Michaeline Donnelly
Tharla sé de réir a chéile.
Ní thiocfadh liom iarraidh as mo leaba lá i ndiaidh lae.
Bhí mé i riocht caointe an t-am ar fad.
Bhí orm titim amach as an chúrsa iarchéime a bhí tosaithe agam.
Mhothaigh mé snaidhm teannais i mo bholg achan uair ar ghlaoigh an guthán, nó fiú nuair a smaoinigh mé ar an obair.
Fiú nuair a bhain mé an oifig amach (mall gach lá), ní thiocfadh liom m’aird a dhíriú isteach ar rud ar bith.
Agus mé ag amharc siar, is léir dom anois go raibh mé dóite amach ag an obair, ach blianta ina dhiaidh, cé nach bhfuil rudaí chomh holc céanna, mothaím nach bhfuil an chothromaíocht cheart aimsithe agam go fóill.
‘Cothromaíocht oibre is saoil’ - sin an Ghaeilge atá ar ‘work life balance’.
Caithfidh mé a rá gur chuir sé iontas orm go raibh a leithéid de théarma againn i dteanga ársa na nGael.
Ó mo thaithí féin ag obair in earnáil na Gaeilge, níor shíl mé gur chreid Gaeilgeoirí ina leithéid de rud!
Feicim arís is arís eile múinteoirí, scríbhneoirí, oifigigh forbartha, daoine a oibríonn sna meáin agus eile, daoine cumasacha ag obair ó dhubh go dubh san oifig agus ansin ag dul amach le suí ar choistí agus le freastal ar chruinnithe, seacht lá sa tseachtain.
Go minic maireann na daoine seo an lá ar fad gan ithe (buíochas le Dia níor éirigh rudaí chomh dona sin domsa riamh) nó ag ithe ag an deasc s’acu, daoine nach bhfeiceann solas nádúrtha ar bith i rith an gheimhridh ar chor ar bith, agus níos measa arís, nach bhfeiceann na teaghlaigh s’acu, nó nach mbíonn am acu do laethanta saoire, caitheamh aimsire, ná aon rud eile.
Caithfidh go bhfuil bealach níos fearr ann.
Sílim go mbaineann cuid den fhadhb leis an urraim atá againn ar dhaoine a léiríonn tiomantas thar na bearta do rud éigin ar leith.
Go pointe, tá sé fíor go gcaithfidh tú iobairtí a dhéanamh má tá tú ag iarraidh rudaí iontacha a bhaint amach i do shaol, ach cá bhfuil an líne?
Tá Elon Musk, fiontraí, innealtóir agus tionscnóir, ar dhuine de mo laochra.
Gan aon amhras, tá ag éirí leis, agus le comhlachtaí s’aige Tesla agus Space X, an domhan a athrú, ach tá ráite aige go gcodlaíonn sé go minic i mála codlata sa mhonarcha Tesla.
Cén sórt saoil é sin?
Agus mé ar saoire i rith an tsamhraidh, rinne mé go leor machnaimh ar an chothromaíocht oibre is saoil.
Chonacthas dom arís agus arís eile go bhfuil muid gafa sa tír seo leis an ‘rat race’.
San Iodáil mar shampla, chuaigh sé i bhfeidhm orm go ndeachaigh daoine abhaile ag am lóin le hithe le chéile mar theaghlach, agus níos radacaí arís, gur shuigh siad ar fad ag an tábla seachas os comhair na teilifíse!
I gCúba, bíonn daoine amuigh ar na sráideanna tráthnóna ag caint lena chéile, ag amharc ar na páistí ag súgradh, ag éisteacht le ceol, ag damhsa agus ag baint sult as an tsaol.
In Éirinn, nuair a thagaimid abhaile ón obair, go minic ní bhíonn an fuinneamh againn ach le titim os comhair na teilifíse le tosú ar an chéad sraith eile de ‘Narcos’.
Ar ndóigh, tá difear cultúir ann de bharr na haimsire, ach níl sé chomh fada sin siar ó bhí an cultúr sin beo sa tír seo - cultúr airneáil nuair a chuaigh daoine ó theach go teach ag cothú caidrimh leis na comharsana agus le cairde.
Bíonn daoine anois ag rá go bhfuil an ‘boom’ ar ais, ar nós gur rud maith atá ann, ach is dóigh liom féin gur cheart dúinn bheith ag amharc siar píosa níos faide sa stair, ar am a bhí na tosaíochtaí cearta againn.
B’fhéidir nach raibh an dara carr acu, ná an teach saoire, ná mála Mulberry, ach labhair daoine le chéile, chaith siad am le chéile agus bhí am acu do na rudaí a bhí tábhachtach dóibh.
Ar bhealach, baineann an easpa cothromaíochta seo le tionchar an Tíogair Cheiltigh ach ar bhealach eile baineann sé leis an déine agus gan dabht tá dlúthbhaint ag an teicneolaíocht leis.
Bhí muid cleachtaithe le rudaí nua a fháil agus a charnadh an t-am ar fad, ach tháinig meon an ghanntanais isteach agus bhí eagla orainn go gcaillfimis achan rud mar sin bhí orainn bheith ag obair uaireanta níos faide, agus ar fáil an t-am ar fad le glaochanna nó rphoist a ghlacadh ón oifig.
I ndáiríre, murach dochtúir thú, an bhfuil rud ar bith chomh tábhachtach sin nach féidir leis fanacht go dtí an chéad lá oibre eile?
Mar a tharlaíonn, bhí mé istigh le mo mhamó oíche Shathairn i ndiaidh taisteal sé uair an chloig an lá sin.
Is ar éigean a bhí mé in ann labhairt leis an tuirseacht, ach mhothaigh mé chomh ciontach sin nach raibh sí feicthe agam le linn na seachtaine go raibh orm cuairt a thabhairt uirthi.
Dúirt sí liom gur ‘workaholics’ muid ar fad i gclann s’againne.
Uair amháin bheinn ag smaoineamh air sin mar ábhar bhróid, ach ní anois.
Cé gurbh bhreá liom an mála Mulberry sin, tá sé níos tábhachtaí dom saol sláintiúil sásta a bheith agam.