Breatimeacht gan mhargadh ar na bacáin i gcónaí

Eoin Ó Murchú

Tá an Breatimeacht fós idir dhá cheann na meá ach is é an chosúlacht is mó nach nglacfaidh Teach na dTeachtaí in Westminster inniu leis an socrú nua atá ar an mbord.

Is é an deacracht, ar ndóigh, ná an chuid sin den mhargadh a cheanglódh an Ríocht Aontaithe ar fad leis an Aontas Custaim go dtí go n-aontófaí socraithe trádála eile a mbeidh cinnteacht iontu nach mbeidh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann idir an Tuaisceart agus an chuid eile de tír.

An leor na ráitis 'dhlithiúla' atá curtha leis an gComhaontú lena dhóthain feisirí a thabhairt ar son an mhargaidh?

An leor go bhfuil an Ríocht Aontaithe ag rá leo fein go mbeidh cead acu a dtuiscint ar an socrú seo a thabhairt sa todhchaí, más gá?

Tá mé amhrasach go bhfuil, ach arís braitheann an-chuid ar an DUP.

Níl a fhios go fóill cén chaoi a ndéanfaidh siadsan vótáil, ach ag deireadh thiar an gceannóidh na feisirí a vótáil i gcoinne May an uair dheiridh an cur i gcéill nua seo a chiallaíonn rud amhain do Londain is rud eile don Bhruiséil?

Tríd an bpróiseas ar fad tá straitéis May soiléir.

Tuairiscítear go mbeidh timpeall 25 fheisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sásta tacú leis an margadh atá ar an mbord, feisirí as dáilcheantracha a vótáil go láidir ar son an Bhreatimeachta.

Tuigtear nach mbeidh Jeremy Corbyn, ceannaire an pháirtí, ró-bhuartha faoina leithéid de cheannairc.

Mar sin, d’fhéadfadh go n-éireodh le May fiú gan toiliú an DUP dá bhféadfadh sí a páirtí féin a thabhairt léi.

Is é sin go nglacfadh an grúpa ERG leis an bplean: tá an grúpa seo go láidir i bhfábhar an Bhreatimeachta, agus faitíos orthu go bhfuil baol ann go gcuirfí ar ceal é - ach tá cuid mhaith díobh báúil leis an DUP agus leis an seachmall impiriúlach.

Ní fheicim go mbeidh a dhóthain den ERG sásta na hAontachtaithe a thréigean faoi láthair, cé go gcreidim go n-íocfaidh an DUP praghas ard sa todhchaí as Breatimeacht gan mhargadh a chinntiú.

Níl ach cárta amháin fós i lámha May, agus is é sin an bhagairt go bhféadfadh Brexit a chur ar ceal mura nglacfaí leis an margadh.

Feicfimid cé chomh láidir is atá an cárta sin.

Má theipfear an dara huair ar an vóta fónta - an ‘meaningful vote’ mar a thugtar air - beidh dhá vóta eile ann sna laethanta ina dhiaidh.

Ar dtús, vóta go mbainfí Breatimeacht gan mhargadh den bhord.

Níl a leithéid de Brexit ag teastáil ó éinne, ach táid ann arbh fhearr leo sin ná gan Breatimeacht ar bith a bheith ann.

Braitheann sé an ceann sin ar easaontóirí an Lucht Oibre.

Ansin beidh vóta ann faoi shíneadh ama a fháil don phróiseas.

Ach cén fhad agus cad chuige?

Beidh drogal ar an Aontas Eorpach an síneadh ama seo a thabhairt mura bhfuil sé soiléir cén chúis atá leis, mar níl aon mhaith le moill a chur ar an bpróiseas mura bhfuil toradh difriúil le feiceáil dá réir.

Mar a dúirt Juncker, ní bheidh an tríú deis ann.

Níl móramh sa pharlaimint don iarracht le reifreann eile a bhrú, is mar sin is é an toradh is dóchúla sa deireadh thiar ná Breatimeacht gan mhargadh agus teorainn chrua idir an dá chuid d’Éirinn.

Tá sé íorónta gurb é an cúlstad, a cuireadh ann mar gheallúint le nach mbeadh aon teorainn chrua ann, a chinnteoidh an teorainn sin anois mura féidir tacaíocht Westminster a fháil don mhargadh.

Go deimhin, bhí an straitéis fabhtach ón tús.

Mar ní féidir ceisteanna faoin teorainn a shocrú gan a fhios ag aon duine céard iad na coinníollacha trádála.

Ach dhiúltaigh an tAontas Eorpach – agus d’aontaigh rialtas na hÉireann leis – socraithe trádála a phlé go dtí go raibh an Comhaontú um Tharraingt Siar aontaithe.

Mar sin féin, ní chreidim go gcuirfidh rialtas Londan teorainn chrua ar ais in Éirinn.

Fágfaidh siad an gnó sin ag an Aontas Eorpach, agus ag rialtas Bhaile Átha Cliath a bheidh ag féidhmiú faoi orduithe an Aontais.

Ní bheidh ach bealach amháin ansin le teorainn chrua a sheachaint agus is é sin na seiceálacha custaim agus eile a dhéanamh idir Éire ar fad agus an chuid eile den Aontas Eorpach – cineál de stádas speisialta do na 26 Chontae.

Ghoillfeadh a leithéid go mor ar na hEoraidhíograiseóirí ó dheas, agus ní fheicim go nglacfaidís leis.

Teorainn chrua mar sin, ach níl mé cinnte an mó sásaimh dúinn an milleán a chur ar na Sasanaigh nuair a bheadh an teorainn ann, sa chás sin, mar thoradh ar straitéis fhabhtach a chuir muid féin chun tosaigh.

Close
Close