Cogadh an Gheimhridh san Úcráin ach an tEarrach ar an tslí

Frank Reidy 

Is iar-cheannfort airm agus tráchtaire é Frank Reidy a chaith 25 bliana sna Fórsaí Cosanta in Éirinn agus i gcéin san Afraic agus sa Mheánoirthear.   

Ní mhaireann aon phlean míleata théis dul i ngleic leis an namhaid den chéad uair agus tá tú i gcruachás muna bhfuil tú in ann tiontú go gasta tar éis aon chéim ar gcúl.

Is iomaí seanphort míleata atá dulta i léig ach i gcás chogadh na hÚcráine tá na seanráite chomh fíor inniu is a bhíodar riamh. Bhí cuma theanntasach bhuacach ar fhorsaí Putin, lena scuainí fada tancanna, carrana armtha, diúracháin agus eitleáin troda. Cheap na Rúisigh go ngeilleadh arm Zelenskyy ar an toirt; iad scantraithe nó cloíte roimh an mbéar mór ón oirthear. Ní sin mar a tharla.

Is cinnte nach raibh a stair léite ag Putin nó ní raibh Winter on Fire: Ukraine’s Fight for Freedom (atá fós ar Netflix) feicthe aige ach an oiread. Ba léir ón scannán faisnéise ar a tharla thart ar chearnóg Maidan i gCív sa mbliain 2014 nach ngeilleadh pobal na hÚcráine. Bhí formhór aghaidheanna na tíre dírithe ar an Iarthar agus ar an Aontas Eorpach le hainmhian agus le mórtas. Níos faide soir agus níos gaire don Rúis bhí an Donbas i mbearna bhaoil sciobtha - rud a tharla.

Bhí Putin cumhach ag smaoineamh ar a ‘shean laethanta grianmhara’ agus an tAontas Sóivéadach i mbarr réime agus eisean ina ghníomhaire KGB. De réir a chéile, le cleassaíocht nó le fórsa bheadh an Rúis in ann ‘dorchadas réanna Gorbachev agus Yeltsin’ a chaitheamh i dtraipisí. Muna mbeadh na seifteann éifeachtach bheadh foréigean nó bagairt nirt in ann muintir na hÚcráine a bhogadh soir ar bhóthar a leasa. Bheadh an Úcráin arís ag an Rúis agus misneach acu dul siar chomh fada leis tíortha Bhailt gan stró.

Bhí forsaí cosanta na hÚcráine i ndrochchaoi in 2014, cé go raibh spiorad láidir sa tír. Bhí a dtrealamh as feidhm, mar a bhí a gceannairí ón mbarr anuas agus ní raibh a dtraenáil in ann déileáil le bagairt na Rúise.

Le cabhair ó NATO cheannaigh siad luach na mbilliún de threalamh – go mór mór diúracáin le tancanna a scrios agus eitleáin troda na Rúise a leagan go talamh. Chuir NATO traenáil agus oiliúnt ar fáil. Rinneadh atheagrú ar struchtúr na bhforsaí.

Thar aon ní eile, agus rud fíorthábhtachtach sa gcomhthéasc seo, chothaigh na húdaráis cultúr saorálaíochais. Bheadh gach saoránach páirteach go deonach i gcosaint na tire. Bheadh siad réidh agus spreagtha agus spiorad Winter on Fire ina bhfuil agus ina gcnámha.

Bunaíodh gníomhaireacht rialtais le tabhairt faoin tasc géarchéimeach sin. Bheadh cosaint na tíre fréamhaithe sa bpobal mar a bhí sa Maidan. Eagraíodh an Fórsa Cosanta Críche i 20 ceann de bhríogáidí, agus 120,000 sa gcúltaca iomlán.

Má bhí athrú ar struchtúir ann, ba mhó fós an t-athrú ar chultúr ceannaireachta agus ar dhéanamh cinntí sna forsaí. Sa seanchóras ní raibh cead ag na ceannairí ag leibhéal sóisearach cinntí a dhéanamh gan cead ó oifigigh sinsireacha. Fágtar anois cinntí ag an gceannaire i lár an aicsin – bíodh an ceannaire sin ina sháirsint nó ina leifteanant. Moltar tionscanaíocht agus moltar beartanna cruthaitheacha leis an namhaid a scrios. Is an toradh seachas an próiseas croí an ratha. Tuigtear anois go bhfuil rithim an chatha róthapa gan solúbthacht a bheith ann.

Is cinnte go bhfuil buntáiste ag arm ar bith a bhíonn ag troid i gcosaint a gceantair féin ach muna bhfuil an trealamh, an traenáil agus teacticí cuí ag an gcosantóir is gan tairbhe a bheadh friotal spreagúil Uachtarán Zelenskyy.

Is iomaí cor agus casadh atá ar an gcogadh seo. Tá tulleadh ábhar iontais ann fós. Níor ghéill fórsaí an Maidan mar a cheap go leor. Tá crógacht na hÚcráine dochreidithe más fíor an leath nó an ceathrú cuid de na físeáin atá ar ár scáiláin. Tá tancanna criosta agus eitleáin leagtha as éadan. Is coscrach agus is tragóideach cás na ndídeanaithe agus an pobal faoi léigear ar fud na hÚcráine. Tá Putin curtha i láthair mar thioránach cruálach agus tá meas ar an Rúis caillte agus an tír faoi bhrú ag smachtbhannaí. Tá sé ina gheimhreadh fós ach tá an t-earrach buailte linn.

Close
Close