Bréanimeacht - an léirmheas

Concubhar Ó Liatháin

Tá mé bréan den Bhreatimeacht.

Bhí mé bréan den Bhreatimeacht roimh an vóta lán brí - agus, ag an am céanna, gan bhrí - an tseachtain seo cáite agus níl rudaí tar éis éirí níos fearr ó shin. Tá mé chomh bréan den Bhreatimeacht go bhfuilim go hoifigiúil ag athbhaisteadh 'Bréanimeacht' ar an bpróiseas pianmhar seo nach nguífeá ar do namhaid ba mheasa.

I bhfianaise na staire atá, *casachtach béasach*, casta idir an dá thír seo, Éire agus an Bhreatain, b'fhéidir gur chreideas go raibh suathadh agus míshuaimhneas áirithe tuillte ag ár gcomharsain.  

Ba mhaith liom a bheith tuisceanach. Tuigim go raibh vóta sa Bhreatain nach mór trí bliana ó shin agus gur vótáil móramh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ar son imeachta agus gur mhó an móramh ar son imeachta sna náisiúin sin ná na móraimh ar son fánachta i dTuaisceart Éireann agus in Albain. Caithfear imeacht!

Ach tá rúdaí imithe thar fóir. Caithfear rud éigin a rá. Caithfear éisteacht.

Ní raibh aon súil agam leis an méid atá tarlaithe go dtí seo, an scoilt iomlán a chothaigh an cinneadh ar 23 Meitheamh 2016, scoilt atá beathaithe go maith ó shin. Bhí an dream a bhí ar thús cadhnaíochta ó thaobh na Bréanimeachta de ag samhlú go dtarlódh a n-imeacht ón Aontas Eorpach gan aon agó, amhail is go raibh siad ag tiomáint anuas den charr-chaladh in Dover tar éis cuairt ghasta ar an mhór-roinn chun fíon agus cáis a cheannach. Bheadh preab beag mar a bhuaileann rampa miotail an bháid rampa concréide an chalaidh agus as go brách leo.

Táimid níos doimhne san fhaopach bréan sin ná mar a bhí Indiana Jones sa ghaineamh reatha ina eachtra dheiridh. Tá an chontúirt ann go slogfaí sinn sa pholl úd gan bhonn is nach bhfeicfear sinn riamh arís.

Anois bhí sé siamsúil ar feadh tamaill. Mura raibh na polaiteoirí Briotanacha ag poirseáil timpeall ar Westminster, dhéanfaidís cúis sa cheoldráma 'The Greatest Showman 2' agus Boris Johnson in áit na mná féasógaí agus Nigel Farage ina fhear grinn. D'fhéadfadh Jacob Rees Mogg a bheith ina dhraoídóir a chuireann na billiún púnt amú i bhfaiteadh na súl agus is í Theresa May an ceansaitheoir leoin nach bhfuil le feiscint di anois ach dhá bhróg ildaite ag gobadh amach as béal an leoin atá ag lí a chuid beola go cáiréiseach.

Ní chuirim san áireamh na polaiteoirí aondachtacha ar nós Sammy Wilson is a chairde. In ainneoin a mhaíonn siad, is linne iad. Is dócha go bhfuil lucht Shasana a vótáil 'Imeacht' ag caoineadh uiscí a gcinn anois agus iad ag cur aithne ar a gcomhBhriotánaigh ón iarthuaisceart dá n-eintiteas polatúil a raibh ligthe i ndearmad acu. Talamh, dar le go leor, ina raibh an dineasár beo ní rófhada ó shin - agus tá a gcolceathracha polatúla fós beathach.

Ar a gcúl siud tá curfá de charachtair aisteacha atá, is oth liom a rá, ag teacht chun tí againn gach oíche agus ag iarraidh orainn, 'féach orainn, táimid ag leagadh buama faoinár sochaí chun saoirse a bhaint amach - fan go bpléascfaidh sé go bhfeice tú an tsaoirse ar fuaid na miasa!'.

De bharr an fhócais a bheith chomh dian ar an mBréanimeacht tá fadhbanna móra eile na cruinne curtha ar ais ar an tseilf ar feadh seala. An bhfuil aon aird á tabhairt ar an athrú aeráide anois, mar shampla?

Agus mise anseo i gContae Chorcaí, an contae is congáraí den mheánchiorcal, feicim comharthaí sóirt an athraithe aeráide.

