Cogadh nó Comhghuaillíocht?

Conchubhar Ó Liatháin

Duine mé a bhfuil drogall air daoine eile a chur sa bhearna baoil ar mo shonsa.  Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart ná cothrom.  Thug mé suntas dá bhrí sin don méid a bhí le rá ag an Seanadóir Lynn Boylan ó Shinn Féin agus í ag cosaint seasamh a páirtí in éadan líomhaintí go raibh siad ‘bog’ ar an Rúis agus rúin ag cáineadh Uachtarán na tíre sin, Vladimir Putin, á bplé i bParlaimint na hEorpa. Dar léi, b’ionann na rúin sin ó ‘fhir mheánaosta’ agus buaileam sciath a bheadh ag seoladh fear agus ban óg go dtí a mbás ar an gcéad líne catha. 

Is ait mar atá an bhéim ar an ngléas cosanta, an sciath, sa leagan Ghaeilge den frása ‘sabre rattling’ nuair a leagann an Béarla ar an ngléas ionsaitheach í. Luaim sin mar gur dóichí ná a mhalairt go mbíodh céilí comhraic Shinn Féin ag cur ina leith siúd gur ait an scéal acu bheith ag cáineadh daoine eile as ‘buaileam sciath’ nuair a sheol ceannairí a leathbhádóirí san IRA go leor fear agus ban óg chun cogaidh agus chun báis thar na blianta.  Tuigim go ndéarfadh siad gur ag cosaint a bpobal féin a bhí siad agus iad faoi ionsaí ó fhórsaí na Breataine agus paraimíleataigh aontachtacha i saol an dá thaobh atá i réim sna meáin inniu, bíonn dhá thaobh leis an scéal - sa chás seo iad san atá ar son cogaidh agus iad san atá ag feachtasaíocht don tsíocháin. 

Sin an leagan seanchaite den tuiscint ar chogaíocht na linne seo nó ní ar bhlár catha nó i sráideanna Khyv amháin a fheartar cogadh anois ach go huilíoch is go hiomlán, i ngach réimse dár saol. Tá cogadh á fhearadh ag Uachtarán Putin na Rúise ar ár slí beatha mar phobal an iarthair le blianta fada ach níl san aitheanta againn mar chogadh.  Bhí ár súile in áiteanna eile, bhíomar róghafa lenár saol féin. 

Ní thaitníonn le lucht an Kremlin gur athraigh titim Bhalla Bheirlín agus scoilt is díothú an Aontais Sóivéadaigh i 1989 agus sna blianta a lean é, an cóimheá idirnáisiúnta a d’fhag iad san agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an dá ollchumhacht domhanda.  An comhtharlúint é gur lean an tubaiste seo don Aontas sin ionradh mífhortúnach ar an Afganastáin i 1979, ionradh a dhein smidiríní d’íomhá cumhachta na sóivéidí orthu féin agus ar fuaid na cruinne. An oiread is nach dtaitníonn sé le lucht an Kremlin go raibh ar an Rúis cúlú go mór mar gheall ar thitim Bhalla Beirlín agus a lean é, is mó arís a míshástacht go raibh siad ag amharc ón dtaobhlíne ar an Aontas Eorpach ag borradh is ag fás. 

Mar sin, faoi réimeas Putin, tugadh faoin Aontas Eorpach a chur ó bhonn agus b’é an tacaíocht a tugadh do chogadh nuacht bhréagach a raibh buanna suntasacha aige i gcás na Breatimeachta nuair a bhí bua gan choinne  ag an dream ar son imeacht ón Aontas.  Ná ceaptar gur ar thaobh bhus Boris agus an gheallúint go bhfaigheadh an Bhreatain £350m in aghaidh na seachtaine ar ais ina ciste ach a bheith taobh amuigh den Aontas.  B’iad na puipéid sa chogadh seo ná Boris agus Nigel Farage agus Aaron Banks. B’iad na máistrí, agus cistí móra faoina smacht gan trácht ar shaineolaithe ríomhaireachta agus mí-eolais, ná Putin is a chomrádaithe.  Bhí sé áisiúil chomh maith go raibh a gcuid olagarcaí sa Bhreatain ag ceannach is ag díol na gceannairí polaitiúla, na Tóraithe is lucht na heite deise ar aon nós, agus iad san ag baint buntáiste as saineolas na mbaincéirí sa Bhreatain maidir le níochán airgid chun smál na coiriúlachta a bhaint. 

Lean bua polaitiúil gan choinne eile i 2016 nuair a bhuaigh Donald Trump an toghchán uachtaránachta  ansan agus tá an scoilt a bhí ag téarnamh, b’fhéidir, faoi Obama éirithe níos measa ó shin.  Is ar éigean go bhfuil Uachtarán reatha Mheiriceá ábalta aghaidh a thabhairt ar Putin de bharr chomh scoilte atá na Stáit Aontaithe. 

