Gallúnach cnó capaill: maith don timpeallacht agus do do phóca

Katie Saoidhbh McGreal

Tá an Fómhar tagtha! Ciallaíonn sin go bhfuil daltaí ag dul ar ais ar scoil, go bhfuil na laethanta ag éirí níos giorra, agus go mbeidh cuid mhaith againn ag filleadh ar amchlár níos rialta.

Ceann de na rudaí is fearr liom faoin bhfómhar ná na féiríní a thugann an dúlra dúinn lena n-úsáid ó lá go lá. Le blianta anois, bailím smeara dubha agus úsáidim iad le subh a dhéanamh. Bíonn an subh sin agam don chuid eile den bhliain agus ní bhíonn orm é a cheannach. Cuirim an chuid eile sa reoiteoir agus úsáidim iad i gcaoineoga agus i leite ar feadh míonna ina dhiaidh. Is breá liom gur féidir liom sméara úra a d’fhás go háitiúil a úsáid ar feadh i bhfad tar éis dóibh imeacht ó na driseoga.

Rud nua a d’fhoghlaim mé anuraidh ná gur fiú cnónna capaill a bhailiú, agus ní díreach le bheith ag spraoi leo. Thosaigh mé ag úsáid ‘soap nuts’ nó ‘cnónna gallúnaí’ le mo héadaí a ní le linn na paindéime. Is é atá i gceist ná mála beag a bhfuil cnónna istigh ann a fhágann boladh deas nádúrtha ar do chuid éadaí. Shíl mé go mbeadh siad níos fearr don uisce agus do mo chraiceann ná an ghallúnach a dhíoltar atá lán ceimiceán. Thaitin siad go mór liom ach thuig mé go raibh siad ag taisteal an-fhada le go bhféadfainn leas a bhaint astu. Fásann na cnónna áirithe sin ar chrann darb ainm sapindus mukorossi, crann a fhásann go nádúrtha san India agus i Neipeal. Thaitin na cnónna liom agus bhí siad an-éasca a úsáid ach ní raibh mé compordach leis an oiread taistil a bhí le déanamh acu - ansin fuair mé amach go ndéanann cnónna capaill na hÉireann an rud ceannann céanna!

Bhailigh mé roinnt cnónna anuraidh agus ghearr mé trí nó ceithre cinn acu ina leath le scian. Chuir mé iad sa mhála beag cadáis a d’úsáid mé do na cnónna gallúnaí eile agus chaith mé isteach sa mheaisín iad leis na héadaí. Bhí iontas an domhain orm nuair a tháinig na héadaí amach agus boladh deas úr uathu. Agus bhí sceitiminí orm lena chois!

Go minic, síleann muid go gcaithfidh muid níos mó airgid a chaitheamh agus rudaí éagsúla a dhéanamh lenár gcuid a dhéanamh ar son na timpeallachta ach ní shin mar a bhítear go minic! Leis an gcleas beag seo, níl airgead caite agam ar ghallúnach éadaí le os cionn bliana anois agus tá a fhios agam nach bhfuil aon cheimiceán olc ag dul isteach san uisce nó ar m’éadaí féin.

Ag brath ar an meaisín atá agat, seans go mbeidh ort teocht an uisce a athrú ar dtús. Nuair a fuair mé cnónna gallúnaí an chéad uair bhí meaisín nua agam agus d’oibrigh na cnónna go breá ar theocht íseal go maith ach ansin, bhog mé teach agus níor oibrigh na cnónna go dtí go raibh an teocht ag 50 céim. Mar sin de, an chéad chúpla uair a bhainfidh tú triail astu, seans nach mbeidh boladh úr ó do chuid éadaí ach níl le déanamh agat ach an meaisín a chur ar siúl arís láithreach ag teochtanna éagsúla agus sa deireadh tiocfaidh tú ar an teocht is fearr duitse, do do mheaisín agus do na cnónna.  

Agus mé i mo pháiste, thaitin sé i gcónaí liom cnónna capaill a bhailiú agus is breá liom anois go bhfuil cúis mhaith agam lena dhéanamh go fóill. Ní gá duit aon rud a dhéanamh do na cnónna le go mairfidh siad don bhliain ach an oiread.

Mar sin ná caill an deis gallúnach saor in aisce a fháil an Fómhar seo, díreach ón dúlra timpeall orainn!

Close
Close