Concubhar Ó Liatháin
Taca an ama seo anuraidh bhí an tír ar fad ag teacht chuici féin tar éis thús geimhriúil 'Shneachtain na Gaeilge', nuair a chlúdaigh an tArracht ón Oirthear an tír le brat ban. Toradh doshéanta ar an athrú aeráide a thagann den téamh domhanda, rud a bhfuil fás agus forbairt an chine dhaonna ag cur leis go mór.
Tháinig sé chun solais an tseachtain seo go bhfuil comhairle tugtha ag Met Éireann dá fhaisnéiseoirí a bhíonn ar na meáin agus iad ag insint duinn faoin aimsir ar cheart dúinn a bheith ag súil léi.
An chomhairle a tugadh gan a bheith ag tabhairt le fios go bhfuil an t-athrú aeráide do-athraithe nó nach féidir é a sheachaint, in ainneoin a dhuairce atá an scéal, mar go n-imreoidh scéalta gruama tionchar ar dhaoine sa mhéid is má cheapann siad nach féidir leo stop a chur leis an athrú aeráide, go leanfaidh siad le drochnósanna a bhrostaíonn an t-athrú aeráide céanna.
An rud atá á rá go lom ná go bhfuil dóchas san áit a bhfuil beocht. Ná maraigh an dóchas trí bheith róghruama.
Tá ceacht le foghlaim againne, cainteoirí is gníomhaithe teanga, ón méid atá á dhéanamh ag Met Éireann.
Rud amháin nach féidir a rá faoi Met Éireann go bhfuil siad ag séanadh gurb ann don 'athrú aeráide'.
Glacann siad leis ach tá siad ag iarraidh a bheith cinnte de nach bhfuil siad ag scaipeadh scéalta a dhéanann níos measa é.
‘Dlí na dtorthaí nach rabhthas a iarraidh’ a thugtar ar an bprionsabal sin.
Tá go leor i saol na Gaeilge is na Gaeltachta ag tuar le fada féarach an lá go bhfuil ár gcosa nite, go bhfuil Lá an Luain chun bualadh leis an nGaeltacht mar is eol dúinn í laistigh de 10 nó 15 bliana.
Táimse tuisceanach ar na dúshláin atá roimh an nGaeltacht: manglam de thosca ina n-áiritear suim neamhdhóthanach an Rialtais, míchumas an Rialtais, easpa cur chuige na n-eagras stáit ar fad i gceist an chultúir/na teanga, forbairt is fás an chine dhaonna i ré na teicneolaíochta is na hollchumarsáide.
Ní shéanaim, an oiread is nach séanann Met Éireann athrú aeráide, ar feadh soicind chomh tromchúiseach is atá na nithe sin ach feictear dom go bhfuil athrú straitéise de dhíth chun tabhairt faoi na dúshláin a shárú.
Is cinnte gur chabhraigh na 'scéalta báis' le cás na Gaeilge san am atá caite sa mhéid is go raibh sé i gcónaí intuigthe le haon rud a bhí á éileamh ag pobal na Gaeilge is na Gaeltachta go mbeadh bás na teanga mar iarmhairt ar dhiultú an éilimh sin.
Ag an am céanna, fiú is go bhfuil na dúshláin seo romhainn go fóill, táimid ag iarraidh spás a aimsiú i ndomhan ina bhfuil fearg ann ar go leor chúiseanna.
Seans go gcaithfear 'Dearg le Fearg' a dhíchoimisiúnú ar mhaithe leis na spriocanna céanna a bhaint amach, ach le cur chuige difriúil.
Tá feachtais chiallmhara ar bun ag daoine aonaracha agus údar is éifeacht leo.
Tugaim mar shampla feachtas Chiaráin Uí Chofaigh tabhairt ar na húdaráis an 'fada' a thabhairt ar ais dúinn mar go sáraíonn sé rialacha cosaint sonraí.
