Féile thábhachtach í Seachtain na Gaeilge

Seán Ó Dubhchon

Tá Seachtain na Gaeilge ar ais linn i mbliana agus tá ócáidí agus imeachtaí iontacha le tarlú idir anois agus an 17 Márta, ar fud na tíre agus i bhfad i gcéin chomh maith. Ceanglaíonn Seachtain na Gaeilge na Gaeil anseo in Éirinn agus na Gaeil atá ag cur fúthu i dtíortha eile, agus tá a fhios againn ar fad go bhfuil pobail bhreátha Gael scaipthe ar fud na cruinne. Bunaíodh Seachtain na Gaeilge sa bhliain 1902, nuair a bhí an t-oileán ar fad faoi chois na Breataine. Bhí géarghá leis an bhféile sa ré sin, le neart a thabhairt d’Athbheochan na Gaeilge agus aird a tharraingt ar ár dteanga agus ar ár gcultúr dúchais. Ach, an bhfuil áit ag Seachtain na Gaeilge in Éirinn na haoise seo?

Má bhreathnaímid ar na Sé Chontae, agus an méid iontach a dhéanann an Dream Dearg agus grúpaí eile le cothrom na féinne a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga, tuigimid ar fad go bhfuil géarghá leis an fheachtasaíocht agus ag an ghníomhú ar son na cúise, chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga agus ar ár gcultúr. Is tréimhse iontach é Seachtain na Gaeilge le haird a tharraingt ar na dúshláin atá amach romhainn mar phobal. Tá géarchéim thithíochta ann a chuireann isteach go mór ar cheantair Ghaeltachta agus ar na Gaeil atá ag iarraidh cur fúthu ina mbailte féin. Tá dúshláin mhóra do choláistí samhraidh agus feicimid ar fad an easpa maoinithe a chuirtear ar fáil don Ghaeilge in go leor réimsí difriúla.

Ó mo thaithí féin mar mhúinteoir bunscoile, táim go mór den tuairim go bhfuil an Ghaeilge i mbaol sa chóras oideachais, taobh amuigh de na Gaelscoileanna agus na scoileanna Gaeltachta, ina bhfuil an-obair ar siúl leis an teanga agus an cultúr a neartú. I mbunscoileanna agus meánscoileanna nach scoileanna lán-Ghaeilge iad, feicim go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag éirí níos tábhachtaí gach bliain le béim a chur ar theanga agus ar chultúr atá faoi ionsaí.

Is iomaí dúshlán atá ann don Ghaeilge mar ábhar scoile. Ar bhealaí, d’fhéadfá a rá go bhfuil géarchéim theanga ann. Cuireann an curaclam nua do bhunscoileanna, a gcuirfear tús leis go luath, béim ar theanga idirnáisiúnta a mhúineadh do pháistí ó rang a trí go rang a sé. Is iontach a rud é an t-ilteangachas, ach tá na difríochtaí sa chaighdeán Gaeilge atá ag múinteoirí bunscoile níos suntasaí anois ná mar a bhí riamh. Ní dóigh liom gur chor an tríú teanga a thabhairt isteach go dtí gur féidir linn dul i ngleic leis an easpa Gaeilge atá i gcuid mhór scoileanna.

Fiú má éiríonn linn an méid sin a chur ina cheart, tá constaicí eile romhainn san oideachas. Agus é faoi agallamh ar Newstalk le gairid, mhaígh Aodhán Ó Ríordáin gur chor an riachtanas Gaeilge d’ábhar oidí a scrios, agus brú a chur ar choláistí oiliúna caighdeán Gaeilge a n-ábhar oidí a fheabhsú. Dar leis, tá an riachtanas Gaeilge ina bhac ag daoine ó chúlraí difriúla atá ag iarraidh a bheith ina múinteoirí.

Is ábhar imní an méid a dúirt sé, ar dhá chúis. Ar dtús, spreagann sé an meon go bhfuil an Ghaeilge éilíteach mar theanga. Is iomaí troid a bhí agam le daoine, atá forásach dar leo féin, ach a cheapann gur rud meánaicmeach agus geal í an Ghaeilge. Is meon impiriúlach coilíneach postúil é seo. Is bealach slítheánta é seo le hionsaí a dhéanamh ar an teanga agus ar an phobal. Tuigimid ar fad gur pobal ilchineálach é pobal na Gaeilge, lenár gcairde agus ár gcomhghleacaithe mar fhianaise air sin. Tá sé ríthábhachtach go bhfuilimid, mar phobal, airdeallach ar na hiarrachtaí seo smál a tharraingt ar an Ghaeilge agus go dtugaimid a ndúshlán.

