Tuairimí na dTráchtairí: Cogadh na Síntí Fada

Tá Meon Eile ar ais an tseachtain seo leis an tsraith 'Tuairimí na dTráchtairí' ina labhraíonn muid le tráchtairí aitheanta mar gheall ar ábhair thráthúla.

An tseachtain seo, is é ‘Cogadh na Síntí Fada’ atá á phlé ag Dónall Mac Ruairí agus Siún Ní Dhuinn.

Rinne Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí cinneadh le déanaí a deir nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú go mícheart tríd an síneadh fada a fhágáil ar lár.

Tugadh an rialú tar éis fiosrúchán a d'eascair as gearán a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh leis an Choimisinéir faoina ainm a bheith á litriú go mícheart ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Banc na hÉireann.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Banc na hÉireann gur cúrsaí teicneolaíochta is cúis le hainmneacha a bheith á litriú acu gan síntí fada.

Ach tá sé ráite ag Oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach “ceart absalóideach” é go mbeidh d’aimn litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

An é nach bhfuil an cheist seo ach ina tús?

Labhair Meon Eile le Dónall Mac Ruairí agus Siún Ní Dhuinn lena dtuairimí a fháil ar an ábhar…

Close
Close