Conas teacht tríd an Nollaig - 5 mholadh

Katie Saoidhbh McGreal

Is i lár shéasúr na Nollag atá muid, séasúr gnóthach idir na bronntanais, na cóisirí agus bualadh le clann agus cairde. Anuas air sin, táimid ag teacht go deireadh na bliana. Tá daoine ag smaoineamh siar ar 2024 agus chun cinn ar an gcéad bhliain eile, ar na spriocanna agus ar rudaí ba mhaith leo a bhaint amach in 2025.

Is tréimhse é an geimhreadh ina bhfuil an dúlra ar fad atá thart orainn ina gcodladh. Is ainmhithe muidne freisin agus mar sin de ba cheart dúinn a bheith ag tógáil rudaí go réidh ag an am seo den bhliain - ní sin mar atá an saol áfach. Éiríonn rudaí i bhfad níos gnóthaí agus, dá bhrí sin, tá cúpla moladh agam anseo duit le cabhrú leat teacht tríd an tréimhse ar leith seo gan tú féin a mharú lena linn.

1. Tarlaíonn an Nollaig gach uile bhliain: ní gá de gach uile rud a dhéanann tú a bheith foirfe. Ní deireadh an domhain é más rud é nach bhfuil an bronntanas is fearr agat do dhuine éigin i mbliana nó muna bhfuil gach rud ag breathnú 100% foirfe don lá é féin. Bíonn Nollaig againn go bliantúil agus ní chuimhneoidh tú ar gach uile cheann acu. An rud is tábhachtaí faoin Nollaig ná go mbíonn muid le daoine a bhfuil grá againn dóibh, mar sin tóg anáil agus tóg go réidh é, beidh gach rud go breá. Fiú muna bhfuil sé go breá sa bhealach samhlaíonn tú é, tá sé go breá!

2. Muna bhfuil go leor airgid agat i mbliana nó muna bhfuil tú ag iarraidh an iomarca airgid a chaitheamh ar bhronntanais, an féidir leat Santaí Rúnda a dhéanamh le cairde nó le do chlann? D’fhéadfadh sibh cinneadh gan bronntanais a cheannach ar chor ar bith agus plean a dhéanamh don bhliain úr go rachaidh sibh áit éigin le chéile.

3. Más rud é go mbíonn sé deacair duit am a chaitheamh le clann nó le daoine áirithe ag an Nollaig, bíodh a fhios agat go bhfuil sé mar rogha agat gan aon rud a dhéanamh. Chaith mé blianta ag smaoineamh go raibh orm freastal ar ócáidí áirithe nó a bheith i láthair ag rudaí difriúla. Níor mhothaigh mé gur rogha a bhí ann ag an am. Chonacthas dom go raibh orm a bheith ann ach i ndáirire is é mo chinneadh féin a bhí ann. Más féidir leat smaoineamh ar na hócáidí seo mar sin, tabharfaidh sin cuid den chumhacht ar ais duit. Má dhéanann tú an cinneadh rud éigin a dhéanamh, tá tú in ann an cinneadh a dhéanamh gan é a dhéanamh. Freisin, is féidir leat freastal ar ócáid ar feadh uair an chloig nó mar sin. Nó an féidir leat cinneadh a dhéanamh sult a bhaint as? Má smaoiníonn tú faoi na rudaí seo leis an dearcadh sin, beidh tú in ann an Nollaig a éascú ort.

4. Bainteach leis an mholadh thuas, bí airdeallach ar conas atá tú ag mothú, go háirithe má shocraíonn tú freastal ar imeacht éigin. Sula dtéann tú isteach ann, tóg anáil agus tabhair do mhothúcháin faoi deara. Nuair a fhagann tú an áit, déan an rud céanna, tóg anáil mhall isteach agus amach arís - conas atá tú ag mothú? Tabharfaidh na freagraí seo go leor eolais duit faoin tslí a mothaíonn tú thart ar dhaoine áirithe.

5. Déan cinnte am a chur i leataobh le linn na Nollag le sos a thógáil. Táimid i lár an gheimhridh, d’oibrigh muid uilig go crua le linn na bliana agus fiú anois táimid ag obair fós. Teastaíonn sosanna uainn ar fad i gcónaí, mar sin déan cinnte de go dtugann tú am duit féin chomh maith.

Close
Close