Déirc, deoch agus ceacht ar shráideanna Bhaile Átha Cliath

Michelle Nic Pháidín

I dtrátha an ama seo achan bhliain, tosnaíonn pé páirtí atá ar an chos cúil ag gocarsach fá líon na ndaoine atá ina gcodladh ar shráideanna na tíre seo. Is cineál traidisiúin atá ann fán am seo, téann an crann in airde, níl an tsióg ach i ndiaidh suí siar, nuair a thagann polaiteoir inteacht ar an teilifís, é dearg-éadanach agus glórach, ag cáineadh an Rialtais fána laghad atáthar a dhéanamh le dhul i ngleic leis an fhadhb.

An rud a chasann an croí ionamsa nó nach ndéantar, nó nach ndeirtear, rud ar bith fá na bochtáin seo atá gan teach gan treabh i rith na bliana. Is cinnte gur am mhaith an tséasúr seo le haird a tharraingt ar an fhadhb ach is ábhar é ba chóir go mbeadh ar mbarr a ngiob go laethúil nó ar a laghad go seachtainiúil ag lucht na Dála.

Bhí 8,656 dhuine gan dídean idir 21 agus 27 de mhí Mheán Fómhair 2020. Léiríonn an figiúr sin go dtáinig méadú 232% ar líon na dteaghlach nach bhfuil baile acu in Éirinn le sé bliana, ó 2014. Ní chuirtear san áireamh iad seo a bhfuil cónaí orthu i dtithe daoine eile agus nach bhfuil seoladh buan acu. Ag an am seo anuraidh, fuaireas 92 ina gcodladh ar shráideanna liatha Bhaile Átha Cliath.

I mí na Samhna anuraidh, bhí mise ag fanacht in óstán i mBaile an Teampaill i mBaile Átha Cliath. I ndiaidh dom cúpla scairt ghutháin a dhéanamh, chuaigh mé le siúlóid bheag a dhéanamh timpeall na cearnóige. Bhí sé mall ach bhí neart daoine amuigh sa chearnóg ag ól agus ag ceol. Ach, sula bhfuair mé mo ladhar a chur thar thairseach na doirse, tháinig an fear óg seo i mo threo, ag lorg déirce. D’aithin mé ar a chanúint gur de bhunadh Dhún na nGall é. Thosaigh muid ag comhrá agus thug sé le fios dom gur tógadh i Leitir Ceanainn é. De thairbhe go raibh muid inár seasamh taobh amuigh agus bhí sé polltach fuar, thug mé cuireadh dó dhul fá choinne deoch liom. Sheas sé siar: “Ní ligfear isteach áit ar bith mise,” ar sé, a dhá lámh sínte amach ar achan taobh de, bosa i dtreo na bhflaitheas. Rinne mé aoibh an gháire leis agus thug nod dó mo leanstan. Isteach linn, go dtí teach tábhairne, gan fadhb ar bith. Sheas sé taobh liom ag an bheár, agus fiafraíodh díonn caidé ba mhaith linn ól. D’amharc seisean orm agus dúirt gur mhaith leis cupán tae. Chuir seo iontas orm nó bhí mé ag dreim leis deoch a bheith aige. D’iarr muid beirt cupán tae ach dúradh linn go raibh sé rómhall le bheith ag iarraidh tae. Ghlac muid leis agus gan rófhada bhí muid beirt inár suí siar i gcaifé ag ól pota deas tae.

D’inis sé scéal a shaoil dom an oíche sin - scéal truacánta a bhí ann. Rinne beirt as Leitir Ceanainn é a uchtú agus é ina pháiste. Nuair a fuair an bheirt a d’uchtaigh é bás, mhaígh seisean gur dúradh leis an teach a fhágáil mar go raibh an clann ag iarraidh an teach a dhíol. Bhí sé fágtha gan bhaile, gan seoladh, ar an dóigh chéanna ina dtáinig sé chun tí acu ar an chéad lá. Bhí tinneas inteacht air. Ghlac mé leis gur an galar dubh nó a leithéid a bhí ann. Chonacthas dó go raibh seirbhísí i bhfad níos fearr ag muintir Bhaile Átha Cliath do dhaoine cosúil leisean agus tháinig sé ann le húsáid a bhaint astu. Bhí sé ina chodladh, ag an am sin, i bFaiche Stiabhna. D’inis sé dom nár ól sé aon deoir ariamh, níor chaith sé toitíní agus bhí fuath aige ar dhrugaí. Is iontach an scéalaí a bhí ann. Nuair a scar muid an oíche sin, thug mé cúpla euro dó le lóistín a chur san áireamh dó féin. Shocair mé gan castáil le cairde an oíche sin mar a bhí beartaigh agam. Ní bheinn ar mo shocair, muidne inar suí ag slogadh siar piontaí agus daoine eile ag iarraidh néal codlata a fháil ar shráideanna loma fuara na cathrach agus gan acu de philiúr ach cnapán suiminte nó féar fliuch.

Cúpla oíche ina dhiaidh sin, bhí mé amuigh ag ól piontaí le cairde agus an fear óg ag imeacht, giota ar ghiota, ó mo chuimhne. An lá arna mhárach nuair a d’éirigh mé, bheir mé greim láimhe ar mo sparán. Bhí an oiread céanna airgid caite agam an oíche roimhe agus a thug mé den fhear óg le lóistín a shocrú. Shuigh mé suas agus chuimhnigh mé siar ar an mhaidin i ndiaidh a bheith leis an leaid óg - bhí mo chroí ardaithe agus mo spiorad líonta agus fonn orm an saol a chur ina cheart. An mhaidin seo, bhí mo cheann tinn agus bhí mo spiorad amhail an ainchríost. D’fhoghlaim mé ceacht, cé go bhfacthas domsa agus mise ag tabhairt airgead den leaid óg gur mise a bhí ag déanamh maitheas dó, an mhalairt a bhí fior, is eisean a rinne maitheas domsa - maitheas nach dtig luach a chur air nó ná dtig liom mo lámh a leagan air arís.

Close
Close