Michelle Nic Pháidín
Ceist a ritheann go minic liom ná cad chuige a mbíonn daoine ag iarraidh a bheith i mbéal an phobail?
Seans go bhfuil daoine den bharúil go bhfaigheadh siad aitheantas, airgead, aird agus urraim má bhíonn siad mór le rá, ach is minic nach sin an rud a tharlaíonn.
Is cuimhin liom sna luathlaethanta agus mé ag déanamh saoririseoireacht d’iris Mheiriceánach gur iarradh orm scéal a dhéanamh i mo chontae féin.
Dúradh liom dul sa tóir ar an réalta Sarah Jessica Parker a bhfuil teach saoire aici agus ag a fear céile, Matthew Broderick, i gCill Charthaigh, Co. Dhún na nGall.
Thug an deasc le fios dom go raibh duine i ndiaidh scairt a chur orthu ag rá go raibh an t-aisteoir ar an bhealach go hÉirinn. Bhí mise le bheith ag a teach roimpi.
Thiomáin mé ansin agus mé den bharúil gur ag cuardach suaimhneas intinne a bheadh an réalta agus í ag tógáil sos óna saol gnaitheach i Meiriceá. Níor luigh sé liom go rómhaith go mbéinnse ag cur isteach ar an suaimhneas sin.
Chuir mé scairt ar dhaoine ón cheantar a bhí ar m’aithne agus cé nár iarr siad orm gan a theacht, mhol siad dom fanacht siar ón teach agus a spás a thabhairt di.
Labhair siad fúithi go ceannúil. D’inis daoine dom go raibh sí ar an phortach leo, labhair daoine eile fúithi a bheith ag imeachtaí pobail agus dúirt gach duine ar labhair mé leo gur bhean ghalánta í.
Tharraing mé isteach ar an láthair. Teach beag bídeach a bhí ag an lánúin, é ina shuí ar an bhinn ag amharc amach ar fhiantas an Atlantaigh. Bheadh luach maith ar an scéal dá bhfaighinn é ach bhí mé cutha in ísle brí ón mhéid a dúirt muintir an cheantair liom. Ní raibh mé ag iarraidh cur as do SJP agus í ag éalú ó na meáin.
Níorbh fhada gur thosaigh mo fón ag preabadh. An deasc i Meiriceá a bhí ann. Chinntigh mé leo go raibh mé ag an teach. Tugadh an t-ordú dom dul go dtí an doras agus ceist a chur an bhféadfainn labhairt léi. Tugadh liosta ceisteanna dom ab fhiú a chur.
Le croí trom agus béal tirim shiúil mé go dtí doras gorm an tí. Bhí comharthaí i ngach áit ag rabhadh gur talamh príobháideach a bhí ann. Níor chuidigh seo liom agus coiscéimeanna troma a thógáil agam suas an cosán.
Bhuail mé cnag ar an doras agus d’fhan mé. Níor fhreagair duine ar bith mé. Mhothaigh mé mo chroí i mo chuid cluasa. Bhuail mé arís é agus leis sin tháinig girseach bheag a raibh gruaig fionn uirthi go dtí an doras. Bhí t-leine oráiste uirthi agus aoibh an ghrinn buailte ar a gnúis bheag dhóighiúil.
D’amharc mé síos agus d’fhiafraigh mé di an raibh Sarah Jessica Parker sa bhaile. “Níl,” a dúirt sí i gcanúint Mheiriceánach. Thiontaigh mé ar mo sháil agus shiúil síos an cabhsa. Bhí mo chuidse den mhargadh comhlíonta agam mar gur bhuail mé ar an doras. Ní raibh faic eile a d’fhéadfainn a dhéanamh.
Chuir mé scairt ar an deasc agus d’inis mé dóibh an méid a tharla. Is cosúil nach raibh siad sásta ach ní raibh rud ar bith eile a thiocfadh liom a dhéanamh. Bheadh iriseoirí ann a dhéanfadh níos mó iarrachta ná mise ach ba chuma liom.
An lá dar gcionn fuair mé scairt ó ghrianghrafadóir ar éirigh léi pictiúr den réalta a fháil agus í amuigh ag siúl. D’fhiafraigh mé di an raibh Sarah Jessica Parker sásta gur tógadh na grianghraif
“Is cuma liom,” a dúirt sí, “sin an praghas a íocann tú agus tú i mbéal an phobail, nach ea?”
Is iomaí uair a ritheann smaointe an lae sin liom agus arís agus arís eile bím buíoch nach bhfuil mé i mbéal an phobail, nach bhfuil duine ar bith ag bualadh ar mo dhoras, go dtig liom siúl fríd bhailte na contae agus na tíre gan grianghrafadóirí a bheith ag tógáil pictiúirí díom agus ag cur isteach orm.
Ba chóir duinn uilig a bheith buíoch nach bhfuil aithne ag mórán ach ár gcairde orainn. Is cinnte gur fearr saol suaimhneach ar bheagán ná saol gnaitheach ar mhórán.