Glao-dhualgas agus Teitheadh na (n-iar)Lianna

Eoin P. Ó Murchú

Bíonn glao-dhualgas gach 8 lá nó mar sin sa phost a bhfuilim ann faoi láthair in ospideál ollscoile i mBaile Átha Cliath. Inniu an Domhnach, agus cé go bhfuil an ghnáthsheachtain oibre curtha díom agam táim ar dualgas inniu. Tagaim isteach ar maidin, bailím mo bhlípire, rud beag ifreanda a bhaineann ó chodladh na hoíche mé gach seachtain beagnach.

Casaim féin agus mo chomhghleacaí le beirt na hoíche roimhe i seomra na ndochtúirí cónaithe. Ní raibh ach 2 uair an chloig codlata acu, gan a bheith go maith ach gan a bheith go holc. ‘Bain taitneamh as do chodladh’ a deirim le duine acu agus í ag fágáil. Tugaim faoi deara gur beannacht ag dochtúirí é seo tar éis bheith ar glao-dhualgas. Ní ‘slán’, ní ‘bain taitneamh as do lá’, ach ‘bain taitneamh as do chodladh’. Téim chuig na bardaí ar dtús, tuigim go mbeidh na liostaí le déanamh ag éirí fada cheana agus b’fhearr liom sos lóin a bheith agam ar ball, mar sin tugaim faoi.

Ar an Domhnach níl seirbhís fleibeatóime (daoine a dhéanann tastálacha fola) mar a bhíonn ann i rith na seachtaine, rud a fhágann go bhfuil ualach sách trom ar na hintéirnigh tástálacha fola a dhéanamh. Uaireanta beidh suas le 30 duine a bhfuil tástálacha de dhíth orthu, níl sé chomh dona sin inniu.

Blíp blíp, mise an chéad duine ar an liosta mar sin faighim an chuid is mó de na blípeanna nach éigeandálaí iad i rith an lae. Cannúl le cur isteach ar bharda anseo – séard is cannúl ann ná feadán caol le leachtanna is antaibheathaigh a chur isteach i bhféitheacha duine – ceann eile ansiúd. Duine tar éis titim is a chloigeann a bhualadh in éadan doirtil i mbarr an fhoirgnimh, duine eile a bhfuil saothar anála air is é ag dul in olcas mar aon leis an leibhéal ocsaigine ina chuid fola.

Tá na blípeanna ag teacht go tiubh, te, tapa anois. Thart ar a 3 bíonn ceapaire, criospaí agus cupán tae agam. Buaileann mo chomhghleacaí isteach leis. Ar lá maith, uaireanta bímid ag obair gan stad go dtí 11 nó níos déanaí san oíche. Blíp blíp i rith an tsosa agus mé ag filleadh ar na bardaí; brú fola ard ar dhuine i mbarda faoi leith, duine ag caitheamh aníos áit eile, pian mhór ar dhuine eile, duine ar bhain stróc de na haltraí ag rá go bhfuil a chaint leata air arís.

Ceann de na dúshláin is mó ná measunú a dhéanamh ar cé chomh práinneach is atá gach cás. Caithfear cúram a roinnt ar bhealach a bheidh chun leasa gach éinne, ach mar sin féin caithfear bheith éifeachtúil. Is cluiche dúshlánach measta é seo a bhíonn ag dul ar aghaidh i rith an ama, leathshúil ar an othar, leathshúil ar mo chuid nótaí, agus leathshúil eile fós ar an gclog.

San oíche agus deirí seachtaine tagann laghdú ar fhoireann an ospidéil ar fad, ach ardaíonn an cóimheas dochtúirí le haltraí go mór. Cé nach bhfuil an oiread sin imscrúduithe; íomháú, cóireálacha nó obráidí ag titim amach sna hamanna seo fós féin bíonn ualach mór ar an bhfoireann leighis. Agus líon na n-altraí, cúntóirí sláinte, agus dochtúirí tite, méadaíonn an brú ar gach éinne. Roinnt dochtúirí ar labhair mé leo deir siad go bhfuil dualgas na mbardaí ar glao-dhualgas i bhfad níos déine anois le hais mar a bhí roinnt blianta ó shin.