Agus cíor thuathail pholaitiúil ag titim amach ag croí na hEorpa, sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe, thapaigh Putin an deis chun ding eile a chur sa tseasmhacht domhanda a d’fhag an Rúis sioctha in áit tánaisteach, seachas ceannasach,  tar éis 1990 le hionraithe míleata i ndiaidh a chéile ar an tSeisnia, an tSeoirsia, an Chrimé, na cúigí ina labhartar Rúisis in oirthear na hÚcráine agus, faoi dheireadh, an Úcráin féin. 

Seo anois é ar bhruach an duibheagáin agus é ag caint go bagrach, fé mar a labhair deachtóirí roimhe, faoin dtromaíocht atá á déanamh ar an Rodina/An Mháthairthír.  “Cad is fiú an domhan gan an Rúis ann?” Níl an Rúis faoi bhagairt ó aon tír eile.  Níl aon arm ar a theorainn, é ullamh le hionradh a dhéanamh ann.  

Tá gearáin á ndéanamh go bhfuil ballraíocht in Eagras Chonartha an Atlantaigh Thuaidh (ECAT/NATO) don Úcráin agus do thíortha eile a raibh faoi chois, gabh mo phardún, faoi anáina Sóivéidí ar feadh an Chogaidh Fhuair ach níor dhein ECAT tada ach na doirse a oscailt, fé mar atá déanta ag an Aontas Eorpach, agus is é lámh láidir na Rúise atá ag brú a seantíortha i dtreo na ndoirse sin. 

Nuair a chuireann daoine ceist ansan faoi cé acu ar cheart bheith neodrach faoi chogadh atá le teacht, deirim go bhfuilimíi lár tréimhse cogaidh anois. 

Ní féidir bheith neodrach i gcogadh nuair atá tú faoi ionsaí agus ní gá dúinn ach eachtraí tús mhí Feabhra a lua nuair a bhí an Rúis ag iarraidh ‘cleachtaí cogaidh’ a chur ar siúl in uiscí chríocha na hÉireann siar ó dheas ó Bhaile Chaisleáin Bhéarra.  Buíochas le Dia as ucht iascairí na hÉireann a thug orthu dul níos faide amach san Atlantach.  Ach ná bíodh dul amú orainn, ba bhagairt dhíreach dhúinn is don Aontas Eorpach a bhí i gceist. Chuir sin an cat i measc na gcolúr. Is mó arís an bhagairt nuair a thugaimíd faoi ndeara an méid atá tite amach le seachtain nó dhó. 

Is é an méid a léiríonn crógacht na dtrodairí san Úcráin, is a léirigh iascairí na hÉireann, gur féidir ollchumhacht a chur ar mhalairt treo.  Tá cuimhne na hAfganastáine is a tharla ann idir 1979 agus 1989 chomh beo sa Rúis is a tharla ann go dtí Lúnasa seo caite i meon na Meiriceánach. 

Níl a fhios agam an féidir linn bua míleata a bhaint amach in éadan na Rúise agus a gcuid diúracán núicléach is na fomhuireáin is eile – ach is féidir leis an tír seo seasamh sa tslí ar an ionradh tre seasamh le tíortha eile lena roinnimíd ár suim sa tsíocháin agus i gcóras na rialacha agus dlí agus oird.  Is féidir linn troid leis an fhírinne in éadan bhréagnuacht na mbolscairí, is féidir linn troid le cros síochánta i gcoinne na cogaíochta fuiltí foréigeanaí.  A Rúis, cad is fiú bheith id impireacht ar thada?

Ar ndóigh ar chúl seo ar fad tá eagla ar an Rúis go slogfaidh an tSín í. Is dragan amplach í an tSín agus suim aici in airgead agus in acmhainní is i dtalamh bhéar na Rúise.  Creideamh sa lámh láidir an rud a cheanglaíonn an dá thír. 

An rud a cheanglaíonn sinn agus an chosaint is tréine atá againn mar thír san Aontas Eorpach ná creideamh in ord an dlí agus rialacha agus in iompar seasmhach diongbháilte neamhghéilliúil.  Ní áirím foréigean ná doirteadh fola – sin an beart in am an éigin. 

Neodrach?  Nílimíd ná baol air.  Is baill sinn den Aontas Eorpach. Is targaid sinn. Cuirimíd uaidh bréagchosaint na neodrachta ar mhaithe le fíorsciath cosanta na comhghuaillíochta lenár gcáirde a thuigeann an domhan mar a thuigimíd.

Close
Close