Cúis na Gaeilge: athneartú, réabhlóid agus cuspóir

Alt tuairimíochta le Ciarán Dunbar

Ón tús tugadh ‘Athbheochan na Gaeilge’ ar na hiarrachtaí a rinneadh an Ghaeilge a shábháil ón bhás, agus ba é ‘The Irish Revival’ a tugadh air i mBéarla (i).

Seans gurbh é sin an deacracht é sin a bhí ag ‘Athbheochan na Gaeilge’ ón chéad lá: cé go raibh fís shoiléir bhunúsach láidir ag bunaitheoirí ghluaiseacht na Gaeilge, bhí an téarma féin neamhbheacht agus doiléir (ii).

Is fearr liom an téarma ‘Athneartú na Gaeilge’ go ginearálta óir ní bhfuair an Ghaeilge bás in Éirinn ar chor ar bith, fiú mar chéad teanga agus mar theanga phobail: uime sin, ní gá aon athbheochan a bheith ann.

Tá ‘athneartú’ míchruinn go leor fosta is dóigh liom, mar sin féin, is gá téarma a chuimsíonn dhá aidhm ar leith a bheith ann.

Faoin téarma sin, measaim go bhfuil dhá chúis ar leith ann: cosaint na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus athshealbhú > athréimniú na Gaeilge san Iar-Ghaeltacht. Tá dlúthcheangal eatarthu beirt ar ndóigh (iii).


Réabhlóid

“It will be nothing less than a revolution to restore the Welsh language in Wales. Success is only possible through revolutionary methods.” (iv) Saunders Lewis

Réabhlóid é athneartú, athbheochan nó fiú caomhnú na Gaeilge, agus is ar mhodhanna réabhlóide amháin a bheadh aon rath air. B’amhlaidh a bhí ó chaill na Gaeil smacht polaitiúil ar a raibh amach rompu.

Réabhlóid atá de dhíth ar an Ghaeilge anois, óir is réabhlóid amháin a chuirfeadh ar fáil di na rudaí atá de dhíth uirthi: dlús, tearmann agus pobail.

Ach cad is ciall le réabhlóid?

Ní hé foréigean agus anord atá i gceist agam ach dearcadh agus cur chuige.

Dearcadh atá toilteanach feidhmiú taobh amuigh de chonstaicí an stáit, go neamhspleách ón stát agus i gcoinne an stáit más gá.

Is dearcadh é a bheadh sásta le hathrú iomlán a dhéanamh ar an chur chuige a chuaigh roimhe.

Meon aigne atá toilteanach feidhmiú taobh amuigh de na teorainneacha intleachtúla agus spásanna tuairimíochta inghlactha a cheadaítear dúinn de ghnáth.

Seasamh pearsanta atá i gceist. Seasamh a aithníonn, mar phobal gan stát, gur ar Ghaeil aonair agus ar phobail Ghaelacha a thiteann an fhreagracht uile go léir as todhchaí na teanga.

Ní hé go bhfuil mé ag argóint go bhfuil an staid seo ceart ná cóir, tá mé díreach ag aithint gur mar sin atá agus gur mar sin a bheas cúrsaí.

Ní fiú do shaol a chaitheamh ag fanacht ar an stát gníomhú go réabhlóideach ar son na Gaeltachta, cuir i gcás, óir níl sé ag dul a tharlú.

Níor fhan muintir Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste le cead ó rialtas Stormont chun Gaelphobal s’acu féin a thógáil le lámha s’acu féin – rinne siad é gan smaoineamh ar mholadh ó údarás ar bith.

Thóg siad a gcuid tithe gan tacaíocht ó staidéar féidearthachta nó ó bharúlacha acadúla. Thóg siad Gaelscoil agus chuir siad páistí ann d’ainneoin bagairt phríosúnachta.

Ghníomhaigh siad go réabhlóideach agus thug siad fuinneamh ar leith d’athbheochan na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, agus tá rath ar an athréimniú sa chathair sin anois nach bhfuil le sárú áit ar bith eile, cé nach bhfuil sé ach ag tosú.

Sin go díreach an réabhlóideachas atá i gceist agam. Is é an droch-chaoi atá ar an teanga is bunús leis an smaointeoireacht seo, óir ní fheicimse aon bhealach eile amach.


Cuspóir

Tá cuspóir an-tábhachtach ó thaobh an ratha de: do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí agus do ghluaiseachtaí. Is é is cuspóir ann an chúis ar bunaíodh eagraíocht sa chéad dul síos.

Cad é cuspóir ghluaiseacht na Gaeilge?

‘Athbheochan na Gaeilge’ an freagra simplí ar sin.

Ach tá smacht nach beag ag stát Phoblacht na hÉireann ar ghluaiseacht na Gaeilge trí Fhoras na Gaeilge.

Tá na heagrais mhóra teanga neamhspleách ón stát agus ón Fhoras go pointe ach mar sin féin tá cumhacht ollmhór ag an Fhoras orthu óir is aige atá an sparán.

Cén aidhm atá ag an Fhoras mar sin?

Freagra: ‘Cur chun cinn na Gaeilge’ (v).

Tá sé deacair a rá cén chiall atá ag ‘cur chun cinn na Gaeilge’ ach is cinnte liom nach athréimniú na teanga atá i gceist.