Tá othar isteach tagtha, is gá stair iomlán an duine a fháil, tuilleadh tastálacha fola, ECG, a chuid leigheas a leagan amach, cannúl a chur. Tá sé ag dul faoi angaplaiste ar maidin. Drochoíche bheadh go leor othar isteach ann tar éis meanoíche, anocht níl ach dhá cheann.

Ar an drochuair tá go leor blípeanna á bhfáil againn fós, tá mo chomhghleacaí gafa le stad cairdiach i mball éigin eile feadh uaire mar sin méadaítear ar an líon tascanna atá ag teacht i mo threosa. Pian sa chliabhrach agus mearbhall ar fhear, is féidir nach aon rud dáiríre atá i gceist ach caithfear cinntiú nach raibh taom croí aige. Cuirim buidéil bheaga fola chun bealaigh, nóta go seiceálfar i gceann uaire iad. Rithim trasna chun na saotharlainne leo agus siar chun na mbardaí.

Glaotar chun fear nach féidir leis a mhún a scaoileadh tar éis obraide mé. Tá sé i bpian le tamall, cuirim cataitéar isteach, piobán a théann trí úiréadra an fhir. Scaoileann sin an fhadhb agus an fual agus seo imithe pian an fhir. Is deas mothú go bhfuil beagán maitheasa á dhéanamh agat!

Bean le measúnú, teocht agus deirge sna cosa aici, is dóigh liom go bhfuil ionfhabhtú ann agus tosaím ar antaibheathaigh í. Tá sí féin agus a fear san ospidéal beirt, é tagtha isteach sa Rannóg Eigeandála thíos, tá sí trína céile agus tosaíonn ag caint liom ar bhreith anabaí iníne léi i bhfad siar. Déanaim iarracht beagán sóláis a thabhairt di, ach seo arís an glaoire.

Tá an fear eile ag caitheamh aníos fós. Seo mé síos chuige. Agus mé ann le cannúl le cur isteach, athbhreithniú le déanamh ar x-gha, tá an tiúb san áit cheart. Blíp blíp brú fola íseal. Ag 10.30 alpaim bia gasta Síneach, 25 nóiméad nó mar sin, beartaím féin agus mo chomghleacaí filleadh ar na bardaí arís iarracht mhór a dhéanamh sula dtabharfaidh duine againn aghaidh ar an leaba.

Tosaíonn cúrsaí ag éirí níos séimhe agus meánoíche scoite againn, is é sin nach bhfuil brú rith ó áit go háit faoi mar a bhí ar maidin ar feadh tamaill. Ag 1.30 tógaim an dá bhlípire ón intéirneach eile, téann sé a chodladh ar feadh 3 uair an chloig. Éiríonn sé ciúin go leor ach coinnítear gnóthach mé seachas 15 nóiméad de néal. Fógraím bás duine.

Tá seal an intéirnigh eile caite agus táim breá sásta nuair a thugaim uaim na blípghlaoirí. Is faoiseamh mór é a bheith imithe ó na síorbhlípeanna ach tá siad ag clingireacht leo i mo chuid cluas go fóill. Cuirim aláram ar siúl i gcóir 06.50. Dúisím, bailím mo ghlaoire is fillim ar mo ghnáthfhoireann.

Tarlaíonn go bhfuil an fhoireann gnóthach go maith inniu is bíonn orm fanacht go 11.30. Agus mé ag fágáil ar ball le hallas is díth codlata na hoíche ag goilliúint orm buaileann comhoibrí bleid orm sa phasáiste abhaile.

‘Bain taitneamh as do chodladh.’

Is dochtúir sóisearach é Eoin P. Ó Murchú. Ní comhairle leighis aon chuid den eolas thuas. Athraíodh roinnt sonraí sa chuntas seo thuas le nach mbeadh aon duine nó aon chás faoi leith inaitheanta ann ach is cuntas ionadaíoch é ar ghlao-dhualgas mar sin féin é.

Close
Close