Cóilín Duffy
Bhain an Chálastáin bua 6-0 amach ar Chumann Sacair Gaeilge in Wolverhampton Shasana, oíche Dé Sathairn, ach ní thugann an scór deiridh léargas iomlán ar an iarracht a rinne foireann na hÉireann ina gcéad chluiche idirnáisiúnta.
Is í atá sa Chálastáin ná ceantar i bPuinseáb ar mhian leis an bpobal Suíceach go ndéanfaí stát ar leith de.
Bhí an cluiche stairiúil ar siúl sa Guardian Warehousing Arena in Willenhall agus ba ghné ar leith den ócáid gur imreoirí le Gaeilge ó gach cearn den tír a bhí ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn. Tháinig an scuad le chéile trí Chumann Sacair Gaeilge, a bunaíodh chun deiseanna a chruthú do dhaoine an cluiche a imirt trí mheán na Gaeilge.
Cuireadh na hÉireannaigh faoi bhrú mór ón tús agus an Chálastáin tapa contúirteach san ionsaí. D'ainneoin sin, sheas an chosaint go láidir sa chéad cheathrú agus ag an gcéad sos uisce ní raibh ach cúl amháin idir na foirne, Éire 1-0 taobh thiar.
Bhí fear Lú Proinsias Mac Ruaidhrí, agus Rian McShane ó Bhéal Feirste, go mór chun cinn sa tréimhse sin. Rinne siad idirghabhálacha tábhachtacha agus chuir siad isteach ar roinnt ionsaithe agus an Chálastáin ag iarraidh an buntáiste a mhéadú.
Taobh thiar díobh, bhí Joe Ó Colla ar fheabhas idir na cuaillí. Is iar-imreoir faoi aois de chuid Manchester United é agus léirigh sé a chumas le neart sábhálacha tábhachtacha. Bhí sé gnóthach ar feadh cuid mhaith den chluiche agus chuir a fheidhmíocht cosc ar an gCálastáin bearna níos mó fós a chruthú.
Thug na comhchaptaein Darren Ó Dubhgáin agus James Mac Éinrí ardcheannasaíocht don fhoireann. Choinnigh siad na himreoirí eagraithe agus spreag siad iad nuair a bhí an brú ag méadú.
Ag an taobh eile den pháirc, rinne Oisín Mac Aodha as Cois Fharraige sáriarracht chun tosaigh. Ní raibh mórán spáis ná seilbhe ar fáil dó, ach d'oibrigh sé go dian, chuir sé brú ar na cosantóirí agus rinne sé iarracht bealach a aimsiú tríd an gcosaint nuair a tháinig deiseanna na nGael.
De réir mar a chuaigh an cluiche ar aghaidh, thosaigh caighdeán agus taithí na Cálastáine ag teacht chun cinn. Bhí go leor oibre déanta ag na hÉireannaigh gan an liathróid agus d'éirigh sé níos deacra na bearnaí a dhúnadh. Tháinig tuilleadh cúl agus chríochnaigh an cluiche 6-0, ach níor ísligh na leaideanna a gceann agus lean orthu ag obair dá chéile go dtí an fheadóg dheireanach.
Bhí 18 imreoir sa scuad. Chomh maith leo siúd a bhí chun tosaigh sa tuairisc, bhí an t-athair agus mac as Doire ó dúchas, Oisín Mac Eó agus Dónal Ciarán Mac Eó, páirteach, chomh maith le Seán Óg Mac Éinrí as an Lorgain agus Joe Mac an Fháil as Iarthar Bhéal Feirste.
Bhí Dualta Mac Lochlainn agus Chris Ó Biadha ó Ghaillimh ann, mar aon le Cian Hade as Cabrach i mBaile Átha Cliath. Bhí ionadaíocht láidir ó Dhún na nGall freisin le hÉamonn Ó Duibheannaigh, Donnachadh Ó Duibheannaigh, Donnchadh Ó Cathasaigh agus John Ó Fearraigh, agus bhí Cóilín Duffy mar chuid den scuad chomh maith.
Cé gur tháinig na himreoirí ó chúlraí agus ó chumainn éagsúla, ba í an Ghaeilge an nasc eatarthu. Ní raibh mórán ama acu le chéile roimh an gcluiche agus, dá bhrí sin, ba thaithí luachmhar í dul in iomaíocht le foireann láidir idirnáisiúnta.
Bhí gné eile den deireadh seachtaine chomh tábhachtach céanna leis an méid a tharla ar an bpáirc. Chuir muintir na Cálastáine fáilte thar a bheith croíúil roimh na hÉireannaigh in Wolverhampton agus bhí meas agus cairdeas le sonrú idir an dá ghrúpa.
Tar éis na hiomaíochta ar an bpáirc, bhí deis ag na himreoirí agus ag lucht tacaíochta an dá thaobh bualadh lena chéile agus níos mó a fhoghlaim faoi chultúr agus faoi chúlra a chéile. Léirigh sé sin an méid is féidir le sacar a dhéanamh chun pobail éagsúla a thabhairt le chéile.
Beidh ceachtanna le foghlaim ag Cumann Sacair Gaeilge ón toradh, ach bhí neart dearfach le tabhairt ón gcéad chluiche seo. Sheas an fhoireann go maith sa tréimhse tosaigh, fuair siad blaiseadh den chaighdeán idirnáisiúnta agus lean siad orthu ag imirt le croí agus le díograis fiú nuair a bhí an toradh ag imeacht uathu.
Ní raibh bua i ndán dóibh in Wolverhampton, ach cruthaíodh píosa staire. Den chéad uair, chuaigh foireann Chumann Sacair Gaeilge chun páirce thar lear i gcluiche idirnáisiúnta, le himreoirí ó áiteanna éagsúla aontaithe ag an sacar agus ag an nGaeilge – agus cairdeas nua cruthaithe acu leis an gCálastáin ar an mbealach.
CUMANN SACAIR GAEILGE: Oisín Mac Aodha, Oisín Mac Eó, Dónal Ciarán Mac Eó, Dualta Mac Lochlainn, Cóilín Duffy, John Ó Fearraigh, Éamonn Ó Duibheannaigh, Donnchadh Ó Duibheannaigh, Donnchadh Ó Cathasaigh, Darren Ó Dubhgáin, James Mac Éinrí, Seán Óg Mac Éinrí, Rian McShane, Joe Mac an Fhailí, Proinsias Mac Ruaidhrí, Chris Ó Biadha, Joe Ó Colla, Cian Hade.



