CLG: croithfear lámha arís

Cárthach Bán Breathnach

Maidin Domhnaigh. Buaileann muid an bóthar le chéilé chuig an gcluiche. Tá muid ag caint ar rogha na foirne, ar ráflaí ón gcampa traenála agus plé á dhéanamh againn ar ár dtuar pearsanta don lá amach romhainn. Tá an carr lán, lán le dóchas, le taicticí, le staitisticí agus lán-bhosca de cheapairí.

Tá muid mar chuid d'aon treabh amháin, dathanna an chontae á gcaitheamh againn go bródúil. Muid ullamh le dul in iomaíocht in éindí leo siúd atá ar pháirc na himeartha. Na fir agus mná is fearr ónár gceantar dúchais ag dul chun troda ar ár son. Muidne ag tacú leo le gleo ó na seastáin.

Agus an cath caite agus an fheadóg dheiridh séidte, tá muid lán le gliondar nó tá ár gcroíthe briste. Sin í an chraobh agus dár liomsa níl a shárú le fáil.

Tosaíonn an samhradh leis na babhtaí cúigí, agus críochnaíonn sé le corn i greim lámha ag captaen na foirne buacaí ar sheastán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh. Is sin mar a bhí ariamh. Mar sin is deacair a shamhlú go bhfuil samhradh gan ár gCluichí Gaelacha amach romhainn.

Seans gur le linn na géarchéime seo a fheicfidh muid i gceart an tseoid atá againn sna cumainn CLG, LGFA agus camógaíochta ar fud an oileáin seo. Go bhfuil níos mó tábhacht ag baint leo ná na cluichí a imríonn siad amháin.

Bhí CLG, LGFA agus an cumann camógaíochta mar chuid de na chéad eagraíochtaí a d'fhógair go raibh siad ag cloí agus ag tacú le treoirlínte an rialtais maidir leis an srian a chur le galair COVID-19 i lár mhí Márta. Bhí an ráiteas a rinne siad le chéile soiléir do bhaill na gcumann. Bhí bac ar chluichí, traenáil agus teacht le chéile foirne ag gach grád agus aoisghrúpa. Bhí na treoirlínte céanna i gceist dóibh siúd a bhí ag imirt faoi 8 suas go dtí an leibhéal sinsir idir-chontae.

Cheapfá leis sin go mbeadh obair choistí na gcumann ar athló ar feadh tamall beag ar aon nós. Ach is é a mhalairt a tharla, tháinig clann na nGael le chéile le cabhrú agus cuidiú leo siúd nach raibh in ann cabhrú leo féin.

Timpeall na tíre chonaic muid na cumainn ag tacú leis an bpobal thart timpeall orthu. Chuir siad fógraí ar na stáisiúin raidió áitiúla, ar na meáin shóisialta agus teachtaireachtaí WhatsApp amach ag ofráil seirbhísí do mhuintir an pharóiste. Is rudaí fíor-shimplí a bhí i gceist leis seo; thug siad bia chomh fada leis an doras, thug siad breosla agus páipéir nuachta do dhaoine.

Ach níos tábhachtaí ná na bunriachtanais seo thug siad suaimhneas agus comhluadar do dhaoine a bhí faiteach. Bhrath siadsan a bhí uaigneach, go raibh siad mar chuid den phobal nuair a tháinig baill an chlub ag cnagadh ar an ndoras. Tá na cumainn CLG, LGFA agus camógaíochta ag tabhairt dóchas dúinn ar fad. Agus cé nach leigheas é an dóchas ar COVID-19 teastaíonn sé go géar uainn agus muid ag déileáil leis.

Ní hiad coistí na gcumann amháin a thug ábhar misnigh dúinn. Tá imreoirí agus iar-imreoirí idir-chontae ag tacú leis an bpobal chomh maith. Chuir iar-imreoir Mhaigh Eo David Brady fógra suas ar Twitter, ag rá go raibh sé sásta glaoch ar chur ar aon duine a bhí ag iarraidh comhrá a bheith acu faoi chúrsaí CLG nó cúrsaí an tsaoil fiú agus na cluichí ar athló. Lean imreoirí eile ar fud na tíre David, agus níl dream ar bith níos fearr a thuigeann focal muiníneach ná an t-imreoir idir-chontae.