Tá aidhmeanna tánaisteacha ann a chuirfeadh, go teoiriciúil, leis an chuspóir sin áfach (vi).

Is feidhmeanna atá ag an Fhoras, ní aidhmeanna. Níl sprioc ná cuspóir aige mar eagraíocht. Uime sin, ní féidir rath a bheith air, agus ar an loighic chéanna, ní féidir go mbeadh teip air ach oiread.

Tá sé gan bhrí.

Mar sin féin, seachnaíonn sé cruacheisteanna polaitiúla agus sochtheangeolaíochta.

Cuspóir cinnte

Sa líon beag cásanna sin inár éirigh le dreamanna éagsúla an Ghaeilge a chur á labhairt arís mar is ceart, bhí rud i gcoitinne acu go léir – fís shoiléir láidir.

Seo mar a rinne mé féin cur síos air sa leabhar 'Síolta'.

"Is é an difear idir gluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne agus na ‘Gaelphobail’ sin a d’fhiosraigh mé, ná fís chinnte, an sprioc dheiridh agus an chúis taobh thiar di. Níor tharla aon dul chun cinn de thaisme. Bhí fís ann agus ba ghá do dhuine éigin an splanc a chur, cruinniú a ghairm agus an smaoineamh sin a dhíol sular thosaigh an dian-ghníomhaíocht. Is iomaí iad na cruinnithe gan toradh, ar ndóigh. Ritheann sé liom gur gá don bhun-fhís a bheith measartha simplí." (vii)

Is é sin le rá, go raibh, agus go bhfuil, cuspóir cinnte ag leithéidí Na Gaeil Óga, Bóthar Seoighe, Sabhal Mór Ostaig, cuir i gcás.

Spriocanna daingne

Dar liomsa, tá cuspóirí i bhfad níos cinnte, níos daingne agus níos soiléire de dhíth ar ghluaiseacht na Gaeilge – spriocanna a thuigfeadh cách agus nach féidir sleamhnú amach uathu. Tá torthaí de dhíth ar an infheistíocht.

Is iad na trí chuspóir ba cheart a bheith ag gluaiseacht na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge ar aon (go háitiúil agus go náisiúnta) ná:

•    Líon cainteoirí laethúla a mhéadú

•    Líon na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad teanga a mhéadú

•    Ceantair labhartha Gaeilge a chaomhnú / a fhorbairt

Ní féidir le sprioc ar bith acu sin seasamh leis féin áfach – tá siad ar fad bainteach le chéile. Is 'maidhmiú cuardach' é, nó lúb aischothaithe dhearfaigh.

Ní mór do dhuine aonair agus d’eagraíocht ceist a chur air féin go leanúnach – cad é a dhéanann mo ghníomh / ár ngníomh chun na spriocanna sin a bhaint amach?

Gan cuspóir cinnte, tá ár ngnímh randamach, beag beann ar an dea-mheon taobh thiar díobh. Má bhíonn toradh fiúntach orthu, is de thimpiste a tharlaíonn.

Lena chois sin, gan cuspóir cinnte, tá duine gan cosaint ar an drochbhail is féidir le hidé-eolaíocht shealadach a imirt ar an smaointeoireacht. Is féidir a bheith fágtha báite i bpraiseach d’idé-eolaíochtaí, cuid mhaith díobh ag teacht salach ar an chuid eile, mura bhfuil d’aigne faoi fhéinsmacht na gcuspóirí cinnte.

Is fearr a bheith dílis do chuspóir ná d’idé-eolaíocht a bhíonn ag luascadh sa ghaoth.

Caithfidh aidhm dheiridh a bheith ag an chuspóir sin dá réir.

Maidir leis an Ghaeilge, sa ghearrthréimhse agus sa mheántréimhse, is é an cuspóir cinnte sin ná dlús.

_______________________________

 i. Ní dóigh liom gurb ionann an dá rud i ndeireadh na dála óir titeann litríocht an Bhéarla faoin teideal ‘The Irish Revival’ chomh maith.
 ii. Táthar (nó bhíothas) ann, Fennell, Mac Síomóin agus Ó hÉallaithe a bheadh ar son deireadh a chur le hathbheochan mar chúis agus mar aidhm ach ní dhéanaim féin aon éileamh dá leithéid. Is dóigh liom nach bhfuil sé chomh tábhachtach sin cén aisling fhadtéarmach atá ag daoine – a fhad is atá beart gearrthréimhseach agus cuspóir meántréimhseach acu.
iii. “Ní mhairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach ní mhairfidh an Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaeilge ar fud na hÉireann,” a dúirt Máirtín Ó Cadhain, bunchloch smaointeoireachta mhuintir Bhóthar Seoighe é an coincheap sin, cuir i gcás.
iv. Seo nasc chuig an bhunleagan Breatnaise: https://cymdeithas.cymru/sites/default/files/archif/pdf/tynged.pdf
v. https://www.forasnagaeilge.ie/maidir-le-foras-na-gaeilge/
vi. Feidhmeanna Fhoras na Gaeilge:
* an Ghaeilge a chur chun cinn
* úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann
* comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach
*tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá
* taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh
* téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt
* tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge. (Ibid)
vii. Dunbar, C. (2021).

Close
Close