Cleaschluiche

Ciarán Ó Pronntaigh

Is iomaí cleas a bhíonn ag draíodóirí. Ach ag an leibhéal is ísle, díríonn siad aird an lucht féachana ar rud amháin sa dóigh go dtig leo an cleas a chur i gcrích go formhothaithe áit eile. Níl mé ag rá gur draíodóir é Boris Johnson, nó baineann ceird leis an draíodóireacht ar stáitse, ach tá sé ag teacht i dtír ar an phrionsabal chéanna.

Le seachtainí beaga anuas, ba é freagra gach ceiste ar an rialtas Sue Gray agus a fiosrúchán ar na cóisirí nár chóisirí iad ach obair, mar dhea. D’úsáid gach aire an leithscéal nach raibh siad in inmhe a dhath a rá faoin drochiompar ar eagla go gcuirfeadh siad isteach ar an fhiosrúchán féin. An príomh-aire féin ab fhearr ag an chleas sin. Tá fiosrúchán Sue Gray ar an bhealach agus beidh an t-eolas uilig aici, an mana a bhí acu.

Bhí chóir a bheith seachtain ann nuair a bhí an fiosrúchán ar tí a bheith ar fáil le gach uair an chloig. Bhí tuairiscí ann nach raibh ach na sínte fada le cur isteach agus ansin, tháinig scéala faoi chóisir eile. Ansin, mar a bheadh saighead as spéir ghorm ann, tháinig an nuacht go raibh an Met ag dul a bheith a dhéanamh a fhiosrúcháin féin. BAM! Sin an cleas déanta. (Is fearr mar a oibríonn cleas an draíodóra mura mbíonn a fhios againn go mbíonn cleas ann ar chor ar bith).

Sin an Met céanna a dúirt nach raibh siad in ann fiosrúchán a chur sa tsiúl ar rudaí a tharla ‘sa stair’ mura bhfuil fianaise acu, gan a chur san áireamh gurb é ról na bpéas fianaise a bhailiú faoi choireanna a tharla, ar ndóigh, ‘sa stair’. D’iarr siad ar Sue Gray gan sonraí a thabhairt faoi imeachtaí a bhfuil siad féin a dhéanamh fiosrú orthu. Tugadh béim síos do thuairisc Sue Gray agus níltear cinnte cá huair a bheas sí amuigh anois. (Agus mé á scríobh seo, is é an tomhas is fearr go mbeidh rud éigin ar fáil am éigin an tseachtain seo ach cá bhfios?).

Bíonn saolré ag scéalta mar seo – cuireann daoine spéis sa scéal ar dtús mar mhír nuachta, ansin, mothaíonn siad fearg más amhlaidh gur mheas siad go ndearnadh éagóir. Ansin, bítear ag súil le réiteach éigin, tugtar bata agus bóthar don té a rinne an rud as cosán nó éiríonn siad féin as. Sa chás seo, bhí tuairisc Sue Gray le teacht. Diaidh ar ndiaidh, cailleann daoine spéis sa rud ar fad. (Maith thú má tá tú fós á léamh seo!). An rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire.

Beidh ceist ann an raibh an Met ag iarraidh lámh chuidithe a thabhairt dá gcara i Sráid Downing. Cad é mar a tháinig athrú meoin orthu maidir le fiosrúchán ar choireanna ‘stairiúla’? I mbeagán focal, spoch siad tuairisc Sue Gray agus thug siad deis iontach do Johnson aird an phobail a dhíriú ar rud éigin eile.

Nach méanar dó go bhfuil trioblóid san Úcráin? Cuireadh sé cúpla míle trúpa anonn chuig tír éigin in NATO agus abhae leis. Ní haon tascfhórsa é ach tógfaidh sé aird an phobail ó na cóisirí, ar ndóigh. Cad é mar a gheobhadh daoine de chroí an príomh-aire a ionsaí agus an tír i mbéal na cogaíochta?

An amhlaidh gur éalaigh Boris Johnson ón bhearna bhaoil arís? Amharcann rudaí níos fearr dó faoi láthair ná mar a d’amharc siad le tamall maith. Sin ráite, tá dochar mór déanta dó agus do na Tóraithe. Fiú má mhaireann sé chomh fada leis an chéad olltoghchán eile, rud nach bhfuil aon chinnteacht faoi, níl an t-údarás aige anois polasaithe a bhrú tríd. Is comhartha sóirt é go bhfuil an Seansailéir, Rishi Sunak, ag tabhairt ‘cáin Boris Johnson’ ar an ardú san árachas náisiúnta atá beartaithe. Beidh Johnson leis féin an chéad uair eile a imíonn sé ó na ráillí.

Agus a lucht na páirte, ná bímis róghasta deireadh a chur le saol polaitíochta Johnson, go fóillín cibé ar bith. Coinnímis i gcuimhne go bhfuil baol ann go dtitfidh Acht na Gaeilge má imíonn sé. Ach ná fanaimis rófhada . . .

Close
Close