Tá peileadóir na hArdchathrach Ciarán Kilkenny ag déanamh scil an lae (peil agus iomaíocht) a roinnt le páistí na tíre ar an meáin shóisialta gach lá. Agus tá sé á dhéanamh i nGaeilge chomh maith le Béarla. Seo ceangal agus ábhair spéise do pháistí ar bith atá uaigneach óna gcuid cairde scoile nó baill foirne.

Ba í peileadóir Bhaile Átha Claith Siobhán Killian a bhí ar dhuine de na chéad daoine a labhair amach go poiblí le rá go raibh an galar faighte aici, agus d'impigh sí ar mhuintir na hÉireann fanacht sa bhaile. Teachtaireacht thábhachtach do dhream óg na hÉireann a cheap nach raibh aon bhagairt ag an ngalar seo dóibh.

Tá cumainn agus lucht tacaíochta spóirt ag cabhrú lena chéile timpeall na tíre chomh maith. Chonaic muid ar fad an méid daoine a chabhraigh le Dan Donoher le cúpla seachtain anuas. D'imir Niall agus Aisling Donoher dá gcontae, agus anois tá airgead ag teastáil go géar uathu le cabhair leighis speisialta a fháil dá mac Dan nach bhfuil ach bliain d'aois agus atá go dona tinn.

Thosaigh CLG Ceap na gCur i gCo. Uíbh Fháilí rás sealaíochta 24 uair an chloig ar na meáin shóisialta an tseachtain seo caite le cabhrú leo agus ghlac imreoirí ó beagnach gach contae páirt sa bhfeachtas. Bhí captaen sacair na hÉireann agus laoch Dhún na nGall Séamus Coleman i measc na ndaoine a ghlac páirt i #doitfordan. Tá €1.3 milliún bailithe acu go dtí seo, ach tá mé muiníneach nach stopfaidh clann CLG go dtí an €2 mhilliún atá ag teastáil bailithe acu ina iomláine.

Seans maith nach bhfuil fiú leath ama sroichte againn sa ngéarchéim seo go fóill. Ach tá neart ceisteanna a chaithfear a phlé sula gcaithfear liathróid ar bith isteach lár páirce. Cén chaoi a ndéanfar bainistíocht ar na foirne agus na cumainn agus iad ag teacht ar ais i mbun imeartha? An mbeidh srian ar líon an lucht tacaíochta? An imreofar na cluichí idir-chontae taobh thiar de gheataí dúnta, gan ach ceamaraí na teilifíse agus micreafóin na dtráchtairí raidió i láthair?

Caithfear na ceisteanna seo a phlé, caithfear iad a phlé i measc na mball agus na n-imreoirí. Caithfear  dianscrúdú a dhéanamh air ag leibhéal an chumainn agus laistigh de na móreagraíochtaí agus sa tsochaí i gcoitinne. Déanfar é seo amach anseo, agus gan dabht beidh muid ar fad aireach go mbeidh muid ag cloí le treoirlínte na Roinne Sláinte, agus comhairle na saineolaithe leighis.

Tá mise ag tnúth go mór leis an lá go mbeidh mé i Staid Semple, i bPáirc Mhic Éil agus i bPáirc an Chrócaigh arís. Ach níos mó ná sin tá mé ag tnúth leis an lá gur féidir liom dul ar ais i mbun traenála le mo chlub fhéin.

Tá ár gcluichí Gaelacha ríthábhachtach, tá siad fite fuaite innár gcultúr agus inár bhféiniúlacht mar Ghaeil. Ach mar a deirtear, níl ann ach cluiche. Tá sláinte na ndaoine agus ár bpobail níos tábhachtaí arís.

Tá muintir na gcluichí Gaelacha ag comhoibriú, tá muid ar fad ar aon fhoireann amháin le chéile anois, tá an geansaí glas á chaitheamh againn ar fad. Tá nasc agus ceangal croí eadrainn agus muid ar fad in adharca leis an namhaid céanna.

Ach le cúnamh Dé beidh ár gcluichí luachmhara ar ais linn an bhliain seo chugainn le comórtais níos fíochmhara ná ariamh. Beidh muid ar fad ag iarraidh ár gcaptaen féin a fheiceáil ar sheastáin Uí Ógáin ag deireadh an tsamhraidh. Agus nuair a bheidh na cluichí thart croithfidh muid lámha a chéile arís.

Close
Close