Dubai: airgead as cuimse ach easpa saibhris

Michelle Nic Pháidín

Ag éisteacht le ceol Arabach domh agus mé ar chúl cairr a bhí ag tiomáint i dtreo an fhásaigh, smaoinigh mé ar an mhéid a chonaic mé le cúpla lá. Ní raibh ach méid beag ama caite agam i nDubai ach chonacthas domh go raibh sé ar nós domhan iomlán eile.

D’amharc mé ar an ghrian a bhí ina bolgán dearg thar na cnoic agus smaoinigh mé ar cé chomh héagsúil agus atá an saol seo ón bhaile bheag inár tógadh mé.

Tá saibhreas ann - saibhreas ar leibhéal nach bhfaca mé a leithéid ariamh. Ar an dara lá sa chathair bhí mé istigh i siopa seodra aitheanta. Bhí bean ina suí ag tábla ag ceannach luach na gcéadta mílte de sheodra. Ní dhearna sí ach a ceann a chlaonadh nuair a bhí sí ag iarraidh rud inteacht a cheannach.

Tá an t-ionad shiopadóireachta is mó ar domhan sa mhórchathair seo de chuid Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus istigh annn feicfidh tú daoine ag siúl timpeall le málaí Hermes, Louis Vuitton agus Rolex. Ní raibh na daoine seo fiú ag smaoineamh ar feadh soicind cé acu an raibh an t-airgead ina gcuntas le rudaí a cheanach nó nach raibh - níor ghá dóibh.

Sin ráite, tá cairdeas ina súile. Ní miste leo comhairle a chur ort agus labhairt leat. San óstán ina raibh muid ag cur fúinn ní raibh siad ábalta go leor a dhéanamh dúinn.

D’ainneoin go bhfuil cuid mhór cuairteoirí ag tarraingt ar an chathair, bhí an bia an-chostasach go deo. Sna háiteanna ina raibh muid ag ithe ár ndinnéar, ní raibh muid ábalta buidéal fíona a cheannach ar níos lú ná €80 - threabh muid linn d’ainneoin an chruacháis. Thit mo chroí féin nuair a chonaic mé go raibh iógart amháin €9 i siopa áirithe - fágadh sin san áit a raibh sé.

Tá an chathair féin glan, fíorghlan gan oiread agus píosa amháin de bhruscar le feiceáil ó mhaidin go nóin. Déantar an-iarracht an áit a choinneáil chomh glan agus is féidir. Tá foirgnimh ann a bhriseadh fríd na néalta dá mbeadh néalta ann agus san oíche lasann siad suas mar a bheadh crainn Nollag ann. Tá foirgneamh amháin ann ar a dtugtar Sparkle Towers fiú.

Fhad agus a bhí muid ann ní fhaca mé oiread agus duine amháin ina chodladh ar na sráideanna. Bhí an áit iontach sábháilte san oíche. Agus muid in ionad siopadóireachta lá chonaic mé gur fhág máthair a mála ina luí taobh amuigh den áit a raibh sí ag cur clúidín ar a leanbh agus é ar oscailt agus a sparán ann - léirigh sin a laghad coireachta atá sa chathair.

Mar sin fén, cé nach raibh duine ar bith ina luí ar na sráideanna, dúradh linn go raibh daoine ann a bhí ina gcónaí i gceantracha ar a dtugtar ‘compounds’. Sin daoine ó bhaile isteach a bhí ag obair sa chathair seacht lá na seachtaine, cuid acu ó tíortha ina raibh siad beo ón lámh go dtí an béal, le pá a shaothrú.

Labhair mé leo seo a bhí ag obair sna siopaí agus d’admhaigh cuid mhór acu go gcronaíonn siad an baile. Bhí bean amháin as an Liotuáin ann a dúirt liom go raibh sí ag cur fúithi sa chathair ar feadh 8 mbliana. Bhí a máthair ag teacht ar cuairt aici an lá dár gcionn agus is í a bhí sásta. D’fhiafraigh mé di ar chuir sé as dithe nach raibh na cnoic le feiceáil, nach raibh mórán spásanna glasa timpeall uirthí, nach raibh roimpi gach lá ach ballaí concréite. Chonaic mé brón ina súil ar feadh soicind ach dúirt sí nár chuir sé isteach ná amach uirthi.

Labhair mé le fear eile i siopa seodra a bhí ag dul ‘na bhaile den chéad uair le 15 mhí. Bhí sé ag súil go mór lena thuismitheoirí a fheiceáil. Ba as Srí Lanca dó agus labhair sé go fileata faoina bhaile agus faoi nósmhaireacht na tíre, cé nach raibh sé chomh moltach céanna faoi chúrsaí polaitíochta ann. Bhí an oiread sin lúcháire air a bheith ag dul ‘na bhaile go dtug sé cuireadh domh féin agus mo chuid cairde dul ar cuairt aige.

Nuair a d’fhill mé ar Éirinn agus chonaic na bláthanna amuigh, smaoinigh mé gur bheag bláth a thug mé faoi deara sa chathair shaibhir ghalánta úd. D’éist mé le scairt na bhfaoileán, rud nár mhothaigh mé i nDubai. D’amharc mé ar na cnoic a raibh mé ag tiomáint ina dtreo agus chonacthas domh go raibh siad ní ba ghlaise ná a bhíodh. Smaoinigh mé go raibh mé ag tiomáint ‘na bhaile chuig mo theaghlach agus sa soicind sin thuig mé go raibh níos mó de shaibhreas agamsa nó a d’fhéadfadh airgead de chineál ar bith a cheannach.

Close
Close