Comhionannas pósta gan chomhionannas

Lisa Nic an Bhreithimh, Equality for Children

Baineadh "comhionannas pósta" amach do lánúineacha aeracha sa bhliain 2015. Ceapann go leor daoine, agus tá sé intuigthe go gceapfadh, go gcialaíonn sé sin go bhfuil gach ceart ag lánúineacha aeracha is atá ag lánúineacha heitrighnéasacha sa tír. Faraor, níl sé sin fíor, in aon chor.

Do mhórlach na lánúineacha aeracha in Éirinn a bhfuil clann acu, níl na cearta céanna acusan, ná ag a gcuid páistí, agus atá ag clanna heitrighnéasacha.

Mar a sheasann rudaí faoi láthair, ní féidir le beirt tuismitheoirí aeracha a bheith ar theastas breithe a bpáiste ach amháin (seachas cúpla ceann d'eisceachtaí do leanaí a rugadh roimh an 5 Bealtaine 2020): 1. más beirt bhan atá sa lánúin, 2. má rugadh an páiste agus 3. má rinneadh an próiseas torthúlachta ar fad in Éirinn, 4. má úsáidtear ubh duine amháin acu ina cholainn féin (cé gur rud fíorspeisialta do go leor lánúineacha ban é an 'IVF comhalartaithe', nuair a úsáidtear ubh mná amháin i gcolainn a páirtí) agus 5. nuair a úsáidtear deontóir speirme aitheanta.

Muna gcomhlíonann lánúin na critéir sin ar fad, níl aon slí gur féidir leis an mbeirt acu a bheith ar theastas breithe a bpáiste. Má chomhlíonann, is féidir leo dul trí phróiseas sna cúirteanna le hiarraidh orthu an dá hainm a chur ar an teastas.

Is athrú ann féin é an méid sin a tháinig isteach le fíorghairid in 2015 agus an t-ainm atá air ná An tAcht um Chaidrimh Leanaí agus Teaghlaigh. Cé gur chéim sa treo ceart a bhí i gceist leis, ní dheachaigh sé chun tairbhe ach do chuid bheag leanaí in Éirinn.

Cialíonn sé sin nach féidir le haon lánúin fir beirt a bheith ar theastas breithe a bpáiste. Ciallíonn sé má uchtaíonn lánúin aerach páiste nach bhfuil cearta acu ach oiread. Ciallaíonn sé má úsáideann lánúin aerach máthair ionaid nach mbeidh aon chearta acu siúd ach oiread, ach amháin an duine a thugann an speirm.

Ciallíonn sé má thógaim ubh mo pháirtí mná, é a chur i mo cholainn féin, agus ár leanbh a bhreith - nasctha liomsa tríd an toircheas, tríd an mbreith; nasctha léi tríd an bhfuil, trína cuid géinte, gaolta léi go bitheolaíoch - nach bhfuil aon seans in Éirinn faoi láthair, cuma na crítéir eile a chomhlíontar, gur féidir léi a hainm a bheith ar theastas breithe a páiste féin.

Ciallíonn sé nach féidir léi pas a fháil don pháiste agus taisteal leo gan mise, síniú don pháiste má tá cúnamh leighis de dhíth orthu gan mise a bheith ann. Ciallaíonn sé má scaraimid beirt óna chéile nó má tharlaíonn drochrud domsa nach mbeidh aon chearta aicise dá páiste féin, nach féidir leas a bhaint as cáin oidhreachta nó nach féidir leis an bpáiste cearta saoránachta a máthar a fháil. Ciallaíonn sé nach bhfuil aon bhaint dlíthiúil aici lena páiste féin ar chor ar bith. Is agamsa atá gach ceann de na cearta - an duine a bhreith an leanbh, an t-aon mháthair amháin i súile an Stáit.

Ciallaíonn sé seo go ndéanann lánúineacha aeracha áirithe cinntí áirithe faoi na páistí a bhíonn acu le dul in oiriúnt do dhlithe, le cinntiú go mbeidh na cearta is fearr, nó "saol éasca" ag an gclann ar fad. Mar sin, bíonn páistí difriúla - roghanna uibhe agus speirme éagsúla - ag clanna aeracha toisc nach gcosnaíonn an dlí iad mar ba cheart. Níl saoirse iomlán acu roghanna a dhéanamh faoina gclann.

Ciallaíonn dlithe an-chuid.

Is léir go bhfuil go leor oibre fós le déanamh chun dul i ngleic leis na bearnaí móra atá fós ann do chlanna LADTA+ in Éirinn. Sa bhliain 2019, bunaíodh an grúpa Equality for Children (EFC) - grúpa tuismitheoirí LADTA+ a tháinig le chéile chun cearta agus comhionannas a lorg dá bpáistí agus do chlanna LADTA+ na todhchaí.

Is eagraíocht neamhbhrábúis é EFC ar deonaithe iad an fhoireann ar fad. Cuireann an eagraíocht brú ar pholaiteoirí rudaí a athrú, tugaimid comhairle do lucht déanta polasaithe ionas go mbeidh gach eolas acu, labhraímid leis na meáin agus ag imeachtaí ar líne, scríobhaimid ailt mar seo ionas go dtuigfidh an 62% de dhaoine a chaith vóta ‘Tá’ sa bhliain 2015 nár cuireadh a vótaí i gcrích go hiomlán, nár tugadh comhionannas iomlán do lánúineacha LADTA+, agus go bhfuil páistí daoine LADTA+ thíos leis.

Tá Equality for Children ar lorg Bille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe, i gcomhpháirt le páirtnéirí éagsúla, chun cearta a lorg do gach clann LADTA+ agus polasaithe, tacaíochtaí agus seirbhísí a uasdátú do chlanna LADTA+ chun go mbeidh siad ar chomhchéim le páistí daoine heitrighnéasacha. Sa bhliain 2020, tháinig an eagraíocht le chéile le grúpaí éagsúla eile, lánúineacha heitrighnéasacha a úsáideann máthair ionaid san áireamh, chun an AHR nó an chomhghuaillíocht um Atáirgeadh Daonna Cuidithe a thabhairt le chéile. Is féidir páipéar na comhghuaillíochta a léamh anseo .

Is féidir tuilleadh a léamh agus tacú leis an ngrúpa, agus saol níos fearr a lorg do chlanna LADTA+ trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Equality for Children. Cosúil le gach troid ar son ceart a bhí againn in Éirinn le déanaí, beidh tacaíocht de dhíth ó dhaoine fud fad na tíre ó phobail éagsúla. Tá todhchaí ár bpáistí ag brath ar an tacaíocht sin. Tá comhionannas do dhaoine LADTA+ ag brath air. Cad ab fhiú an vóta ollmhór ar son ‘Tá’ in 2015? Cad is fiú tacú leis an bhfeachtas seo? Léigh faoi na clanna - na tuismitheoirí agus na páistí iad féin anseo.

Close
Close