Michelle Nic Pháidín
Ní thig a shéanadh go bhfuil ceist na hinimirce ina cogadh dearg i láthair na huaire. Is ceist chonspóideach é agus is deacair do dhaoine a dtuairim a nochtadh gan easaontas a chothú.
Nuair a dhéantar amhlaidh, bíonn daoine ann a deir go bhfuil tú claonta leis an eite chlé nó an eite dheas mar gheall ar do dhearcadh. Tá go leor daoine oilte nach bhfuil sásta focal a rá faoin mhéid atá ag tarlú de bharr an mheoin seo agus ní bheinn anuas orthu dá bharr.
Níl agat ach amharc ar na meáin shóisialta leis an fhianaise a fheiceáil - gach aon duine ag caitheamh anuas ar an duine eile de bharr nach bhfuil siad ar aon tuairim leo agus an chuma ar an scéal nach bhfuil aon idir eatarthu ann.
Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na ndaoine atá i ndiaidh a theacht isteach chun tíre ach an bhfuil an t-infreastruchtúr láidir go leor le go dtig linn uilig brath air? An bhfuil na seirbhísí sláinte agus eile ábalta déileáil leis an bhorradh seo? Is cinnte nach bhfuil go leor tithe ann agus is dá dheasca sin atá an cíos mar atá.
De réir alt san Irish Times i mí Márta na bliana seo is inimircigh 40% de dhaoine atá ag obair i réimse na teicneolaíochta faisnéise. Tá féidearthacht ann go bhfuil na fostaithe seo ag saothrú thart ar €90,000 sa bhliain agus íocann siad cáin, rud a théann chun sochar na tíre.
Is ó thíortha eile cuid mhaith de na daoine atá ag obair sna hotharlanna chomh maith. Déarfainn go bhfuair go leor de na daoine atá fostaithe iontu le cúpla bliain anuas a gcuid oiliúna sa tír seo, rud a chuireann, arís eile, le ciste na tíre.
Mar sin de cad chuige a bhfuil daoine ag gearán? An é go dtáinig barraíocht daoine isteach chun na tíre ar na mallaibh?
Léiríonn staitisticí go bhfuil ardú suntasach ann le bliain anuas. De réir figiúirí ón Phríomh-Oifig Staidrimh, tháinig méadú 98,700 ar dhaonra na hÉireann i dtréimhse dhá mhí dhéag go mí Aibreáin 2024 - an méadú is mó ó bhí 2008 ann.
Ar an iomlán, tháinig 149,200 inimirceach isteach go hÉirinn, an líon is airde le seacht mbliana déag. Léiríonn an taighde go raibh 30,000 de na daoine a tháinig isteach ag pilleadh abhaile, bhí 27,000 acu ina saoránaigh den Aontas Eorpach, tháinig 5,400 ón Ríocht Aontaithe agus tháinig 86,500 ó thíortha eile.
Caithfear a bheith airdeallach chomh maith gur fhág 69,000 duine an tír taobh istigh don tréimhse chéanna, gur rugadh páistí agus go bhfuair daoine bás. Bhí daonra Phoblacht na hÉireann ag 5.8 milliún i mí Aibreáin 2024.
Tá sé soiléir ó na staitisticí thuasluaite go bhfuil méadú mór ar dhaonra na tíre agus is féidir a admháil go mbeidh fadhbanna ann dá bharr. Tá an chuma ar an scéal gurb amhlaidh atá i dtíortha eile na hEorpa chomh maith.
Feictear go bhfuil achrann a thógáil ar an mhór-roinn agus go bhfuil athrú ag teacht ar mheon agus ar shaol na polaitíochta mar gheall air.
Ach ag deireadh an lae, ní cuma cé acu ón eite chlé nó ón eite dheas thú níl ach réiteach amháin ar fhadhb na tithíochta, ar fhadhb an infreastruchtúir agus ar fhadhbanna eile a bhaineann le seirbhísí na tíre: is é sin go gcaithfidh an Rialtas iad a réiteach mar is acu sin amháin atá an chumhacht lena dhéanamh.