Filleann an stair...

Robert McMillen

Tá leabhar thar a bheith suimiúil i ndiaidh a fhoilsithe. ‘The Protestant Community in Ulster, 1825-1845’ an teideal atá air agus Daragh Curran an t-údar.

Cé go mbaineann sé le Cúige Uladh beagnach 170 bliain ó shin, níl le déanamh ach amharc ar chlúdach cúil an leabhair lena thráthúlacht a thuigbheáil. 

Sa tréimhse roimh an Ghorta Mór, a scríobhann Darragh (i mBéarla), bhí athruithe radacacha os comhair phobal Protastúnach Chuige Uladh – athruithe sóisialta, polaitíochta agus eacnamaíocha.

Bhí dúshláin chasta roimh an mhóramh reiligiúnda i gCúige Uladh (mar a thugann Curran orthu) – meath thionscail an línéadaigh, feachtas Dhónaill Uí Chonaill cearta do Chaitlicigh a bhaint amach, agus rialtas i Londain a raibh an chuma air go raibh neamart á dhéanamh acu ar Phortastunaighnaigh dhílseacha an Chúige.

Wow. D’fhéadfaí an leabhair bheith suite i 2014.

Tá athruithe sóisialta, polaitíochta agus eacnamaíocha os comhair an phobail Protastúnaigh arís eile agus de réir cosúlachta, an tOrd Bhuí mar chuid lárnach den troid sin in éadan na n-ionsaithe, dar leo, ar fhorlámhas s’acu.

Tá na tionscail throma innealtóireachta a thug ioncam do chuid mhór Protastúnach den aicme oibre, i mBéal Feirste ach go hairithe, imithe ar shlí na fírinne le fada an lá.

Ní Dónall Ó Chonaill atá ag cur imní orthu ach Gerry Adams agus Martin McGuinness agus tá rialtas i Westminster nach bhfuil muinín ar bith ag aontachtaithe ann.

Thiar sa 19ú céad, bhí cúlú eacnamaíochta ag crá mhuintir Chuige Uladh. Bhí teicneolaíocht úr ag cur brú ar oibrithe fosta agus bhí meath i ndiaidh theacht ar thionscal an línéadaigh.

B’éigean d’fíodóirí mar shampla, arbh iad Protastúnaigh a mbunús, dul leis an sclábhaíocht (labouring) agus choinnigh líon mór na ndaoine seo tuarastail go híseal tráth a raibh cíosa arda ar na botháin ba shuaraí.

Ach in áit éirí amach in éadan an aicme a bhí ag baint brabús mór as a cuid oibre, chinn Protastúnaigh go raibh rudaí níos tábhachtaí ná a gcoinníollacha maireachtála – an forlámhas a bhí acu ar a gcomharsana Caitlicigh. Sin an fáth gur choinnigh siad an daimh a bhí acu leis an mhuintir a bhí “os a gcionn,” lucht na dtithe móra.

Chuir gach “géilleadh” do Chaitlicigh sa 19ú isteach ar Aontachtaithe mar a chuir sa 20ú céad agus anois sa 21ú céad – maolú ar chumhacht na ngiúistisí (tharla leasuithe sa chóras dlí le 40 bliain anuas agus is Caitlicigh iad an tArd-Aigne agus an an Stiúrthóir 3 Ionchúiseamh Poiblí); scor an ceithirne (disbandment of the yeomanry) (cosúil le scor na B-Specials agus athbhaisteadh RUC); athruithe i gcúrsaí oideachais (tá Ollscoil na Ríona anois mar “theach fuar” ag aontachtaithe) agus dul chun cinn an phobail Chaitlicí (amharc ar chuid de na fheidhmeannaigh stáit is mó cumhacht ó thuaidh agus líon na gCaitliceach ina measc).

Cad é an freagra a bhí ag na saoránaigh dílse seo do na hathruithe a bhí ag tarlú beag beann orthu sna fiche bliain sin idir 1825-1845?

Ar cheann acu, scríobhann Curran gur mhéadaigh líon na ndaoine a chláraigh leis an Ord Bhuí agus gur díríodh cuid mhór den aisfhreagra fríd an Ord.

An comhtharlú é go bhfuil an tOrd ar thús cadhnaíochta sna próisis idirbheartaíochta atá ag dul ar aghaidh le roinnt míonna anuas?

Is léir go bhfuil polaiteoirí aontachtacha agus paraimíleataigh ag teacht le chéile faoi scáth an Oird le troid a dhéanamh in éadan an dul chun cinn atá á dhéanamh ag náisiúnaithe sa stát sé chontae a cruthaíodh 190 bliain i ndiaidh thús thréimhse thagartha an leabhair.

Nuair a mhothaíonn siad faoi bhagairt, tá sé de nós ag Aontachtaithe de gach cineál theacht le chéile.

Tá an tOirmh. Mervyn GIbson ar na daoine is suntasaí san idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh idir na páirtithe polaitíochta le theacht ar réiteach ar fhadhbanna na mbratach, ar na mórshiúlta agus ar an am atá caite.

Agus tá go leor eile le rá sa leabhar a chuireann síos ar fhadhb amháin acu sin, mórshiúlta.

Scríobhann Curran go raibh an t-uasaicme Aontachtach snasta – giúistísí ina measc – neamhaird ar fhoréigean an uasaicme Phrotastúnaigh. Mar thoradh air seo, chreid siad go raibh siad os cionn an dlí.

Chaithfeá dianscrúdú a dhéanamh sula dtiocfá ar cháineadh ar an Ord ón DUP nó ón UUP i ndiaidh na gcíréibeacha i gceantar na Carraige Báine i 2005 nó i dtuaisceart Bhéal Feirste anuraidh.

Sa deireadh, b’éigean do rialtas Westminster an tOrd a chloí agus is dócha gur sin difear mór amháin idir an tréimhse úd sa 19ú haois, ní shamhlódh rialtas David Cameron choíche ar smacht a chur ar an Ord Oráiste.

169 mbliana i ndiaidh thréimhse an leabhair, tá an saol athraithe as a riocht ach tá aontachtaithe ag gearán faoi na rudaí ceanna is a bhí ag cur isteach orthu an fad sin ó shin.

Plus ça change …

Close
Close