Michelle Nic Pháidín
Mahatma Gandhi, an Taj Mahal, spíosraí ildaite, ricseánna… sin na híomhánna a thagann chun cuimhne nuair a luann tú an India le daoine ach is é a mhalairt ghlan a thagann chun cuimhne domsa.
Feicimse aghaidh ghrámhar Danielle McLaughlin, 28, agus í ina suí i measc girseachaí beaga faoi chrainn. Chonacthas domh go raibh dóchas i súile Danielle, lasta le lúcháir de bheith ag déanamh a bealaigh féin, ag comhlíonadh a mianta agus í bródúil go raibh an uchtach aici imeacht ón bhaile agus saibhreas an tsaoil a bhlaiseadh sula dtiocfadh an tsean-aois uirthi. Sin deis nach bhfuair sí.
Fuaireas í marbh i bpáirc in Goa an bhliain sin, 2017. Rinneadh í a éigniú.
Tá an cás ag dul ar aghaidh go dtí an lá atá inniu ann agus é luaite ar cheann de na cásanna dúmharaithe is faide ar dhroim an domhain. Táthar ag súil go dtiocfaidh sé chun críche roimh dheireadh na míosa seo.
Níorbh é sin an chéad uair a tháinig scéal mo bhealach faoi bhrúidiúlacht i gcoinne na mban san India.
In 2012 léigh mé an scéal faoi Jyoti Singh, 22, a ndearna seisear fear éigniú uirthi ar bhus agus í ag pilleadh ón phictiurlann lena cara Avnindra Pratap Pandey.
Gnath-oíche a bhí ann don bheirt ógánach, iad in ardú meanma. Léim siad isteach ar an bhus i ndiaidh dóibh an scannán Life of Pi a choimhéad. Shuigh siad siar, aoibh an gháire orthu beirt, an bus ag sní fríd na sráideanna, soilse ildáite ag lasadh a n-aghaidheanna sular imigh an bus ar mhalairt slí. An lá dar gcionn fuaireas corp na beirte caite ar imeall an bhealaigh.
Buaileadh Avnindra Pratap Pandey go dona sular tógadh Jyoti go cúl an bhus, áit a ndearna an seisear í a éigniú ar feadh uair an chloig. Bhásaigh Jyoti taobh istigh de choicís as an ghortú fíochmhar a d’fhulaing sí.
Cás samhnasach déistineach a ghríosaigh ionam an cinneadh a dhéanamh gan dul ar chuairt chuig an tír sin fad agus a mhairfidh mé.
Léigh mé le gairid go ndeachaigh lucht leighis na hIndia ar stailc de bharr gur dúnmharaíodh agus gur éigníodh dochtuir mná a bhí i mbun treanála i mBeangál an 9 Lúnasa.
Cumann Leighis na hIndia a d’eagraigh an stailc agus dúradh gur mná is mó a bhí i mbun na stailce agus iad ag iarraidh go mbeidh láthaireacha oibre níos sábháilte do mhná ann amach anseo.
Tá sé deacair a chreidmheáil go gcaithfear dul ar stailc ar mhaithe lena leithéid de chúis sa lá atá inniu ann.
Creidimse go mór go bhfuil an ceart ag achan tír leanstan dá gcuid nósmhaireachta féin agus a gcultúr a chleachtadh ach tá líne dhearg shoiléir ann. Is gá deireadh a chur le gach cineál drochíde nó foréigin. Cuireann sé ar deargmhire mé nuair a chluinim faoin lámh láidir a bheith á húsáid i gcoinne fear, ban, páistí nó ainmhithe.
Faoi láthair, tá iarrachtaí ar bun san India an saol a dhéanamh níos sábháilte do mhná. Mar shampla in 2017 rinneadh stáisún gardaí a oscailt ar imeall Dheilí Nua, stáisiún nach bhfuil ach mná ag obair ann.
Agus tugadh ranganna do thiománaithe tacsaí ionas nach mbeadh siad ag stánadh ar dhaoine a thiocfadh isteach sa charr acu. Lena chois sin táthar ag cur ceartanna ar fáil do pháistí i scoileanna le go mbeidh dearcadh ceart cothrom acu i leith daoine eile agus iad ina ndaoine fásta.
Sin ráite, nuair a fuair Jyoti bás bhí go leor ráite sna meáin ag an am, bhí go leor cos ar na sráideanna, coinnle ina lámha ag daoine agus iad ag guí go mbeadh cothromaíocht ann do mhná. Ach le laethanta beaga anuas tharlaigh an rud céanna arís, bhí na coinnle ann, na cosa ar na sráideanna, agus glór na mban agus na meán ag iarraidh go mbeadh mná níos sábháilte ina dtír féin.
Téann coinnle as áfach.