Tá na gillíní sneachta ag blathú agus ní fada uainn go nochtfaidh lusanna an chromchinn a bhfoltanna órga. An baol leis sin ná go leanfaidh an fuacht an brothall mínádúrtha luath seo agus teacht dheireadh Feabhra is tús an Mhárta beidh an sneachta is an reó chughainn arís.

Is mó de ghéarchéim an t-athrú aeráide, áfach, i dtíortha eile ina gcruthaíonn triomachtaí agus tuilte bochtanas agus anró. Ach de bharr an Bhréanimeachta, níl ár n-áird an oiread is ba chóir ar na hiarmhairtí básmhara sin. 

Agus sinn ag trácht ar an áthrú aeráide ní mór a admháil go bhfuil an chaint go léir faoin mBréanimeacht ag cur go leor leis an dtéamh domhanda. Agus leanfaidh sin gan amhras.

An mhaidin tar éis an vóta lán brí a dhiúltaigh an margadh a shroich Theresa May leis an Aontas Eorpach, bhí feisire de chuid na dToraithe, sin páirtí Margaret Thatcher, an Príomh-Aire a chuir cogadh ar an Airgintín in 1982 de bhrí gur theastaigh Breatimeacht ón dtír sin ó na hOileáin Malvinas, bhí an Tóraí seo ag gearán faoin gcostas breise a bhí á chur ar shiopadóirí na Breataine de bharr ná raibh cead acu mairtfheoil shaor ón Airgintín a cheannach agus go raibh orthu feoil chostasach as Éirinn a cheannach ina hionad.

Cuimhnigh ar an dturas 8,000km a bheadh ar an steig agus na burgairí a dhéanamh sara sroichfidís an Bhreatain. Beidh stoirmeacha mar gheall ar an athrú aeráide, agus cad a tharlóidh má bhíonn ionradh eile ar na Malvinas?

An é an fhadhb leis an athrú aeráide gurb iad eolaithe is cinnirí stuama atá chun tosaigh ag caint mar gheall air? Níl siad aisteach is grámhar ar nós Bojo agus JRM (féach thuas)!

Níl fiú an oiread céanna ama againn le haghaidh siamsa síoraí an Tí Bháin agus Donald Trump. Mar a dúirt Melvin Udall sa scannán 'As Good As It Gets', “Gabh agus díol 'ar mire' in áit éigin eile - tá ár sáith againn anseo!”

An t-aon sólás atá le baint as an tseafóid seo ar fad ná go bhfuil go leor adhmaid ann le haghaidh scríbhneoirí ailt is colúin is, fiú, leabhair.

Chonac leabhar toirtiúil ó pheann Fintan O'Toole sa siopa leabhar le déanaí, ‘Heroic Failure - Brexit and the Politics of Pain’, agus é lán go clúdach le meafair ag déanamh comparáide idir an méid atá ag titim amach maidir le Bréanimeacht agus scannáin, tubaistí mínádurtha agus iliomad nithe eile nach fiú a áireamh anseo.

Nuair a fhéachaim siar ar an méid atá scríte agam féin, tugaim go leor meafar faoi ndeara mé féin. An bhfuil an aicíd chéanna tolgtha agamsa? Alpóg an Bhréanimeachta - níos marfaí ná Alpóg na bhFear. 

Níor cheart dom a bheith ag magadh is ag déanamh beag den dícheangal tobann - ach ag an am céanna chomh fadalach - idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, tuigim. Beidh iarmhairtí tromchúiseacha ag éirí as dúinn ar fad ó thaobh na heacnamaíochta de, agus maidir leis an tslí a gcaithfimid ár saol. Ní chreidim go n-imeoidh sé gan tásc ná tuairisc ar nós frídín na mílaoise.  

Ach má tá sólás amháin eile le baint agam as an mBréanimeacht, is é nach aon fhógra tarraingteach meallacach é do thíortha eile an Bhreatain a leanacht amach as an Aontas Eorpach fé mar atá á mholadh ag tráchtairí áirithe.

Ar son trócaire Dé, a chomharsana, cuir an Bréanimeacht i gcríoch is lig do gach éinne eile bogadh ar aghaidh lenár saol. Tá saol eile níos fearr agus níos sona ar an dtaobh eile, tá súil agam.

Close
Close