Ciarán Ó Pronntaigh
Ní gá mórán ama a chaitheamh ar scoil le bunphriosabail na huimhearthachta a thuigbheáil. Má tá sé úll agat agus má dhealaíonn tú úll amháin – cá mhéad úll atá fágtha? 5 cinn, ab ea? Shílfí go mbeadh meas ar an tuiscint sin sa Roinn Oideachais, as na ranna uilig. Ach is cosúil go bhfuil cadhnraí nua de dhíth ar áireamhán Paul Givan nó tháinig sé ar fhreagra eile.
Ceart go leor, ní bhíonn cúrsaí polaitíochta chomh simplí sin. Baineann an scéal seo le £6 mhilliún ar chuir an Roinn Airgeadais ar fáil don Roinn le go gcaithfí é ar obair chaipitil agus saoráidí do na Gaelscoileanna, is cosúil. Deirim, ‘is cosúil’ nó d’eisigh an tAire Oideachais ráiteas fada i ndiaidh gur tháinig sé amach nár chaith sé ach milliún punt ar chóiríocht Gaelscoileanna agus gur chuir sé an fuílleach i dtreo scoileanna eile (‘gnáthscoileanna’ mar is maith le lucht an Bhéarla a rá ó am go chéile!).
Níorbh í an Roinn Oideachais a d’iarr an t-airgead ‘an chéad lá’ sa bhabhta monatóireachta i mí na Nollag 2025, dar le ráiteas Givan, ach tá an chuma air go bhfuil sin ag teacht salach ar ráiteas eile ón Roinn Airgeadais a thug le fios gurb í a d’iarr. Cuirim béim ar na focail ‘an chéad lá’ (“My Department did not originally bid for funding for Iontaobhas na Gaelscolaíochta in the December monitoring round”) nó tá tábhacht leo.
Bhí an t-airgead le dul chuig Iontaobhas na Gaelscolaíochta, a cuireadh ar bun le geallúintí Gaeloideachais Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh, le caitheamh ar chóiríocht agus saoráidí. Ba é Pat Sheehan, ó Shinn Féin, a thóg an cheist faoin airgead a bhí ar lár. “Níl aon débhrí ann. Iarradh an maoiniú agus cuireadh ar fáil é do chuspóir sainiúil. Ach mar sin féin, chuir an tAire na £5 mhilliún ar mhalairt treo.”
Cuid den aighneas seo, baineann sé le cead a bheith ag an Aire an t-airgead a chur ar atreo dá mb’airgead caipitil a bhí ann. Mhaígh Givan nach raibh go leor de na tograí scoile ‘réidh don tsluaisteáil cré’ go fóill agus sin an fáth ar chuir sé £5 mhilliún chuig scéimeanna eile. Is gnách nach mbíonn cead ag aire airgead caipitil atá saincheaptha do thionscnamh faoi leith a chur ar fáil do thionscnamh eile agus tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta anois ag rá gur chóir an t-airgead iomlán a chur ar fáil don Ghaelscolaíocht.
Ag am a bhfuil scoileanna Béarla ag druidim cheal páistí, is í earnáil na Gaelscolaíochta an earnáil is mó fás le tamall maith de bhlianta, dar le figiúirí ó Chomhairle na Gaelscolaíochta, an t-eagras reachtúil a thacaíonn le Gaelscoileanna. Dar leo go leanfar den fhás san am atá le teacht.
Tá ceist na cóiríochta agus saoráidí iontach íogair i measc phobal na nGaelscoileanna. Le blianta fada, b’éigean do na Gaelscoileanna plé le córas nach raibh sásta infheistíocht a dhéanamh don todhchaí agus, mar gheall air sin, fágadh drochdhóigh ar a lán Gaelscoileanna nó bhí siad cuachta isteach i spás a bhí ró-bheag dá gcuid riachtanas.
Is iad na tuismitheoirí a chuireann Gaelscoileanna ar bun, den chuid is mó, agus cuidíonn Iontaobhas na Gaelscolaíochta leo. Labhair Givan faoin cheist amhail is nach raibh ganntanas ar bith ann ach is léir don dall go bhfuil infheistíocht mhór de dhíth leis an scéal a dhéanamh cothrom don Ghaelscolaíocht.
Bíonn drogall ar scoileanna an scéal seo a thógáil ró-ard go poiblí ar eagla go gcuirfí tuismitheoirí féideartha ó dhoras. Sin ráite, tá rudaí chomh holc ag cuid de na scoileanna, Bunscoil Cholm Cille i nDoire, mar shampla, gur ghá dóibh feachtas poiblí a thógáil. Thig leis an Aire a rá nach bhfuil go leor tograí réidh don tsluaisteáil cré ach tá leithcheal déanta ag a roinn ar an Ghaelscolaíocht gan na scoileanna sin a chur ar an chead chéim den phróiseas go fóill.
Ba iad gníomhartha frith-Ghaelacha Paul Givan a chuir Stormont ar fionraí an t-am deireanach. Seans go bhfuil sé rómhall anois, agus toghcháin Stormont ag teacht ar an 6 Bealtaine 2027, sin a dhéanamh arís ach ní dhéanfaidh an beart seo dochar ar bith dá chlú mar aontachtaí láidir agus toradh tubaisteach tuartha don DUP sna toghcháin sin.



