Brexit: Roinnt oibre déanta, cuid mhór eile fós le déanamh...

Micheál Ó Leidhin

Nuair a fógraíodh Dé hAoine seo caite go raibh margadh déanta i gcainteanna an Bhreatimeachta, ba léir go raibh ciall cheannaithe ag na húdaráis san Eoraip agus ag rialtas na hÉireann.

Bhí téacs aontaithe le rialtas na Breataine sa chéad chéim den idirbheartaíocht agus ní raibh Jean Claude Juncker agus a chuid leathbhádóirí chun ligint do dhris chosáin eile cúrsaí a chur ó mhaith arís.

Bhíothas ag obair ar fhoclaíocht sa téacs a thabharfadh sólás don DUP ón Luan roimhe agus ní rabhthas chun dul sa tseans ligint dóibh achrann a tharraingt an athuair.

D’imigh Theresa May go dtí an Bhruiséil faoi choim na hoíche agus bhí deireadh déanta faoin am a bhí an chuid is mó againn ag éirí aniar ar maidin.

Ba léir gur faoiseamh seachas caithréim a bhí sa treis i dtithe an rialtais maidin Dé hAoine.

Reáchtáladh preasócáid ag a hocht a chlog ar maidin agus ainneoin téis an Taoisigh gur geallúintí “bulletproof” iad na geallúintí a bhain leis an teorainn, mhaígh sé, chomh maith, gur ghá a bheith airdeallach sa chéad chéim eile de na cainteanna.

Mar a dúirt sé féin, “Ní hé seo deireadh an phróisis, ach is deireadh an tosaigh é. Béimid ag fanacht go hiomlán gníomhach agus aireach i rith na dara céime, an dréachtaithe agus an daingnithe de na conarthaí nua a bheas riachtanach idir an tAE agus an Ríocht Aontaithe agus le linn a gcur i bhfeidhm.”

Léiriú follasach gur sop in áit na scuaibe, geall leis, é an méid a aontaíodh is ea go bhfuil gach aon taobh ag déanamh gaisce díobh féin.

Tá ceisteanna móra fós ann faoin teorainn atá gan freagairt áfach.

Ina measc sin, tá an seasamh leanúnach atá ag rialtas Shasana nach mbeifear in ann ceist na teorann a réiteach go huile is go hiomlán go dtí go mbeidh an chéad chéim eile den idirbheartaíocht curtha de dhroim seoil, tráth a socrófar cúrsaí trádála idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Ar aon dul leis an méid sin, maíonn an rialtas céanna go leanúnach agus go rialta go mbeifear ag imeacht as an Aontas Custaim agus as an Margadh Aonair chomh maith.

Tá lúb ar lár sa mhéid sin agus beidh gá le teorainn de shaghas éigin idir an dá dhlínse mar sin.

Deirtear sa téacs gur mian leis an Ríocht Aontaithe an dianteorainn a sheachaint “through the overall EU-UK relationship”.

Tá rialtas Shasana ag brath ar shocrú maith trádála amach anseo chun na ceisteanna casta seo ar fad a réiteach ach níl sé pioc soiléir go n-éireoidh leo é sin a dhéanamh.

Cén fáth a mbeadh an Eoraip ag iarraidh margadh maith saorthrádála a dhéanamh leis an mBreatain atá inchurtha leis an gceann atá ar fáil dóibh laistigh den Aontas i láthair na huaire?

Bhí an focal “backstop” in úsáid go forleathan ag Leo Varadkar chun cur síos a dhéanamh ar an socrú seo.

Is é sin le rá gurb í an tuiscint atá ag rialtas na hÉireann go bhfuil cosaint acu sa téacs nach mbeidh dianteorainn ar an oileán seo is cuma cad a tharlaíonn sa chéad chuid eile den idirbheartaíocht.

“Débhríocht intuigthe” go smior atá i gceist sa téacs nó b’fhéidir gur fearr an téarma “fudge” sa Bhéarla.

Díol íoróine go mbeidh an tír seo ina cara sa chúirt ag an mBreatain sa chéad chuid eile den idirbheartaíocht agus é chun leas fadtéarmach na tíre go mbeadh caidreamh chomh dlúth agus is féidir idir an tAontas agus an Ríocht amach anseo.

Bheifí ag súil nach mairfeadh cuid den bhinb agus den ghangaid a bhí le brath le déanaí ó chodanna de na meáin i Sasana i leith cheannairí na tíre seo.

“Dún do chlab!” a spréach The Sun le Leo Varadkar.

“You Irish need to get over yourselves,” a mhaígh Adam Boulton ó Sky News amhail is gurbh é tírín beag s’againne a chruthaigh an phraiseach seo an chéad lá.

Bhí easpa taithí á cur i leith an Taoisigh, leis, agus go raibh a shoineantacht pholaitiúil ag cur na gcainteanna idir an tAontas agus an Ríocht as riocht.

Pé rud a déarfaí faoin rialtas bhí siad leanúnach ón tús ar cheist na teorann agus ar chearta na saoránach ó thuaidh.

Dhealródh sé gur tháinig na ceistanna sin aniar aduaidh ar chuid de na meáin agus den lucht imeachta thall.

Is féidir le Leo Varadkar agus Simon Coveney a bheith sásta leis an láimhseáil sciliúil a rinne siad ar cheist achrannach thaidhleoireachta ach is cinnte go mbeidh tuilleadh dúshlán i ndán dóibh sna míonna atá amach romhainn.

Close
Close