Gluaiseacht na mBan - Súil siar ar 2018


Nollaig na mBan a bhí ann inné.

Is sean-traidisiún Éireannach é ina dtiocfadh mná le chéile ar an 6ú Eanáir le Nollaig na mBan a cheiliúradh.

Ar an lá seo tugadh seans do mhná a scíth a ligean agus am a chaitheamh i gcuideachta a chéile.

Tá an sean-traidisiún seo á athbheochan le blianta beaga anuas.

Inné bhí ceolchoirmeacha, cóisirí agus imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre chun Nollaig na mBan a cheiliúradh.

In ómós don traidisiún, shocraigh muid ceist a chur ar Shiún Ní Dhuinn agus ar Chiara Ní Éanacháin súil siar a chaitheamh ar 2018 i dtaobh ghluaiseacht na mban de, agus seo a bhí le rá acu...

Close
Close