Ciarán Ó Pronntaigh
Dá mbeadh muid ag dúil le faoiseamh éigin ón ghéarchéim atá ag teannadh orainn ó thuaidh le Cáinaisnéis Philip Hammond, is cinnte go mbeadh mearbhall orainn.
Polasaí na déine, ar an drochuair, téama na cáinaisnéise.
Bhí caint ann sular oscail sé a bhosca dearg go mbeadh an Seansailéir ag díriú i dtreo na hinfheistíochta sa gheilleagar.
Ach níl áit Hammond ródhaingean sa rialtas agus bhí an lámh in uachtar ag na guthanna ón eite dheis, an iarraidh seo.
Sin an pictiúr mór, ach cad é faoi na mionsonraí?
Tá an caighdeán maireachtála sna sé chontae i bhfad níos ísle ná mar atá sé i gcuid mhaith d’oileán na Breataine.
Cé gur tháinig feabhas ar chúrsaí i ndiaidh imeacht na teorann, tá tionchar de bhlianta fada tearcinfheistíochta agus cogaíochta greanta fós sa tsochaí.
Má tá amhras ar ghníomhaithe ar son na híosaicme maidir le hoiriúnacht an chórais leasa shóisialaigh nua, an Creidmheas Uilíoch, tá cás níos mó ann go ndéanfaidh an córas nua dochar mór don phobal anseo.
Rinne an Seansailéir cúlú beag nuair a laghdaigh sé an dáta fanachta leis an chéad íocaíocht den chreidmheas uilíoch ó shé seachtaine go dtí cúig seachtaine.
Bua polaitiúil do Jeremy Corbyn, más maith leat, ach is beag cúiteamh é don duine a bheidh ag fanacht le cúpla punt thar an Nollaig.
Tá an próiseas seo á rolladh amach ar bhonn réigiúnach ó thuaidh agus beidh sé críochnaithe faoi Mheán Fómhair an bhliain seo chugainn.
Cheana féin, tá tuairiscí ann faoi dhaoine atá fulaingt mar gheall ar an chóras nua agus éireoidh rudaí níos measa arís.
Maidir leis an gheilleagar, léirigh na figiúirí cáinaisnéise go bhfuil an ráta fáis ag moilliú, ó 2% síos go dtí 1.5% in aghaidh na bliana, agus go leanfadh an moilliú sin go dtí deireadh 2019.
Agus más bocht na figiúirí sin don Ríocht Aontaithe trí chéile, bíodh geall go mbeadh na figiúirí níos boichte anseo.
Instealladh infheistíochta an rud atá de dhíth le difear a dhéanamh ach níl a leithéid ar intinn ag Rialtas Westminster.
Fógraíodh go mbeadh tuilleadh airgid ag dul don NHS i Sasana agus sa Bhreatain Bheag mar aon le ‘roinnt sa bhreis’ do chúrsaí pá na n-oibrithe.
Ach ní raibh aon léaró dóchais do na hoibrithe eile a oibríonn don rialtas, sna scoileanna agus eile.
Is dream iad atá beo ar mhéadú de 1% ina dtuarastal gach bliain, sin ag am a bhfuil an ráta boilscithe ag ardú.
Bliain eile de ghearradh pá atá rompu, mar sin.
Agus cé gur fógraíodh ardú de £660m sa bhlocmhaoiniú thar trí bliana do na sé chontae, beidh páirt le himirt ag an bhoilsciú sa cheann seo chomh maith nó is cosúla le ciorrú é seo má chuirtear boilsciú san áireamh.
Ach bhí rud amháin a luaigh Hammond a shásaigh ar a laghad cuid den phobal.
D’fhógair sé go mbronnfaí stádas ‘City Deal’ ar Bhéal Feirste (cé gurbh é Doire agus an Srath Bán a bhí i dtús cadhnaíochta ag brústocaireacht ar a shon), rud a thabharfaidh níos mó cumhachtaí don chathair agus seans acu níos mó infheistíochta a lorg le rudaí cosúil leis an bhonneagar agus scileanna na n-oibrithe a fheabhsú.
Ag fáiltiú roimh an bheart seo dúirt Ardmhéara Bhéal Feirste, Nuala McAllister, go mbeadh 10 mbliana infheistíochta i ndán don chathair.
Tá go breá, ach tá scáil mhór ar an phlean seo, agus plean ar bith eile a bheas againn.
Níor chuala mé rud ar bith a shuaimhnigh mé maidir le ceist an Bhreatimeachta nó pleananna chun teorainn righin a sheachaint.
Leis an fhírinne a dhéanamh, mhéadaigh mo bhuaireamh.
In ionad £700 milliún a fhágáil ar leataobh le héifeachtaí díobhálacha Breatimeachta a mhaolú (nó le haghaidh Breatimeacht gan aon chomhaontú, féidearthacht atá níos dóchúla de réir a chéile), tá £3 bhilliún curtha in áirithe dó.
Agus tuilleadh má tá sé de dhíth.
Níor mhaith liom scairt chailleach an uafáis a dhéanamh anseo ach ní comhartha muiníne é seo dom go mbeidh toradh maith againn as Breatimeacht.
Cad é atá romhainn, mar sin?
Níos lú airgid, go cinnte, níos lú cinnteachta faoi Bhreatimeacht, cúrsaí polaitíochta ó dheas in aimhréidh, agus leamhsháinn iomlán sa chóras ó thuaidh.
Labhair Philip Hammond cuid mhaith faoi charranna gan tiománaí sa cháinaisnéis.
Is trua nach bhfaca sé an íoróin.