Táim féin ar a shon agus ag tacú freisin leis an bhfeachtas go mbeadh 'fadaí' ar ainmneacha ar na 'Leap Cards', sin fiú nach bhfuil córas iompair phoiblí le dealramh anseo i Múscraí mar a bhfuil cónaí orm faoi láthair.
Chuireas féin feachtas ar bun tamall de bhlianta ó shin go mbeadh rogha de thrachtaireacht Ghaeilge ann ar chluichí móra spóirt.
Tá dul chun cinn áirithe déanta sa mhéid go bhfuil sé ar fáil do bhabhtaí na gcraobhacha Uile-Éireann ach ba mhaith liom go mbeadh an rogha ar fáil don sacar, rugbaí is spóirt eile freisin - na hócáidí móra 'saor go haer' ar a laghad.
Tá rudaí suimiúla ag tarlú i saol na Gaeilge.
Sampla de sin an borradh atá ag teacht faoi cheol comhaimseartha na Gaeilge - cinnte, is aistriúcháin iad cuid acu ach ag an am céanna tá beartais mar Ceol 18 is ceoltoírí ar nós Sibéal, InniK, Kneecap is eile le moladh.
Tá siad ag cur go mór lenár saol.
Bhíos i láthair ag Imbolc, 'Ted Talks na Gaeilge' mar a thugtar orthu, i mBaile Mhúirne le déanaí agus Peadar Ó Caomhánach is Osgur Ó Ciardha ag caint faoin 'Pop Up Gaeltacht' a bhfuil a bhrat nó a mhana le feiscint i ngach áit ar fud na cruinne faoi láthair.
Níl faic a thaitníonn níos le cainteoirí Gaeilge ná a bheith ag caint agus ag ól... mise san áireamh.
Tá siad ach áit, seachas an Ghaeltacht féin.
Is amhlaidh go mbeadh sé ina aimhrialtacht ama is spáis den chineál a bhíonn ag déanamh tinnis do lucht 'Star Trek' dá mbeadh "Pop Up Gaeltacht" á reachtáil sa Ghaeltacht.
Ach mar a deirim féin, dá gcuirfeá 'preabshiopa' ar Shráid Grafton a mheallfadh tuilleadh siopadóirí le bheith ag caitheamh a gcuid airgid ar an tsráid, an mbeadh na siopadóirí ag gearán?
Is mar a chéile an scéal le Seachtain na Gaeilge, féile mhór na Gaeilge nach ndéantar a cheiliúradh sa Ghaeltacht an oiread is gur chóir mar, tá's agat, gur cheart go mbeadh 52 Sheachtain na Gaeilge i ndiaidh a chéile in aghaidh na bliana sa Ghaeltacht.
Táimíd róghreamaithe don teorainn chrua atá crochta timpeall againn ar an tuiscint ar an rud is Gaeltacht ann.
In ainneoin na scéalta báis, is neach beo í go fóill is tá sí ag fás is ag forbairt, ag éabhlóidiú, léi.
Creidimse go gcaithfimid gach seans a thagann ár dtreo a thapú chun deascéalta i leith na Gaeilge a chur i lár an aonaigh sa Ghaeltacht go háirithe.
Níl am agam a thuilleadh chun fearg a chur san áireamh i mo shaol mar go dtuigim go meileann sé an iomarca ama orm í a ruaigeadh tar éis í a scaoileadh isteach.
Más maith libh a thulleadh den chineál seo a chloisint, bígí ag éisteacht le mo phodchraoladh nua, iGaeilge, ar féidir teacht air ar líne.
Thosnaigh mé an podchraoladh mar gur mhothaíos go raibh easpa mhór de rogha Ghaeilge i réimse na podchraoltóireachta.
Mar a dhéarfadh Barack Obama, bí tusa an t-athrú ba mhaith leat a fheiscint ar an saol.
Bain taithneamh as Seachtain na Gaeilge!