Dráma Carla

Ciarán Ó Pronntaigh

Níor úsáid Carla Lockhart léirsiú Phort an Dúnáin mar ócáid lena himeacht ón DUP a fhógairt. Níor ghá di, is dócha. Bhí roinnt mílte i láthair oíche Shathairn ar oíche fhuar fhliuch agus níor chuir aon duine de na cainteoirí srian lena bhfearg le linn na n-óráidí. Agus thar dhuine ar bith eile, thug an feisire áitiúil óráid neamhghéilliúil uaithi.

Bhí an dream ann, go cinnte, lena míshástacht a chur in iúl faoi mhórshiúl trí Bhóthar Gharbhachaidh ach bhí dráma níos suimiúla á léiriú ar an ardán réamhdhéanta sin le linn Stoirm Boelo. Tá a fhios againn go maith faoin am seo gur mian le Carla Lockhart go n-éireodh Emma Little-Pengelly as a ról mar LeasChéad-Aire. Ar an dóigh sin, bheadh ar an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, éirí as chomh maith. Seo an rogha núicléach agus dá mbeadh an cnaipe faoina hordóg aici, sin an rogha a ghlacfadh Carla. Agus bhí dream fliuch Phort an Dúnáin ar aon fhocal léi.

Díol suntais nach raibh ceannaire an DUP, Gavin Robinson, ná an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, i láthair ar an oíche. Cúpla lá roimhe, rinne Gavin cosaint lag ar a pholasaí ar an chlár pholaitiúil The View, ag rá nach réiteodh éirí as na fadhbanna a bhaineann leis an bhuiséad agus gurbh iad an DUP a bheadh thíos dá mba iadsan a bhrúigh an cnaipe. Beag an tionchar a bhí ag an argóint sin ar Carla Lockhart nó thug sí bualadh bos nuair a cháin Nigel Dawson, fear buí sinseartha as Port an Dúnáin, cur chuige Gavin. Agus ansin, thug sí a hóráid féin ag rá nach raibh aon dul as ach bata agus bóthar a thabhairt do Michelle O’Neill. An bhfuil an bhearna anois rómhór idir í agus ceannairí an pháirtí? An féidir go mbeadh aon bhealach ar ais ag Carla?

Má tá sí le himeacht, níl aon chomhartha ann go bhfuil deifir uirthi. An amhlaidh go dtig léi níos mó dochair a dhéanamh do chur chuige Gavin Robinson trí fhanacht istigh agus brú a choinneáil air? De réir na dtuairiscí, ní bheadh tromlach ag dearcadh Carla Lockhart taobh istigh den DUP, go háirithe iad siúd atá sa Tionól. Tuigeann siad go maith cad é a tharla an t-am deireanach ar chuir siad deireadh leis. Tá cineál de bhuaileam sciath ar siúl faoi láthair – glórtha arda fíochmhara in éadan ‘bhristeoirí dlí’ Shinn Féin agus beagán beag den ghníomh. Dá laghad a dhéantar is amhlaidh is airde na glórtha.

Ceist shuimiúil eile ná cad chuige a bhfuil an fócas seo uilig ar Michelle O’Neill? Ní bhrúfaidh a himeacht na fir bhuí oiread agus orlach síos Bóthar Gharbhachaidh. Sa ghéarchéim pholaitiúil a leanfadh a leithéid, agus gach seans go bhfuilimid ag caint ar thitim Stormont seachas cathaoireacha ceolmhara, is doiligh a shamhlú go mbeadh sé de chroí ag an PSNI muintir Bhóthar Gharbhachaidh a bhualadh den tsráid. Agus ní féidir go bhfuil na hAontachtaithe i ndáiríre faoi phionós a chur ar bhriseadh an dlí nuair a bhí baint ag na daoine céanna le mórshiúlta, agóidí agus tinte cnámh nach raibh ag cloí go daingean le litir an dlí ach oiread.

Ní chuireann céile polaitiúil Lockhart, Jamie Bryson, focal ann. Ba mhaith leis go ruaigfí Sinn Féin as an rialtas ó thuaidh. Is é polasaí oifigiúil Jim Allister agus an TUV, páirtí a bhí chun cinn ag an léirsiú oíche Shathairn, go gcuirfí deireadh le córas reatha Stormont. Arbh é sin an beart acu ón chéad lá? Úsáid a bhaint as mórshiúl Bhóthar Gharbhachaidh le deireadh a chur le Stormont? Dá n-éireodh leis an straitéis sin, cad é an sprioc a bheadh léi? Riail dhíreach agus ionchur ó Rialtas na hÉireann? Nó an bhfuil siad ag dúil leis go mbeadh rialtas a bheadh níos fabhraí dóibh i réim i Londain amach anseo, Reform, b’fhéidir, nó Reform agus na Coimeádaithe?

Tá mana ag muintir Bhóthar Gharbhachaidh, ‘Ná téitear siar’, agus is léir anois go bhfuil níos mó i gceist ná mórshiúl do dhream seanóirí. Is cinnte go bhfuil daoine amuigh ansin a mheasann gur fiú na feabhsuithe a tháinig mar gheall ar an phróiseas síochána a chaitheamh i dtraipisí ar mhaithe le dul siar chuig laethanta na héagothroime. Is é an léaró dóchais atá againn i nduibheagán an gheimhridh nach bhfuil an tionchar atá acu chomh mór sin nuair a théid an chúis.

Close
Close