Michaeline Donnelly
Dá mbeadh an dara suí sa bhuaile agam…
Cúpla seachtain ó shin, bhí breithlá mór agam.
Caithfidh mé a rá nach duine mór breithlaethanta mé ach, mar a tharlaíonn ag pointí suntasacha i do shaol, thosaigh mé ag machnamh ar na blianta ar fad atá caite agam ar an phíosa talaimh seo, ar na rudaí atá bainte amach agam, ar na daoine ar fad a casadh orm, ar na ceachtanna atá foghlamtha agam, agus ar na rudaí a dhéanfainn arís, nó nach ndéanfainn dá mbeinn ábalta dul siar anois.
Ar ndóigh, cosúil le go leor daoine, déanaim iarracht gan bheith ag smaoineamh barraíocht ar na meáncóga atá déanta agam i mo shaol - níl féidir le haon duine againn dul siar agus na rudaí sin a athrú, agus ní shílim go bhfuil sé sláintiúil díriú orthu.
Sin ráite, spreag comhrá amháin mé ar na mallaibh le smaoineamh níos doimhne ar rudaí a tharla agus mé ar scoil.
Dúirt cara de mo chuid liom go bhfuil aiféala uirthi nár labhair sí amach níos minice nuair a chonaic sí tromaíocht ag dul ar aghaidh, nó nár sheas sí suas do dhaoine a raibh bulaíocht ar bun acu.
Thuig mé ar an phointe cad é bhí á rá aici, agus thosaigh mé féin ag smaoineamh níos mó ar amanna a tharla sé i mo shaol féin.
Tá sliocht ann a luaitear le hEinstein, a deir; “Is áit chontúirteach í an domhan, ní mar gheall orthu siúd a dhéanann olc, ach mar gheall orthu siúd a shuíonn siar agus nach ndéanann rud ar bith faoi.”
Is cinnte go bhfuil mé féin, agus go leor eile ciontach as suí siar agus gan faic a dhéanamh nuair a fheicimid drochrudaí ag tarlú.
Fiú anois, nuair a bhím páirteach in aon chineál bitseála nó cúlchainte faoi dhuine éigin eile, tuigim láithreach gur chóir dom stopadh, ach go minic is dócha go mothaíonn muid nach bhfuil mórán dochair sna focail sin.
Oibrím go minic le páistí agus le daoine óga, agus briseann sé mo chroí in amanna na rudaí a deir siad lena chéile a chloisteáil.
Ar ndóigh, ní hea go bhfuil nimh ar bith taobh thiar de na focail, agus ligeann na páistí orthu nach gcuireann siad isteach orthu, ach tá cuimhní agam féin go fóill ar rudaí a dúradh liomsa nó fúmsa agus mé sna seomra feistis ar scoil mar shampla.
Níl aon amhras go bhfágtar lorg na bhfocal ar dhaoine i bhfad i ndiaidh a ráite.
Is dócha nár thuig na daoine sin, mo dhalta féin, an chumhacht a bhí leis na focail úd ag an am.
Nuair a chluinim anois faoi chásanna inar chuir daoine óga lámh ina mbás féin, go háirithe i ndiaidh do thromaíocht dul ar aghaidh, cuirim ceist orm féin cá mhéad duine eile, taobh amuigh den íospartach agus iad siúd a bhí i mbun tromaíochta, a bhí ar an eolas faoin méid a tharla agus nár lábhair amach.
Buíochas mór le Dia, ní raibh mé riamh sa suíomh sin, ach ní thig liom a shamhlú chomh cráite is a bheinn dá mba rud é gur shíl mé go ndeachaigh mo chuid focal i bhfeidhm ar dhuine ar an bhealach sin.
Tá mé cinnte go bhfoghlaimeoidh na páistí sin a n-oibrím leo, díreach mar a d’fhoghlaim mise le himeacht ama, cé chomh cumhachtach is atá focail in amanna, ach go fóill féin, mothaím go bhfuil freagracht orm iad a stopadh agus iarraidh orthu iad féin a shamhlú i mbróga na bpáistí eile.
Cé nach féidir liom na focail mhaslacha a d’úsáid mé féin a tharraingt siar, más féidir liom stop a chur le habairt amháin fiú a ghortódh páiste, ar a laghad bheadh ceacht éigin foghlamtha agam.