Maidir le deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, tá sé dodhéanta iarraidh ar choláistí oiliúna an caighdeán Gaeilge a ardú, go háirithe má smaoinímid ar an éagsúlacht, déine agus raon atá sna cúrsaí a dhéantar le cáilíocht mhúinteoireachta a bhaint amach. Mar shampla, tá múinteoirí bunscoile sa chóras oideachais a bhain Baitsiléir san Oideachas amach (cúrsa lánaimseartha, ar an láthair, thar tréimhse ceithre bliana i gcoláiste ar nós Institiúid Oideachais Marino) ag obair sa chóras céanna le múinteoirí a bhfuil cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain ar líne le Hibernia déanta acu. Ní féidir an t-ionchur Gaeilge céanna a dhéanamh sa dá chúrsa sin. Bheadh sé riachtanach go gcoinneoimid an riachtanas Gaeilge atá ansin le blianta, agus go mbeimid réidh an fód a sheasamh má dhéantar iarrachtaí é a scrios. Tá deacrachtaí sa chóras meánscoile chomh maith. Buíochas mór le Dia nár éirigh leis an iarracht ceann amháin de na páipéir Ghaeilge a dhéanamh ag deireadh an chúigiú bliain. Ní féidir linn na dúshláin a bhaineann le múineadh na Gaeilge sa mheánscoil a shéanadh agus beidh obair le déanamh le caighdeán labhartha na Gaeilge i gcoitinne a ardú i scoileanna Béarla.

Cé go bhfuil neart dúshlán romhainn, tá rud éigin speisialta ag tarlú don Ghaeilge faoi láthair. Tá sí á cur chun cinn sa ghnáthshaol agus i réimsí ina bhfuil an lámh in uachtar ag an Bhéarla.

Tá sé suntasach gurb iad Éadaoin Fitzmaurice, Manchán Magan agus Maura Derrane ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Is tionchaire í Éadaoin a bhfuil na mílte leantóirí ar líne aici. Cruthaíonn sí ábhar atá spreagúil, comhaimseartha agus dírithe ar dhaoine óga. Is scríbhneoir agus smaointeoir oilte é Manchán Magan, Gaeilgeoir cumasach a bhfuil rath agus séan bainte amach aige lena leabhair dhátheangacha, agus pobal na Gaeilge agus pobal an Bhéarla araon faoi gheasa ag a shaothar. Is láithreoir teilifíse í Maura Derrane, a rugadh agus tógadh sa Ghaeltacht agus a mbíonn na mílte daoine ó gach aoisghrúpa ag breathnú uirthi gach lá ar ‘The Today Show’ ar RTÉ 1. Ba rud cliste é iad a fháil mar ambasadóirí, ach rud a léiríonn go suntasach gur teanga idirghlúine í an Ghaeilge.

Agus cé a cheap riamh go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil ar an gcairpéad dearg ag na BAFTAs. Fuair mé ardú croí nuair a chonaic mé an t-agallamh iontach a rinne Caitlín Nic Aoidh leis an aisteoir Paul Mescal do TG4. Cé go raibh cuma neirbhíseach air ag an tús, rinne sé sáriarracht agus níl duine ar bith níos fearr ná Caitlín le hagallaí a chur ar a shuaimhneas. Ach léirigh an t-agallamh rud an-tábhachtach: iarracht. Caithfimid daoine a spreagadh le hiarracht a dhéanamh, ach caithfimid glacadh leis na hiarrachtaí sin chomh maith. Má théim chun na Spáinne, bíonn lúcháir ar na daoine áitiúla má dhéanaim iarracht an Spáinnis a labhairt, cé go ndéanaim praiseach de. Ba chor dúinn an-bhéim a chur ar an chur chuige sin mar phobal leis an teanga a choimeád ag fás. Is eiseamláir iontach é an t-agallamh sin don láíocht agus foighne a theastaíonn le fáilte a chur roimh Ghaeil úra.

Tá iliomad bealaí leis an Ghaeilge a chloisteáil anois. Táimid millte le hardchaighdeán na gclár teilifíse agus raidió, na bpodchraoltaí, na ndrámaí agus na scannán. Ní féidir linn labhairt faoin Ghaeilge in 2023 gan trácht a dhéanamh ar an scannán ceannródaíoch ‘An Cailín Ciúin’. Le blianta fada, tá Éireannaigh cleachta le bheith ag breathnú ar scannáin i ngach teanga faoin spéir, le dubáil nó le fotheidil, gan smaoineamh riamh ar scannán i nGaeilge a choimhéad. Léirigh ‘An Cailín Ciúin’ gurb iad saibhreas na scéalaíochta agus an caighdeán na gnéithe is tábhachtaí in aon scannán. Ós rud é go ndeachaigh ‘An Cailín Ciúin’ thar bhacainní teanga, tháinig daoine le hamharc ar scannán iontach agus chuaigh siad abhaile le fonn iontach orthu tabhairt faoin teanga arís.

Tá sé go hálainn an Ghaeilge a fheiceáil thart orainn ar fad, bíodh sé nuair a chanann Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta ar ‘The Late Late Show’, nuair a fheicimid leabhar i nGaeilge – ‘Rita agus an Dragún’ – ar na seilfeanna i siopaí mar cheann de leabhair Lá Domhanda na Leabhar, nó nuair a spreagann an BAÉs ó ‘Beo Ar Éigean’ daoine ar mhaith leo Gaeilge a fhoghlaim mar chuid den fheachtas ‘Creidim Ionat’.

Is féile í Seachtain na Gaeilge a thugann deis dúinn aird a tharraingt ar na dúshláin atá amach romhainn mar phobal, ach a thugann deis dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar na rudaí iontacha atá á mbaint amach trí Ghaeilge. Is féile iontach í Seachtain na Gaeilge agus bheadh an tír agus an pobal níos measa as gan í.

Close
Close