Eisiach: Ardú 9.5% tagtha ar líon na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga tí acu sna Sé Chontae

Is ábhar dóchais iad na figiúirí is déanaí ó thuaidh ach níl stádas Ghaeilge na hAlban mar theanga tí chomh folláin céanna...

Ciarán Dunbar

Tá ardú tagtha ar líon na bpáistí sna Sé Chontae a bhfuil an Ghaeilge acu mar phríomhtheanga an tí acu, de réir figiúirí atá faighte ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann.

Dar leis an Roinn, tá Gaeilge ag mar phríomhtheanga ag 529 bpáiste i scoileanna ó thuaidh i mbliana, ardú 48 bpáiste, nó 9.5%, ó bhí scoilbhliain 2017/18 ann.

Ag an am sin, cheistigh eagraíochtaí Gaeilge cruinneas na bhfigiúirí seo agus modheolaíocht na Roinne ach níor cuireadh aon fhianaise chun tosaigh le daonáireamh na scoileanna a bhréagadh.

Bailítear an t-eolas sin mar chuid de dhaonáireamh na scoileanna – atá bunaithe ar na daltaí cláraithe leis an scoil ar an Aoine sa chéad seachtain iomlán i mí Dheireadh Fómhair.

Tugtar le fios gurb é an sprioc atá leis an cheist fáil amach an mbeadh deacrachtaí ag páistí áirithe teagasc trí mheán an Bhéarla a thuiscint. 

De réir an daonáirimh seo, níl Albainis Uladh mar phríomhtheanga ach ag seachtar páiste sa chóras scolaíochta ar fad.

Tá tuairim agus 7,000 dalta cláraithe i nGaelscoileanna an Tuaiscirt dar réir na bhfigiúirí is déanaí ó Chomhairle na Gaelscolaíochta.

Tar éis an Bhéarla, is iad an Pholainnis (6,983) agus an Liotuáinis (3,101) an dá theanga is mó a labhraítear ag boird dinnéir Thuaisceart na hÉireann.

Tá droch-chás na Gaeilge in Albain (‘Gàidhlig’) léirithe ag macasamhail na bhfigiúirí seo in Albain.

Níl Gaeilge na hAlban mar phríomhtheanga tí ach ag 588 bpáiste sa tír ar fad i mbliana, de réir staitisticí atá curtha ar fáil ag Rialtas na hAlban. Tá 4,846 pháiste ag foghlaim trí mheán Ghaeilge na hAlban sa tír.

Tá riocht níos fearr ar an Albainis thall áfach – tá sí mar phríomhtheanga tí ag 6,270 páiste.

Ní nach ionadh, is í an Pholainnis an dara teanga is láidre mar phríomhtheanga tí ann (17,371), agus tá Urdúis sa tríú háit (6,635).

Más truacánta stádas Ghaeilge na hAlban mar theanga tí in Albain faoi láthair áfach, tá sí san fhaopach céanna le tamall fada agus ní léir go raibh titim shuntasach ann le blianta beaga anuas.

Bhí 606 pháiste a raibh Gaeilge na hAlban mar phríomhtheanga tí acu sa bhliain 2010, 516 ann in 2015, agus 541 anuraidh.

Deir saineolaithe ar stádas Ghaeilge na hAlban nach ábhar iontais an líon íseal seo óir tá meath ar sheachadadh tras-ghlúine na teanga le fada an lá agus is annamh a labhraítear í sa teach mura bhfuil sé ag an dá thuismitheoir agus ní cinnte an cleachtas é fiú sa chás sin.

Lena chois sin, táthar ann a deir go bhféadfadh sé go mbeadh Gaeilge na hAlban mar dhara teanga tí ag páistí áirithe ach nach mbailítear staitisticí maidir leis sin.

Pé scéal é, cuirfidh an t-eolas seo leis an díospóireacht atá ag dul ar aghaidh in Albain ar dhrochstaid na teanga maidir le conas dul i ngleic lena meath mar theanga phobail.

Is fiú a rá gur dócha gur cainteoirí dúchais traidisiúnta iad bunús na bpáistí seo in Albain agus gur cainteoirí na hathbheochana iad bunús na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu sna Sé Chontae.

Close
Close