go n-éiríonn siad reibiliúnach in aghaidh na bhfear sa ghrúpa.
Ar bhonn pearsanta, bíonn sé tuirsiúil gur gá a bheith ag gearán faoi ghnéasachas agus tú ag iarraidh a bheith ag labhairt faoi chúrsaí níos fiúntaí agus níos dearfaí. Fágann sé sin go minic nach bhfuil aon rogha eile agat. Ceaptar go minic gurb ionann leithcheal a bheith déanta ort agus thú a bheith in ann labhairt faoi go húdarásach. Ós rud é go bhfuil gá le labhairt faoi, agus toisc nach bhfuil mórán ionadaíochta ag mná agus daoine neamh-dhénártha in eagraíochtaí den eite chlé, tá an baol ann go dtabharfaidh tú faoi deara, lá amháin, go bhfuil tú ag scríobh alt ar ábhar ba cheart a bheith réitithe fadó. Ach cosain do cheart bunúsach tuairim pholaitiúil a bheith agat freisin – is féidir leis na fir a bheith ag scríobh faoi theoiricí, beag beann ar na tréithe nádúrtha a bhaineann lena bhféiniúlachtaí.
Ní bhíonn sé deacair oibriú amach cén chaoi tacaíocht a thabhairt do mhná agus do dhaoine neamh-dhénártha ar an eite chlé. Is féidir guth a thabhairt do dhaoine eile, is féidir labhairt amach faoi ghnéasachas nuair a tharlaíonn sé. Ach níl sa mhéid seo ach an chéad chéim, agus déanann sé níos mó difríochta agus tugann sé i bhfad níos mó cumhachta dúinn ná mar a aithníonn muid.
Mar a scríobh Margaret Atwood, “Men are afraid that women will laugh at them. Women are afraid that men will kill them”. Measaim féin go bhfuil easpa tuisceana i gceist go fóill, fiú i measc na bhfear a n-aithníonn siad iad féin mar fheiminigh. Déantar talamh slán de go bhfuil gach duine ar comhchéim ón tús, ach ní hannamh a tharlaíonn sé go dtógtar mná leis an dearcadh gurb ionann fir agus bagairt. Cuireann sé sin ualach iontaoibhe ar na mná agus iad ag iarraidh caidreamh de chineál ar bith a chruthú le fear; is é an tosaíocht atá againne ná a bheith cinnte de nach bhfuil sé ina bhagairt orainn. Má labhraíonn tú amach faoin ngnéasachas, feictear mar bhean fheargach shearbh thú. Má dhéanann tú beartas cosanta chun bheith sábháilte, feictear mar bhean leadránach, cheartaiseach nó chúthail thú.
Tá an eite chlé lán d’fhir dhea-intinneacha a phléifidh teoiric fheimineach leat, atá sásta leabhar i ndiaidh leabhair a mholadh duit agus freastal ar cheardlanna leat. Ach agus iad ag caitheamh uaireanta an chloig ag léamh, seans go bhfuil a gcara ag bualadh a mhná. Ní léiríonn an chuid is mó de na fir iompar gnéasach foréigneach. Ach tá siad á cheadú trí neamhaird a thabhairt air, agus mar mhná, tá na torthaí díreach mar a chéile dúinn. Gortaítear muid, arís agus arís eile. Maraíonn sé muid.
Níl sé furasta a bheith ag labhairt amach faoin ngnáth-ghnéasachas ar an eite chlé agus ní thugann sé sin réiteach tapa is néata dúinn sa tsochaí i gcoitinne. Is fiú go fóill é, fiú má tá an baol ann go bhfeictear mar dhuine deighilteach thú. Ní bheidh aon aontacht againn ar an eite chlé go dtí go mbíonn gach duine páirteach, is cuma cén inscne nó féiniúlacht inscne atá acu. Ní fiú an micreafón a chur chugainn mura bhfuil sibh ag éisteacht leis an méid atá le rá againn.