Ciarán Ó Pronntaigh
Tá teorainn nua ann agus tá sí i Muir Éireann. Ceann measartha dofheicthe i ndúlaíocht an gheimhridh agus muid i lár na dianghlasála ach tá sí ann cibé. Thiocfadh leat ceist a chur na tiománaithe leoraí ar cuireadh stop leo agus iad ag iarraidh teacht anseo ón Bhreatain. Nó na suíomhanna siopadóireachta ar líne atá ag diúltú earraí áirithe a chur anseo nó atá ag geallúint moilleanna, ar eagla na heagla. Nó na spásanna ar sheilfeanna i siopaí amhail Sainsbury’s, spásanna atá ag dul i méid i ndiaidh Lá na Bliana Úire.
Seans go dtiocfaidh réiteach ar na fadhbanna seo agus go dtiocfaimid ar ais chuig an staid ag a raibh muid, a bheag nó a mhór, roimh dheireadh na hidirthréimse ach ní thuarfainn sin sa ghearrthéarma. Is é fírinne an scéil go mbeidh sé chomh furasta, nó níos fusa, earraí a fhoinsiú ón Phoblacht nó ón Eoraip.
Dúirt Arlene Foster go dtugann an Prótacal don tír seo, thuaidh agus theas - más maith leat an fhoclaíocht choiteann a úsáid - deis do na sé chontae, cé gur trína fiacla a dúirt sí sin, is dócha. Ní hé seo an réiteach is fearr d’aontachtaithe a bhí ag iarraidh droim láimhe a thabhairt do Bhaile Átha Cliath. Beidh buntáistí ag Éirinn trí chéile nó beifear in ann trádáil go dtí an Bhreatain go saor den chuid is mó.
Is nuair a thiocfaidh earraí an bealach anall a éireoidh an fhadhb. Beidh an Tuaisceart mar chuid den Aontas Eorpach ó thaobh na gcustam de agus déanfaidh sin difear nach beag. Má amharcaimid siar go dtí ré Theresa May mar Phríomh-Aire na Breataine, beidh cuimhne againn gur cháin lucht an Bhreatimeachta an socrú a thug sí abhaile ón Eoraip, an DUP ina measc. Mhaígh siad nach mbeadh an Bhreatain saor i ndáiríre dá gcloífeadh sí an oiread sin le rialacha na hEorpa. Cén mhaith saoirse mura mbeadh cead a cinn ag an tír a cuid rialacha féin a dhéanamh agus margaí trádála ar an mhórchóir a bheartú ar fud an domhain?
Bogfaimid ar aghaidh cúpla bliain agus beidh an brú céanna ar Boris Johnson – seo an t-áiméar le rudaí a shuaitheadh, déanaimis é! Ach seo an áit a dtiocfaidh an crú ar an tairne don DUP: dá fhaide a bhogann Johnson síos an bóthar sin is den riachtanas gur mó a éireoidh an bhearna idir an Bhreatain agus na sé chontae ó thaobh rialacha trádála de. Beidh cead a chinn ag an Aontas Eorpach a gcuid rialacha féin a dhéanamh chomh maith ach beidh ar na sé chontae na rialacha trádála a leanúint.
Tá cuid de na mionsonraí anseo doiléir go fóill agus tá iarracht á déanamh cheana féin ag aontachtaithe Alt 16 den Phrótacal a chur i bhfeidhm le cuid de na deacrachtaí a sheachaint. Ach an bhfuil an buaileam sciath seo rómhall? Nach bhfuil ceann maol na dinge in áit cheana?
Cibé impleachtaí eacnamaíochta a bhaineann leis an staid nua, tá brí shíceolaíoch ag siúl leis. In Éirinn, beidh an fócas níos dírithe ó dheas agus ar an Eoraip nó sin an áit a mbeidh an meáchan eacnamaíochta againn as seo amach. Beidh gá le leibhéal níos doimhne comhphleanála idir an dá chuid den oileán. Feicfear go luath gurb é sin an chéim loighciúil a leanann an socrú nua.
Agus tá an t-athrú meoin le sonrú cheana féin sa téarmaíocht atá in úsáid. An Mhórthír atá againn anois an Eoraip, seachas an Bhreatain. Agus fiú an BBC, bíonn siad ag trácht ar an Bhreatain agus Tuaisceart Éireann agus an teorainn eatarthu. Beidh an teorainn custam ina teorainn meoin sa deireadh.
Is spreagadh é seo do dhaoine atá ag iarraidh Éire Aontaithe a bhaint amach, ar ndóigh. Déarfaidh na soinicithe nach bhfuil sa chaint seo ach caisleáin óir ach tá faobhar ag teacht ar an argóint chomh maith. Tóg, mar shampla, an méid a dúirt David Blunkett, an t-iar-aire Gnóthaí Baile sa Bhreatain agus duine measartha stuama ina chuid cainte. Mhaígh sé go leanann an Margadh Aonair ar aghaidh, a bheag nó a mhór, i dTuaisceart Éireann, rud a léiríonn, dar leis, neamhréiteach sa chaidreamh leis an Bhreatain. Cé nach maith leis an smaoineamh, thuar sé go mbeadh Éire Aontaithe ann i gceann 25 bliana.
Tá daoine ar an taobh seo de theorainn Mhuir Éireann a deir go mbeidh sé ann i bhfad níos luaithe ná sin.