Ciarán Ó Pronntaigh
Bhí mé ag gig de chuid David Rovics i mBéal Feirste ar na mallaibh. Oíche spleodrach a bhí ann ach bhí nóta díomá aige: ba é sin gur tharraing a lán daoine siar uaidh mar gheall ar a sheasamh ar an Phalaistín. Maíonn sé go bhfuil curtha ina leith go bhfuil sé frith-Sheimíteach cionn is go gceolann sé faoi chearta daoine atá faoi chois. Is ceoltóir den eite chlé é Rovics agus ní chuireann sé fiacail ann faoi dhaoine atá faoi chois agus tá amhrán aige chomh maith faoi na Giúdaigh a cuireadh ar mháirseáil an bháis ó na sluachampaí i dtreo dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.
An amhlaidh go bhfuil an ceart aige go bhfuil feachtas i gcoinne daoine a labhraíonn ar son na bPalaistíneach, rud nach bhfuil fíor, abair, faoi dhaoine a thacaíonn leis na hÚcránaigh? Níorbh fhéidir go mbeadh dhá chineál íospartach ann, arbh fhéidir?
Amharcaimis ar na fíricí, ar dtús. Tá smacht míleata ag stát Iosrael ar na Críocha Gafa, rud mídhleathach de réir na Náisiún Aontaithe. Thar na blianta, cuireadh lonnaitheoirí Giúdacha isteach agus tugadh bata agus bóthar do na daoine a bhí ina gcónaí sna ceantair sin, na Palaistínigh. Dúirt Amnesty International gurb ionann an dóigh a gcaitheann Iosrael le Palaistínigh agus apartheid. De réir tuairisc a d’eisigh Save the Children an mhí seo, tá ‘mí-úsáid uafásach’ ar siúl ag Iosrael ar pháistí Palaistíneacha atá faoi choinneáil acu. Tá an pobal faoi sceimhle agus chaill siad dóchas sna hinstitiúidí.
Ach cad chuige nach bhfuil an oiread airde tugtha sna meáin do na rudaí seo agus atá tugtha do choimhlintí eile? Go deimhin, shílfí go bhfuil cosc ar thuairiscí a léiríonn an fhírinne faoi staid na Palaistíne faoi láthair. Is é an bunús atá leis an chlaontacht seo go n-amharcann cuid mhór de na meáin ar choimhlintí ar fud an domhain trí phriosma. Insíonn an priosma sin dóibh cé acu an bhfuil na híospartaigh i gcás ar bith ag dul a chuidiú le cás an Iarthair nó nach bhfuil. Agus is as sin a eascraíonn an chlaontacht.
Ar an drochuair, do na Palaistínigh ar a laghad, is é Iosrael ionadaí an Iarthair sa réigiún sin. Is é an insint atá ar an scéal seo go bhfuil an daonlathas ag troid in éadan na sceimhlitheoireachta. Má fhaigheann na céadta páiste Palaistíneach bás sa choimhlint sin, níl ann ach mionsonra beag ciotach le ceartú lá is faide anonn.
Tá cead agat ag an phointe seo an cheist a chur: cad chuige a mbaineann a dtarlaíonn sa Phalaistín an oiread sin linne sa taobh seo domhain, áit a bhfuil go leor fadhbanna dár gcuid féin againn? Tá freagra lom air sin; an dream atá ag iarraidh ár n-aird a dhíriú ón Phalaistín, beidh siad ábalta ár n-aird a dhíriú ar shiúl ó rudaí eile chomh maith, má ligimid dóibh.
Téann an chlaontacht níos faide ná na meáin. I bhfíseán a rinne Peter Oborne, iarthráchtaire leis an Telegraph i Londain, ar na mallaibh, inar thagair sé do chuntas bainc Nigel Farage, chuir sé suntas sa dóigh ar chaill feachtais pholaitiúla ar son na Palaistíne sa Bhreatain a gcuntas bainc ach nár chuala muid gíog ná míog as na meáin faoi.
I saol na polaitíochta, chonaic muid cumhacht stocairí ar son Iosrael sa phróiseas atá ar siúl i bPáirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain i láthair na huaire. Diaidh ar ndiaidh, tá an chumhacht á baint den eite chlé sa pháirtí mar chuid d’fheachtas clúmhillte. Frith-Sheimíteachas an bata atá á úsáid san fheachtas seo agus tá cur síos measartha cuimsitheach déanta ag Al Jazeera air sa tsraith ‘The Labour Files’ ach ní chraolfaidh meán ar bith sa Bhreatain é.
Is fíor-rud é an frith-Sheimíteachas atá fréamhaithe sa tsochaí seo agus ba chóir dúinn a bheith airdeallach nach ngéillimid dó. Ach ní leithscéal é sin go bhfanfadh muid inár dtost nuair atá éagóir á déanamh ar phobal eile. Agus níos tábhachtaí arís, níor chóir dúinn ligean do dhream ar bith, is cuma cad as iad, an oiread smachta sin a fháil ar an díospóireacht pholaitiúil go lúbann siad an daonlathas as a riocht. Ó am go chéile, is gá dúinn an fód a sheasamh.