Caisleáin óir geallta ag Trump?

Ciarán Ó Pronntaigh

Níor chuir Bernie Sanders fiacail ann. Thréig na Daonlathaithe an lucht oibre agus níor thuill siad bua san fheachtas uachtaránachta, a mhaígh sé. Cháin sé chomh maith an polasaí a bhí ag Harris carte blanche a thabhairt do Netanyahu agus na hionsaithe gan chríoch ar Gaza. Ach an bhfreagraíonn ráiteas Sanders na ceisteanna uilig atá an páirtí a chur air féin i ndiaidh thubaiste 2024?

Fáilteoidh daoine ar an eite chlé roimh a thuairimí. Is scéal cinnte é gur thiontaigh sciar áirithe de vótálaithe ar shiúl ón pháirtí mar gheall ar an chinedhíothú in Gaza agus thug cuid acu vóta do Trump, go háirithe i stáit idir eatarthu mar Michigan. Is spéisiúil go bhfuil lucht na heite clé ag cur friotal ar an mhíshásamh le bunaíocht an pháirtí chomh luath seo, ag rá go láidir nach bhfuil an páirtí i dtiúin le riachtanais an phobail.

Bhí níos mó i gceist le bua Trump, ar ndóigh. Chuir Biden an bhunobair isteach i ndiaidh COVID leis an gheilleagar a fhás agus bhí ag éirí leis, ach ní gasta go leor don ghnáthdhuine. Bhí praghas na siopadóireachta ag ardú agus mhothaigh daoine sin ina gcuid pócaí. Mar a tharla ina lán tíortha, tugadh bata agus bóthar don rialtas a bhí i gcumhacht i ndiaidh COVID agus toghadh rialtas a bhí pobalach agus a thairg réitigh fhurasta le sluaghairmeacha simplíocha.

Cad é atá i ndán do na Stáit mar sin agus Trump ag cur a rialtais nua le chéile? Beidh imní ar dhaoine áirithe go bhfuil ainm RF Kennedy, duine a bhí glórach in éadan na vacsaíní le linn COVID, luaite le sláinte ach, ar an lámh eile, tá ardmheas ar an Cheann Foirne nua, Susan Wiles, mar dhuine stuama i lár na stoirme. Cé gur shéan Donald Trump aon bhaint a bheith aige le Project 2025, clár a cuireadh le chéile le cearta an ghnáthdhuine a mhaolú, más fíor, is léir go bhfuil sé faoi gheasa ag na billiúnaithe a chuidigh leis agus a bhfuil a mianta féin acu. Cá bhfios cén damáiste a dhéanfadh Elon Musk, dá mbeadh ról oifigiúil aige, mar shampla?

Agus na torthaí deireanacha fós le teacht isteach, is cinnte go mbeidh na Poblachtaigh in uachtar sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe. Cuir san áireamh, chomh maith, go bhfuil móramh coimeádach sa Chúirt Uachtarach agus tá deis anois ag na Poblachtaigh ar an eite dheis slám mór dá gcuid polasaithe a chur i bhfeidhm. Cuireadh ina leith le tamall go raibh siad ag iarraidh vóta na mionlach a chur faoi chois i stáit idir eatarthu sa dóigh go mbeadh seans níos fearr acu féin. Is cinnte go dtapóidh siad an deis anois in áiteanna mar Georgia gan aon srian polaitiúil orthu.

Ceann de na manaí ba mhó a bhí ag Trump, bhain sé le hinimircigh agus gheall sé go gcuirfeadh sé na milliúin ‘ar ais’. Ach beidh sé doiligh a leithéid de pholasaí a chur i bhfeidhm gan cuid mhaith den lámh láidir a úsáid ar phobail atá imeallach cheana féin. Cén dóigh a mothóidh daoine ón phobal sin agus orduithe ag na péas iad a stopadh nó fiú ruathar a dhéanamh ar a dteach am ar bith, lá nó oíche?

Beidh le feiceáil, chomh maith, cé chomh fada is a rachaidh Trump maidir le cearta na mban a mhaolú trí stop a chur le seirbhísí ginmhillte ar fud na tíre. Ba shuntasach gur vótáil seacht stát as deichniúr ar lá na vótála le cearta seirbhísí ginmhillte a láidriú, fiú i stáit a thug tacaíocht do Trump. In Florida, bhí tromlach ar a shon ach bhí 60% den vóta de dhíth leis an rún a cheadú.

Go hidirnáisiúnta, chuir Trump béim ar an déantúsaíocht Mheiriceánach agus thug sé gealltanas go gcuirfeadh sé taraifí ar earraí ó thíortha eile. Drochscéal don gheilleagar dhomhanda trí chéile a bheadh ann ach tá bagairt níos mó le polasaí eile dá chuid ar Éirinn. Is mian leis na cánacha corpráideacha a ísliú do chomhlachtaí Meiriceánacha lena mealladh ar ais go dtí na Stáit. Ar an drochuair, tá geilleagar na hÉireann ag brath go mór ar líon beag de na comhlachtaí sin fanacht in Éirinn.

Tá na rudaí seo uilig ag brath, ar ndóigh, ar cé chomh heagraithe a bheas Trump an iarraidh seo agus cé chomh céillí a bheas a chuid comhairleoirí gan polasaithe amaideacha deighilteacha a bhrú chun cinn. Gheall sé na caisleáin óir don phobal le linn an fheachtais seo, is baolach go mbeidh daor air mura ndéanann sé an beart go luath do na daoine céanna.

Close
Close