Drumaí Difriúla ach Spiorad an tSamba i Réim

Ian Malcolm

Coicís ó shin, bhí mé sa teach ag féachaint ar chluiche na Brasaíle sa Chorn Domhanda. Oíche Shathairn a bhí ann agus mise ar mo sháimhín só. Bhuel, is maith liom an sacar, go háirithe agus beoir fhuar i mo lámh.

Bhí spiorad an tSamba le brath agus mhothaigh mé go raibh na drumaí ag cur go mór leis an ócáid. Dar fia, nach raibh! Bhí na leaids sin callánach, a shíl mé, agus iad ag éirí níos callánaí an t-am ar fad.

D’éirigh siad iontach callánach, chomh callánach, go deimhin, gur cheap mé go raibh siad ag seinm taobh amuigh de mo dhoras féin. Bhí na drumaí ‘Samba’ sin mar rabharta fuaime, ag teacht i dtír ar chladach na gcluasa s’agamsa.

Ach ansin, mhothaigh mé tonn sa chrith talún fuaime seo. ‘Here Lies a Soldier’ a bhí ann. Rith sé liom sa deireadh nach raibh na drumaí ‘Samba’ thall sa Bhrasaíl ach abhus, ar Chréag na hAbhann.

Le fiosracht, chuaigh mé go dtí an doras, áit a bhfaca mé paráid ag dul thart. Bhí na mná gléasta suas mar bhanaltraí agus na fir mar bhuachaillí óga a bhí ag tabhairt aghaidhe ar ghoirt chatha na Beilge is na Fraince.

Comóradh an Somme a bhí ann, sár-iarracht déanta ag lucht an mhórshiúil dathanna, atmaisféar agus mothúcháin na haimsire sin a chur in iúl fríd na héidí agus an ceol. Rinneadh slad ar ár n-óige, Protastúnaigh agus Caitlicigh araon, le linn na tréimhse fuiltí sin ar acraí áir na hEorpa.

Tháinig rabharta eile orm sna soicind sin sular phill mé ar an chluiche. Mhothaigh mé bródúil: bródúil as an éacht a rinne ár sinsir chun córas daonlathach a chaomhnú dúinn nuair a bhí coinneal na saoirse i gcontúirt a múchadh… agus bródúil go bhfuil muid fós ag ceiliúradh chrógacht na ndaoine óga a fuair bás ar ár son ar pháirceanna dearga an phoipín.

Déarfaidh mé libh gur chuir an mórshiúl sin gliondar croí orm. Tá paráideanna mar pháirt den chultúr s’agamsa agus ní chuirim fiacail sa scéal nuair a deirim go bhfuil mé bródúil as m’oidhreacht.

Bhí. Tá. Agus beidh.

Mar a tharlaíonn, tá mo sheantuismitheoirí curtha i Reilig Dhroim Chrí, acra clúiteach ar imeall Phort an Dúnáin atá i mbéal an phobail leis na blianta. Caolseans nár chuala tú iomrá air.

Is dócha go bhfuil buntáiste agam sa chaoi is nach bhfuil mé i mo chónaí i mBéal Feirste, áit a bhfuil paráideanna conspóideach nó mar chúis argóna idir polaiteoirí atá ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an taobh eile.

Tuigim cad chuige a mothaíonn Náisiúnaigh níos lú ná compordach nuair atá mórshiúlta ag dul fríd na ceantair ’s’acusan’.

Tuigim nach bhfuil siad ar aon intinn liomsa maidir le cad is oidhreacht ann. Tuigim go gcuireann cultúr nach mbaineann leo isteach orthu.

Ach tá rudaí difriúil faoin tuath – le corr-eisceacht amhail Port an Dúnáin – agus is iomaí scéil go fóill faoin fheirmeoir Chaitliceach a thuganns lá cuideachta dá chomharsan Phrotastúnach ar an lá mhór. Traidisiún seanbhunaithe agus inmholta atá ann.

Bíonn rudaí difriúil sa chathair ar a lán cúiseanna agus ar a lán bealaí. Tá luas an tsaoil difriúil fiú amháin agus bíonn súil na meán dírithe ar achan ghné de na ‘difríochtaí’ idir an ‘dá phobal’ a mhaireanns inti.

Ní thig liom a rá go bhfuil réiteach míorúilteach agam ar fhadhbanna Ard Eoin ach is dóigh go bhfuil easpa tuisceana ann ar an dá thaobh – rud atá fíor maidir lena lán a bhaineanns le sochaí atá measctha suas go fóill tar éis 40 bliain de na Trioblóidí.

Tá sé suntasach agus minic-ráite go dtarlaíonn cúpla míle mórshiúil i rith na bliana anseo ach ní bhíonn ach dornán an-bheag acu conspóideach ar bhealach ar bith.

Agus mé ag pilleadh ar an tsacar an oíche úd, rith cúpla smaoineamh eile liom:

Ar dtús, cad chuige faoin spéir ar shíl mé go mbeadh ‘Here Lies a Soldier’ ag drumadóirí Samba?

Ach, níos tábhachtaí b’fhéidir, d’aithin mé go bhfuil dhá Dhóú Lá Déag ann: an ceann ciotach, achrannach atá le feiceáil in Ard Eoin, agus an leagan tuathúil a fheiceann muid ar na bailte beaga – is móra – fud fad an Tuaiscirt.

Is maith is eol domh cé acu is mó a thaitníonn liom.

Close
Close